Friday, 19 September 2014

Cén fáth a mbíonn gráin liom leis an 'UK'.....

Tá díomá an-mhór orm fá dtaobh den toradh ar an reifreann san Albain inniu. Ach níl iontas orm ann. Mar chuir an bunú Briotanach/Sasanach imeagla i croíthe duine na méan-aicme is na seandaoine go dtarraingeofaí acmhainní i gcúrsaí gnó dá vótálóidis siad i fabhar le neamhspléachas. Do thug na boic móra as Westminster - Dáibhí, Nick, is an Dáibhí eile - cuairt ar na hAlbanaigh go direach roimh an vóta.....

                                                               
                                             

...leis gealltanais folamha faoi 'DevoMax' - an dílarú is mó.....

'Folamha'? ...Cinnte! Dé bhrí nárbh aontóidis leo ar chor ar bíth na cúlbinseoirí acu i Parliament Westmister....

Agus bhí claonadh nimheanta ag an BBC in aghaidh neamhspléachais mar ba léir é óna tráchtaire polaitiúil Nick Robinson.....

                                               
Ní bheidh muinín agam sa BBC arís, ariamh.....

Ach mar is léir óna scribhínní le Michel Foucault.......

                                                                                                        

is le Franz Fanon....  

                                                                                                          

is leis Émile Durkheim.....

                                              

nach bhfuil leis airm amháin a cuirtear cumhacht polaitiúil leatromach i fheidhm. Oibrionn sé trí struchtúir an Stáit, tríd an riarchán aige, is trí 'cultúr' - sin é, 'conas a mbainimid, sinne, úsáid as nithe' i gcoitinne.

Is ina struchtúr leatromach coilíneach é an 'UK', curtha orainn sna hoileáin seo i dtús báire chun earraí is seirbhísí a sholáthar dosna tiarnaí talún, dosna daoine gnó is tráchtáila - na meán aicme is na h-uaslathaí - i cumhacht i Sasana. Níor raibh sé 'aontacht Stáit' mar a bhfuil i réim sna Stáit Aontaithe i Meiricea. Níl sé ach structúr chun tairbhe do Sasana i gcoitinne agus do Londain go háirithe....

Bionn gráin an-mhór agam ní ar na Sasanigh ina daoine, ach ar an 'UK' ina struchtúr agus ar an cultúr a bhfuil bainte leis.....

mar shampla:



.....agus is Sasana amháin a bhfuil an 'mighty nation'!

Ina háit canaimis inniu, d'áirithe inniu:




ALBAIN ABÚ is Albain neamhspléach, sóisialaí.....is Gaelach!


                                     

Beirimis bua!

Slán go fóillín!

: D xxx...............................xxxx..............................................xxxxx...................................XX..x

Saturday, 13 September 2014

Bunusachaí Abrahamacha

....bhi mé ag féachaint go direach ar clár ar Al Jazeera (English) Live. Bhí faisnéis ann faoi h-iarrachtai le banna ceoil chun ceolchoirm a léiriú i dTeharan. 'S Bird of Dawn an teideal atá air. Do dhiúltaigh an aire cultúr cead a thabhairt doibh toisc go mbeadh mna ag amhránaíocht i rith an ceolchoirme, rud nach mbeadh dleathach san Iaráin...... Cén fáth? ...ar an ábhar go meallfadh gúth baineann éisteoirí fir go gnéasach...agus ní ciall a rá gurb  peacacha iad mothúcháin gnéasacha, nach ea?.....

Bhí mé ag éisteacht aréir le taifeadah ar líne seanmóra i seipeal Baisteach i dtuaisceart na hÉireann ina raibh téama ann faoin gá ullmhúcháin a dhéanadh le 'buailadh leis an Tiarna' i ndeireadh ár saoil. Ba doigh gur bhain an seanmóirí úsáid as grianghraif chun an téama a soiléiriú. Ba grianghraif 'greannmhara' iad de réir dealramh; mar go raibh an pobal ag gáire....Ach ba doigh liom gur faoin 'amáideacht' iad ag mná-tiománaithe i gcoiteann....'S ina amadáin iad na mná, nach ea?....

'S seafóideach é seo, amach is amach, is maslach ar mná - ponc.

Ach is diamaslach é freisin: diamaslach de bhrí gur

Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin,
ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é.
Fireann is baineann is ea a chruthaigh sé iad

Is ina 'bunusachaí' iad na ceannairí san Iaráin agus iad léamh an Corán. Is trí spéaclaí cultúir na seachtó aoise a léann siad é. Ní nglacann siad gur éabhlóideach é an cultúr, gur orainn inár creidmigh an éabhlóid seo - éabhloid gan stad - a cheiliúradh, is sin in ainm Dé. Tá tuiscint níos iomláine, dá bharr sin, ar téacsanna an Bíobla, ar scríbhinní soiscéalacha, is ar an Corán mar a gcéanna.....

B'amharach mise go raibh Alex Jones i measc mo mhuinteoirí sa diagacht scriptúrha agus mé imo h-óige. De toradh a theagasc, léann mé inniu an Tanakh (Torah - an Dlí Mhaoise, Nevi'im - na Fáithe, Ketuvim - na Scríbhinní), na scríbhinní soiscéalacha, is an Corán Naofa leis an buntaistí a bhainim as léirmheastóireacht nua-aimseartha seo....

                                                   
                                                                      Alex Jones

Agus tá diagairí moslamacha - mná is fir - a léann an Corán leis an tuiscint éabhlóideach céanna. Ina measc scríobh Amina Wadud: Qur'an and Woman (as Béarla, New York/Oxford: OUP, 1999) agus Abdulladh Saeed: Interpreting the Qur'an (as Béarla, London: Routledge, 2006).

Bíonn meas agam ar na bunusachaí mar daoine - Moslamaigh is Críostaí araon, cinnte. Ach níl aon chuid den ceart acu ar chor ar bith agus iad smacht is eagla a choinneáil ar daoine eile - uaireanta ar pobail iomlana - agus sin 'in ainm Dé', an Dé Abrahamach. Ní ceartas ní grá, ní lúcháir ach oiread ina cuid cainte. Cuireann siad, mar shampla, eagla ifrinn ar daoine cé nach bhfuil ann ach tróp cainte chun áiteamh ar na éisteoirí a iompair iad féin mar is ceart.

In áit a léargais diamaslach faoinár scríbhinní naofa, seo anseo, mar shampla, an spéacla ónár gcultúr tríd is féidir linn Dia grámhar, gnéasach, lúcháireach a fheiceáil mar a mbíonn (sé nó sí nó an dá chuid le chéile), agus a bhriathar a thuiscint mar is ceart!



Slán go fóillín!

; D xxx........................................xxxxxx.......................................................x........................X

Sunday, 7 September 2014

ALBAIN ABÚ!





's ro-luath é toradh reifrinn a thomhas fós. Agus níl breith a dhéanamh ann ach leis an pobal iomlán san Albain, cinnte. Mar sin féin is '' an toradh a bhfuil tnúth agam leis agus mé imo Ghaeil a mbím imo chónaí i Sasana.....

Cén fáth?......

D'ainneoin gur thug formhor na Éireannaigh-Learphollaigh a tacaíocht don pholasaithe ag an 'Irish National Party roimh 1922 - chun Éireann a bhfanacht páirteach san Impireacht Briotanach - nach aontaim leo ar chor ar bith. 'S doigh liom nach raibh an Impireacht 'Briotanach' riamh ach 'Sasanach'. Ní maith liom ach oiread leis an teideal 'United Kingdom' nó 'The UK' a mbíonn i mbéal na daoine sa dar leath den aois seo caite. Tá blás caithréimeach Sasanach ann.....

Sna h-ochtidí léigh mé cupla leabhar faoina pobail ceilteacha san Bhreatain Mhór. B'as Béarla a bhfuil siad; ach a mbíonn a tionchar go láidir orm fós. Is Internal Colonialism an teideal ar aon cheann acu agus The Break-Up of Britain ar an dara ceann. (Internal Colonialism, le Micahel Hechter, London: Routledge & Keegan Paul, 1975; is The Break-Up of Britain le Tom Nairn, London: Verso, 1981). 'S léir é, de na teidil ag an beirt acu, an téama coiteann ag an bheirt. Níor raibh sé ach ina aisling dodhéanta ag an am sin........

Ach an lá inniu?......




An dtiocfaidh ár lá - deireadh leis an Ríocht Aontaithe  - faoi dheireadh?....

Mo leithscéal don amhrán seo as Béarla!.....ach b'fhéidir go mbeidh leagan Gaelach go luath?




Slán go fóillín!

ALBAIN ABÚ!

Saturday, 30 August 2014

Déanaimis an réabhlóid.......Anois!

D'fhéach mé ar físeán ar 'you-tube' le Manchán Magan, an seachtain seo caite, ina rinne se tagairt don theacht Críostaíochta go Éirinn. B'é fada an lá roimh teacht Pádraig, cinnte. B'fhéidir ba trádalaí ón Mheánmhuir a iompaigh an idé-eolaíocht nua ann. B'ann a gheofaí na fréamhacha ag 'Críostaíocht Ceilteach' más fíor, Críostaíocht rúndiamhrach is ceangailte go dlúth leis an dúlra...

Mmmmm?.....mo leithscéal ach níor aontóinn leat dá bheadh sé ido thuairim!

B'idé-eolaíocht í an críostaíocht ag an am sin, ina h-idé-eolaíocht giúdach a raibh faoi géarleanúint air leis an Impireacht Rómhánach - mar go raibh na Giúdaigh faoi leatrom i gcoitinne. Níor raibh sé de thaisme a chuir an fógra maslach searbhasach ar an cuaille a thairneálaigh siad Íosa as Nazareth ann: Jesus Nazaraenus Rex Iudaorum/ Íosa as Nazareth, Rí ag na Ghiúdaigh. Ba chun é a magadh faoi, is na Giúdaigh mar pobal freisin a scriobh siad an fógra. Níor raibh an Chríostaíoacht - dar leo - ach ina Giúdachas réabhlóideach ar tharraing smacht brúidiúil uirthi féin mar ar Abrahamachas d'achan sort faoi chóras impiriúil.....

Mar sin féin ba gearr go thosaigh mic léinn an idé-eolaíocht céanna - réabhlóideach - a ghlacadh, agus, ar cosúlacht leo, na hintleachtaí sna ollscoileana in Antioch (san tSír) is in Alexandria (san Éigipt), mar shampla. B'an Gréigis i an teanga is tabhachtach san Mheánmhuir - i gnó is trádáil, san eolaíochcht agus d'áirithe sa fealsúnacht - mar go mbíonn an Béarla inniu.....is an tSínis amárach! Do bhí i nGréigis freisin a bhí an fógra a chroch siad os chionn Íosa. Ba meon réabhlóideach ag Íosa, mar go raibh sé anchoitianta i 'nGalailí ag na Págánaigh' sa tráth sin. B'ina chontuirt a bhí sé don impire. Dá bhrí sin as Gréigis - ina lingua franca - a scriobhadh an fógra.....

Ba gearr, áfach, go raibh malairt ar an tuiscint réabhlóideach faoi Críostaíocht i measc na h-ollúna sna ollscoileanna thart timpeall an Mheámhuir. Do bhí fealsúnacht de réir Platóin a bhí i réim ann, ina fhealsúnacht 'frith-ábharach' amach is amach í. Bhí drochmheas ann ar an corp is ar gnéas is, go háirithe, ar giniúint daonna. Dá bhrí sin do chuir na fealsúna béim - de cóir a bheith go leithleasach - ar spiordáltacht ina raibh a fhócas ar 'beatha an anama'. Do bhí tuiscint ar Chríotaíocht de réir na fealsúnachta. sin ar thug na trádálaí Mheánmhuirí go hÉirinn. Agus, mar a duirt Manchán Mangan, ba tionchar na manaigh Éigiptigh, iad gráiniúil faoin corp agus i ngrá leis neamhábhrachás, a bhí an tionchar is mó ar thug na trádálaí leo.....

Bíonn tionchar ag an fealsúnacht Platónach ar an Críostaíoacht fós i measc na nGaeil: sa 'Centre for Celtic Spirituality' san Eamain Macha, mar shampla.

                   
                                     
......Bíonn tréise láidir ann ar:
                                     

Rediscovering Christian Roots

Living Simply 
In Harmony with Nature
Without Judgement of Others
‘Ancient Roots for Sacred Living’                                                 

                                               A Random Image


Is rúndiamhrach é......neamhábharach......faoin saol as radharc.....faoin saol eile.......

'S géarchúis tabhachtach é an géarchúis Gaelach fá dtaobh den saol eile. Ach níorbh ionnan é sin leis an fealsúnacht Platónach. Cinnte, do bhuail an dara ceann leis cultúr na nGaeil mar ionfhabhtú de shórt éigin air. In áit Íosa a haithint ina laoch réabhlóideach, do chuir an spioradáltacht ag na maniaigh ar ceal laochra na nGaeil is na miotais futhu. Rinne scitsifréinacha sinn an fealsúnacht seo: b'ar aon taobh amháin ar sheas ár sinsir an fód i gcoinne leatroime ach ar an taobh eile a ghéill siad do heaspaig impiriúila mar go raibh Pádraig. Do bhain siad sult as pléisiúir na colainne, ach ag an am céanna ghlac siad go raibh siad 'ciontach' de réir caighdeán Platónach ag na manaigh!

Tá orainn, inár nGaeil Críostaí an lae inniu an fealsúnacht sin a sharú go hiomlán le go féidir linn an réabhlóid Abrahámach a chur chun cinn.......'Ní tír gan teanga'? Cinnte!.......ach ní saoirse gan an réabhlóid Abrahámach ach oiread.......is sa saol álainn ábharthach seo!




Monday, 25 August 2014

.....jihad: 'friotaíocht'.......



                                                



Scríobh mé blág as Béarla fá dtaobh den Jihad (جهاد‎ ) ar na mallaibh ( 's féidir leat é ar fháil ar http://thoughtsfromkirkby.blogspot.com ).

 'S mo thuairim go mbíonn míthuiscint forleathan faoi san Iarthar. Is téarma an tabhachtach é, as an Córan Naofa é; as Araibis a mbíonn sé. Tá alt simplí faoi i Wikipedia ( http://en.wikipedia.org/wiki/Jihad). Sa Córan, is do dhicheall a dhéanamh é chun ríochta Dé a chur chun cinn. 'S mar a gcéanna é le go dtaga do ríocht, go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh...a deireann Críostaíthe ina milliúin achan lá. Dá bhrí sin, is inár jihadaí sinn go léir, inár creidmhigh Abrahámacha. inár mujahideen (مجاهدون) sinn. Agus níl an toil Dé ach an dicheall a dhéanamh leis an cheartas simplí is an ghrá - is i mbunsraitheanna iad ag an saol abhus is anall, iad a chur chun cinn.

Sin é.....go shimplí!

Ach ar an taobh eile den scéal, ar an taobh diúltach más maith leat, tá an téarma Arabach: Jahiliyyah  ( جاهلية). Is aineolas ar chomhairle Dé é an chiall ann, aineolas ar cheartas is ghrá mar bhunphrionsabail ag achan sochaí, ag acahn comhluadar, ag achan gaol eadrainn. Is 'jahiliyyach' é achan sochaí a bunaítear ar saint is foréigean - an sochaí caipitlíoch is (sin é a cheapfá) 'An Stát Ioslamach'......an dara ceann den bheirt acu comh fada agus is féidir linn bolscaireacht sna Iarthar a chreidiunt. 

Bunaítear polasaithe na riarcháin san Iarthar ar diultú praiticiúil don cheartas is don ghrá mar bunphrionsabail polaitiúil, ar realpolitik mar a deirtear. Agus bíonn 'Stát Ioslamach' faoi tionchar cultúr paitriarcach brúidiúil - mar go mbíonn An Stát Iosrael' mar a gcéanna. Is Jahiliyyah  (  جاهلية‎ ǧāhiliyyah/jāhilīyah ) an triúr acu....Bíonn orainn an foid a seasamh ina aghaidh......Is inár ndualgas é  Jihad a dhéanamh ina gcoinne. Ní féidir linn ar theacht chun comhghéilte leo....

Is Sayyid Qutb (1906-1966) é imo threoraí faoin Ioslamachas. B'ollamh san Éigipt é Sayyid. Do bhásaíodh sé, chrocaithe, sa sraide i gCairo, faoin údarás an rialtas mileata. Do scríobh sé trachtas ar an Córan Naofa agus é i bpríosún. Tá cóip agam de as Béarla inár seomra staidéir - tá na 18 imleabhair acu go bródúil ar barr na seilfeanna ann........

B'ina mhairtíreach Abrahámach é Sayyid Qutb, anois i bParthas....




Síocháin libh!

السلام عليكم

xxx...................................................xxxxxx....................................................xxxxxxxxxx

Abú na palaistInigh!



Thursday, 14 August 2014

'S álainn an colainn atá agat, an colainn a mbíonn thú

Chaith mé an tráthnóna inniu ag feistiú ábhar ealaine a raibh bunoscionn ar an urlár sa seomra staidéir sa teach anseo. Do bhí pionsailí is pinn ann, is scuaba phéinteála in éineacht leo, achan rud meascaithe le chéile; agus bhí leabhair sceitseála ann, i dteannta le sceitsí aonaira freisin.....

Bhí sceitsí ann ar tharraing mé agus sinn ar laethanta saoire i rith tríocha bliain 's dócha. Ach bhí sceitsí ar tharraing mé nuair a bhí mé ag freastal ar cupla cúrsa i liníocht, cinn acu ar liniocht go ginearálta, cinn eile acu chun feabhsaithe a chur ar liniocht an figiúir daonna lomnocht.....

                                         

'S é mo thuairim go mbíonn liniocht de achan tsort - ábhar neamhbheo is radharc tíre ina measc - nascaithe leis ár grá don colainn daonna is leis a draíocht. 'S é mo thuairim freisin - agus is thuairim é a fuair mé ó muintir ealaine - nach ionainn meas is léirthuiscint iomlán ar daoine eile gan an radharc dian is angrach a bhfuil fite fuite leis radharc an línitheora.

Níl se ina radharc éigneach é mo radharc ortsa, mo chara, ach ina radharc lán d'ionadh is de ghrá duit.....

Níl eolas agam ar aon amhrán as Gaeilge arbh fhéidir an tuiscint an-shimplí sin an mothúchán ceanúil seo ach an amhrán cailiúil seo as Béarla....




......ach is ó hanghrá é, an radharc seo, do achan duine a buailim leis/léi (do 'every-body' mar a deirtear go hoiriúnach i mBéarla) .....Is achan liniocht a dearaim ina h-aon chéim eile é chun an grá seo, an anghrá seo, a fheabhsú, mo ghrá duitse a fheabhsú.

....agus cuireann sé, an tuairim seo, bunoscionn, achan comhairle cléiriúil ar dtugadh duinn is sinn inár n-oige, nach ea?....Bhuel, sea, cinnte! Bhun siad, an cléir, an tuairim contrártha a bhí acu ar briathra ag Íosa as Nazareth, ar briathra mar:

...agus más siocair duit do shúil, caith uait í; is fearr duit a bheith le leathshúil ag dul isteach i ríocht Dé ná andá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann (marc 9:47)....is

Chuala sibh go ndúradh: 'Ná déan adhaltranas.' 
Ach is a deirimse libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí....(matha 5:27).

Ach is míthuiscint amach is amach é an chiall a bhaineann siad as na briathra seo....

B'Íosa ag caint faoi rún chun banéigin a dhéanamh, agus sin i chomhthéacs inár raibh ach trí 'fheidhmeanna' amháin ag an bhean: í a bheith ina máthair, í a bheith ina bean chéile collaí ag aon fear amháin, agus í a bheith ina cailín aimsire dó. Níl sé san am faoi láthair de réir an dlí i cultúr san Oirthear - ar a laghad de réir teoríce agus 's cinnte é de réir meoin na ban Éireannaigh-Learphollacha!.....

Tá radharc ag na mna seo ina radharc ag daoine a mbíonn compordacha ina colainn féin is a bhaineann sult as amharc gan cotadh ar colainn ag daoine eile, cibé acu a amharcóidís ar mna nó ar fir....

Taispeánann sibh, a mna na hÉireann, an sult seo i ríth bhur saoil,  mar go simplí agus sibh ag gléasadh is ag maisiú sibh féin roimh dul ag siopadóireacht nó roimh a bheith páirteach i cóisir. Is i rith an cóisire, tá sibh ag damhsa, gan curam....mar go damhsfaidh muid le chéile i bParthas!






Gura lúcháir is grá a bheith libh inniu is choiche.....is gura mé i bhur gcomhluadar go deo!.....

xxxxxxxxx