Wednesday, 18 December 2013

Lá breithe mac Dé......

'S an amhrán is fearr liom faoin séasúr seo é an leagan nua as Gaelige ar an amhrán cluiteach le Shane McGown is Kirsty McColl......




Is maith liom é toisc go bhfuil sé áitithe i measc Gaeilgeoirí 'thar lear'.....go bhfuil pictúr réalaíoch ann fá dtaobh den céiliuradh mar a bhfuil sé de gnáth.....agus go bhfuil tagairt do 'lá breithe Mac Dé' sa loinneog.....

B'í Oíche Nollaig í
'S mé caochta óltach,
Dúirt seanfhear 'n aice liom,
Sí mo Nollaig dheireanach í.
'Sin thosaigh sé gabháil linn,
An 'Rare Old Mountain Dew'
Chrom mé mo cheann go ciúin
'S mé cuimhniú ortsa.


Nach orm a bhí an t-ádh
Tháinig sí isteach go breá
Airím istigh i mo chroí
Gur linn an bhliain seo romhainn
Ó Nollaig Shona dhuit,
Is tú mo Stóirín
Feabhsóidh rudaí fós
Amach romhainn atá sé

'S gear le bear iad na cairr
'S na habhainn lán le h-ór
Ach tá gáimh ghéar sa ngaoth
Ní haon áit í gan glór
Nuair a thóg tú mo lámh
ar ár gcead Nollaig riamh
Gheall tú dhom Broadway
a bheith romham ins an tSl
Bhí tú dathúil
Tá tú meabhrach
Banríon Nua Eabhrach

Ní raibh críoch leis an scléip
Bhí an chraic's spraoi thar barr
'Sinatra' ag swingeáil
Na cloig 's iad ag 'ringeáil,
Muid ag pógadh 's ag damhnsa
Gan imní faoin saol

Cóir an NYPD 's iad ag casagh 'Galway Bay',
'S na cloig ag bualadh leo
Lá breith Mac Dé.

Fear déirce gan rath
A shean stróinse gan mhaith
I do chrap ansin thall mar bheadh cailleach sa gclúid

A Sclíteach, a Chonúis,
'Chacsmuitín an donais
Nollaig Shona mo thóin
Faraoir gan é thart.

Cóir an NYPD 's iad ag casadh 'Galway Bay',
'S na cloig ag bualadh leo
Lá breith Mac Dé.

Bhí saol breá romhamsa
Nach breá an scéal agat é
Sciob tú mo bhrionglóid uaim
An chéad uair a chas mé ort

Tá siad agam i gconaí, a stór
I dtaisce i mo chroí
Na fág me 'nois a mhnaoi
'S tú bun's barr mo shaoilsa

'S cóir an NYPD 's iad ag casadh 'Galway Bay'
'S na cloig ag bualadh leo
Lá breith Mac Dé


....'pictúr réalaíoch ann fá dtaobh den céiliuradh mar a bhfuil sé de gnáth'?....T's a fhíos agat go bhfuil ceart agam fá dtaobh de....

Ach, is Criostaí mé; cá bhfuil an diagacht a oilte agam ann ón am agus mise i m'oige?....

Tá stair beag sa soiscéal faoi ceist a chuir Iosa dá chairde. Bhí sé ag gearán faoi go ndiúltaigh na daoine mór-le-rá a glacadh ni leis féin nó leis Seán a chol ceathar agus a teachtaireacht faoi ceartas is faoi grá don cosmhuintir.....

cad leis a gcuirfidh mé lucht na glúine seo i gcomporaid? cad leis ar cosúil iad? Tá siad leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile iad agus a deir:

'Rinneamar píobaireacht daoibh
ach ní dhéarna sibh rince;
rinneamar caoineadh,
ach ní dhéarna sibh gol.'

Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é bhieth ag ithe aráin ná ag ól fiona, agus deir sibh: "Tá deamhan ann!" Tá mac an duine tagatha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: "Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.".....

'ag ithe is ag ól' a bhi sé......agus a mbionn le cóisir í chuir sé an saol eile i gcosúlacht. Is mar a mhinígh mé i mblág eile, bhí Íosa as Nazareth ina dhuine a raibh - is a mbíonn fós - an-compordach i comhluadar an cosmhuitire agus é páirteach a saol. Bhí sé - is a mbionn sé - 'mac an duine'!....

B'as leabhar sa Tanakh é an teideal seo, as leabhar 'Daniel'. Bhí Daniel ina h-aislingeach - na aislingí aige mar na aislingí faoi saoirse in Éireann fadó. Tá cuma an Meisias ar mac an duine san aisling; tá se ag feidhmiú ar son an cosmhuintir na creidmhígh agus glacann sé cumhacht ar an cruinne ó Dia, in ainm an pobail fuascailte. Ba mhaith leis Íosa an aisling ag Daniel chun a ghairm féin a mhiniú. Bhí dánta faoin aislingí le Daniel i mbéal na daoine....

Tá an teideal 'mac Dé' ina teideal ar an Meisias mar a gcéanna, agus é on leabhar sailm. Is Dia é a chuireann an teideal ar an rí idéalach. Níl ciall ann go bhfuil ina hathair 'nadúrach' ag an Meisias é an Dia Abrahámach. Ach is ina mhac Dé, é de bhrí go bhfuil an 'mac Dé' ina rí idéalach.......go cuireann an Dia Abrahámach an cruinne uile faoi údarás an pobail Meisianach. Agus cuireann sé sin leis an éabhlóid-réabhlóideach a chur chun cinn.

Bíonn an beirt teideal acu ina teidil ar rogha fós leis pearsantachta ag Íosa a soiléiriú.....an Meisias é....Ach, faraor, a mbíonn an diagacht críostaí faoi tionchar nimhiúil na h-agóidí diagagachta san ceathrú aois!....

Rinne muid dearmad go raibh dhá saolta críostaí san Eorpa ag an am sin: i measc treibheanna Gearmánaigh, bhí mórán an uasalaicme faoi tionchar Arius; ach i measc daoine a raibh faoi smacht impiriúil bhí diagacht Laidineach-Gréagach i réim. Tugadh 'caitliceach' ar an diagacht seo in Iarthar Eorpa. Smaoinigh an beirt dream acu go raibh 'diaga' é Íosa as Nazareth: ón tsioraíocht de réir na Laidinigh, ach crúthaíodh é le Dia de réir na hÁirisígh....

Is é mo thuairim go raibh diagacht na Áirisigh níos congarach don diagacht sa dTanakh is leis diagacht Críostaí-Giúdach ná go raibh an diagacht impiriúil. (Tanakh: 'Dlí-Faidhithe-Scríbhinní', an Bíobla, san Eabhrais) Tá sé  níos congarach freisin don diagacht Abrahámach sa Córan. De bhrí sin, tá muinin agam an diagacht impiriúil a chur ar leataobh, agus mé na scríbhinní soiscéalí a léamh is mo mharana a déanamh orthu go direach.

Ní thuigim ar chor ar bíth an diagacht casta ag na Laidinigh gur 'comhshustainteach' é, Íosa as Nazareth leis an Dia Abraham.....an dtig tú í?...nó faoi 'trí pearsaí ach aon Dia amháin'.....an dtig tú é ach oiread?.....Thairis sin, is scannal í an diagacht seo do na creidmhigh Abrahámach eile - do na Giúdaigh, do na Musalmaigh.

Dá bhrí sin, glacaim Íosa as Nazareth - é aiséirithe óna mairbh - ina mhac Dé/mhac an duine/mhac Dháibhí - sin é go shimplí: an Meisias. Agus glacaim leis an soiscéal/nollaig nach bhfuil aon teorainn druidte do cearta daonna, d'anghrá.....Dá bhrí sin, 's fhéidir liom na carúil Nollag a chanadh gan bac a chur ar mo dtuiscint - bac ón diagacht impiriúil - ar do thuiscint sa saol atá inniu ann!.....'S féidir liom Íosa aiséirithe óna mhairbh ina laoch, imo ghile mear, inár gile mear a chéiliúradh!...

Agus mé imo lapadán, chas m'athair amhrán seacibíteach mar suantraí!.......dhá céad bliain tar éis 'an daichead is cuige' (1745) agus na cireibeacha frith-'caitliceacha'/frith-seacibiteacha anseo i Learpholl, bhí athair éreannach-learpholltach ag chur a leanaí chun suain leis amhrán faoi Searlas Éadbhard Stiobhard, an ghile mear!...Is mar sin atáim ag canadh faoin 'mac Dé' sna caruil na Nollag...

..ach tá difríocht an-tabhachtach ann: nílim ag canadh faoin laoch ina mharbh le céadta. An laoch seo, Íosa as Nazareth, tá sé ina bheatha fós. Níl a fhíos agam conas is féidir é. Go shimplí, rinne mé rogha na scríbhinní soscéalaí a gcreidiunt. Rinne mé rogha a chreidiunt go bhfuil Íosa-aiséirithe in aice linn achan lá agus sinn ag taisteal ar an ród; i  dáirithe a bhfuil sé in aice linn agus sinn inár páirteach san eocairist le cheile, agus in achan áit agus achan uair a bhfuilimd ár ndicheall a dhéanamh leis an réabhlóid Abrahámach - idirnaisiúnta is buan - a chur chun cinn....

Sin an fáth é gur is féidir liom an féile impiriúil 'lá breith Mac Dé' a cheiliúradh gan fiminteacht mar go bhfuil Íosa imo ghile mear!........


'Se mo laoch mo ghile mear        
'Se mo chaesar, ghile mear         
Ni fhuaras fein aon suan ar sean              
O chuaigh i gcein mo ghile mear               
                 
Bimse buan ar buairt gach lo      
Ag gui go crua 's ag tuar na ndeor             
Mar scaoileadh uainn an buachaill beo  
'S na riomhtar tuairisc uaidh, mo bhron 
                 
Ni haoibhinn cuach ba suairc ar ndeoin  
Taid fiorchaoin uasal ar uaithne sport     
Taid saoite suaite i mhuairt 's i mbron    
O scaoileadh uainn an buachaill beo       
                 
Nil seis go suairc ar chruachruit ceoil       
Ta an eigse i ngruaim gan uaim na meabhair       
Taid beathaithe buan ar buairt gach lo   
O thearnaigh uainn an buachaill beo       
                 
Ni mhaoifad fein ce he mo stor 
Ta insint sceal ina dhiaigh go leor              
Ach guim chuigh m'aon mhic de na gcomhacht  

Go dteigh mo laoch gan baol beo

Nollaig sona duitse, a chara!

; D xxx.........................................XXX.........................................................................................x!

Wednesday, 4 December 2013

tiocfaidh ár lá

Nior rugadh mé istigh sa meánaicme Sasanach. Ach ó h-am go raibh mé 12 bliain d'aois togadh mé a bheith páirteach ann, agus mé ag freastal ar cursaí staideir sa cliairscoil is mé imo chónaí ann le naoi mí sa bhlian gan teagmháil lies mo mhuintir ach trí litreacha scríofa aon uair faoi coicis.

Go dtí 1967, chaith mé níos mó ná leath mo bheatha faoin choras a raibh a chuspoir mé a h-athrú go bunusach. Cen fáth? Bhual, agus mé imo shagart bhí siad ag súil go mbeidh mé páirteach sa togra cléiriúil  chun na muintire Éireannach-Learphollach a mhealladh a bheith dilis don Eaglais impiriúil.  Sa tslí sin, a bheadh siad géilliúil go toilteanach don choras soisialta Sasanach....Dá bhrí sin is féidir liom an beirt acu a thuiscint - an phobal a rugadh mé ina measc is an meán-aicme Sasanach a mbionn an togra acu mo phobal a chur is a choinneadh faoi smacht.....

Ach agus mé imo dhéagoir is isteach imo fhicidí, bhí mé faoi draíocht meon cléiriúil faisistíoch - na daltaí scoile a coinniú faoi smacht. Rinne mé sin mar shampla, d'áirithe agus mé imo bhall den fhoireann araíonach sa cliairscoil. Ach tar éis a rinneadh sagart diom, ceapadh mé a bheith i séiplíneach do meánscoil St Gregs, anseo i Kirkby, scoil a raibh 2000 daltaí mna ann, iad ina mna na 'h-íosaicme' Éireannach-Learphollach....Bhí malartu bunoscionn i m'aigne, ar ais do mheon raidiceach, agoideach, réabhlóideach - sin é  ag teacht abhaile, le meon munitire m'athara a ghlacadh chugam......

Ach agus mé imo Ghaeilgeoir anois, is aiteach go leor é narbh fhéidir liom amhráin réabhloideach a fhail as Gaelige.....Cinnte go bhfuil stóras acu a fháil sa tsean-traidisiún frith-Sasanach. Ach ni faightear amhráin as Gaelige ar comhbhrí leis an amhrán 'éireannach' The Red Flag, as Béarla, scríofa le Jim Connell.....

                                              
...mar sin féin i rith na blianta agus mé imo chonaí anseo i Kirkby, déanaim iarracht amhrán-aon-téama a chruthú de mo bheatha ...... an téama na Nollaig: gur cinnte é go tiocfaidh ár lá.....

Bím ag tagairt sna bláganna seo don réabhlóid éabhlóideach nó don éabhlóid réabhlóideach.....ar thug tú faoi deara é?!!!...... Ar aon nós is coincheap é a bhfuil istigh lárnach san traidisiún Abrahámach a raibh an Tír Tairngre an céad stad ar an aistear. B'é fógra faoin dara céim mór na éabhlóide seo san tsoiscéil. Agus bhí athghairm le chreidiúint sa réabhlóid bunusach Abrahámach a bhfuil an Córan Naomh ina an triú stad....

Is chríostaí mé.....dá bhrí sin bionn dualgas orm an éabhlóide réabhlóideach a chothú, le mo bheatha críostaí a chaitheamh chun an éabhlóide seo a chur chun cinn....Más a bhfuil thú ag freastal ag céiliúradh críostaí - ag céiliúradh an Eocairiste mar shampla - i mí na Nollag, is dócha go chluineann tú aitheasc faoi beirt 'teachtaí' - faoin breith Íosa as Nazareth agus faoina dara teacht ar 'deireadh an ama'. Beidh béim ar 'diagacht' ag Íosa sa céad teacht, agus faoi 'maighdeanas' Muire; agus beidh béim ar an 'Breithiúnas deireannach' faoin dara acu.....

....Ach is fadhbacha amach is amach an beirt fócais....

mar gheall ar Mac Dé:     Níl sé sna scríbhinní soiscéalaigh aon dearbhú faoin 'diagacht' ag Íosa i gciall an focail sa Chré a chur Costaintin, an Impire Rómhánach, ar an Eaglais sa ceithre aois - agus a aithrístear De Domhnaigh fós san eaglais caitliceach achan seachtain! Tá tagairtí do ' Mac Dé' sna scríbhínni soiscéalaigh ina thagairtí don Meisias, mar faighte sa dán/salm: 'Foilseoidh mé reacht an Tiarna. "Is tú mo mhac," a duirt an Tiarna liom, "inniu is ea a ghin mé thú...' (Tanakh, Salm 2).

Ach bionn dochreite amach is amach don traidisiún Abrahámach é a creidiúint ach i nDia amháin agus é/í gan macasamhail....Cen fáth a chuir an coras impiriúil an ciall sin as a chumas?....Is go an-shimplí é!!!...Níor mhaith leis feidhmeanigh impriúla aon bagairt dá rialtas brúidiúl, d'áirithhe ó Meiseas Giúdach. Dá bhrí sin, chuir siad Íosa ó Nazareth sa spéir, i measc na déithe Rómhánacha, amach ó udaras ainrianta an Impire....

Ach nach bhfuilimid san fhaopach mura ghlacaimid leis an Chré?....Níl, ar chor ar bíth, a chara!...D'ainneoin go an diagacht críostaí iomlan faoi tionchar an Chré le 1700 bliain beagnach, níor raibh sí an diagacht amháin tar éis ré na scríbhínní soiscéalaigh. Do bhí diagachtaí eile roimhe, an diagacht Giúdo-críostai ina measc.....Tugann sin orm le macnamh ar an 'Breithiúnas deireannach'......

'S féidir leat eolas níos mó a fháil fá dtaobh den diagacht Giúdo-críostaí i cupla leabhar as Béarla: The History of Jewish Christianity (Jean Daniélou, 1964); Jewish Christianity Reconsidered (edited by Matt Jackson-McCabe, 2007) and The Nag Hammadi Library (edited by James M Robinson, 1990).....

Do bhí diagacht Giúdo-críostaí cuí don saol mar a bhí sé san céad aois RC (Ré Críostaí). Sa saol seo, ghlacadh leis an 'escateolaíocht' (mar san Apacailipsis) . 'Escateolaíocht' : ón focal as Gréagach ἔσχατος/ἐσχάτη/ἔσχατον, eschatos/eschatē/eschaton . 'deireanach'? Sea, níl leis an ciall croineolach, ach leis an ciall 'bunusach', de réir bunbhrí an fhocail, a mbionn orainn ἔσχατον a léamh  . Mar sin is fiú é an Apacailipsis a léamh fós, ach níl mar gheal ar a chiall liteartha....

Mar a gcéanna, bhí diagacht na Cré ina h-iarraidh na scríbhínní a thuiscint sna h-imthosca an tsaoil eagsuila na feidhmeannaigh Rómhánaigh. Do chur an Cré an creideamh críostaí i dtéarmaí a raibh cuí don thogra impiriúil......Ach ni raibh micheart í an diagacht roimhe ar chor ar bíth!...Afach go firinneach, is deacair liom ceann ar bíth acú a thuiscint!! Dá bhrí sin, sa lá inniu tá orainn diagacht nua-aimseartha a saothrú, diagacht arbh fhéidir an éabhlóid réabhlóideach Abrahámach a thabhairt ar aghaidh.....Tar éis Karl Marx, tar éis Sigmund Freud, tar éis gluaiseachta na mban, tar éis  tuiscinte níos iomláne faion fhirinne folaithe i croí achan cultúir daonna, caithfiimid diagacht a fhorbairt a mbeidh oiriúnach do na cursaí seo.....

Chomh fad liomsa é,  tá diagacht faoin 'Trionoid', dothuigte amach is amach....agus, dá bhrí sin gan bhrí chun an éabhloide a chothú sa lá inniu. Níl an 'Tríonoid' ach ráiteas fá dtaobh dá dluthbaint idir Íosa, an Meiseas, is ans pearsantacht doshamhlaíthe Dé Abraham í diagacht na Tríonoide....Agus mar gheall ar an 'dara teacht' níl se ach seift liteartha mar a gcéanna......Seift liteartha é go cuirimid 'an dara teacht' air. Go bunusach, afach, tá an 'dara teacht' ina fhógra go mbhfuil bannaí dobhogatha leis an réabhloid Abrahámach...Dá bhrí sin, i rith miosa na Nollag, sna h-eaglaisí críostaí den traidisiún impíriúil, táimid ag machnamh ar an 'nuacht'/noël/nouvelle/nollag go bhfuil aon treo éablóideach, cinnte, diongbhailte don stair daonna.

In áit amhráin Gaelach faoin éabhlóid, réabhlóideach Abrahámach, seo anseo amhrán den scoth, as an Fhraincis, chun thú a spreagadh leis mí na Nollag a cheiliúradh mar is ceart.....b'fhéidir leis aistriuchán go Gaelige, gheobhaimid é inár amhrán réabhlóideach.....amhrán do mo mhuintir ios-aicme Éireannach-Learphollach?......

 Peuple Debout!..........Bí i do sheasamh, a mo Phobail!!!!



nollag faoi shonas!

; D xxxxx.............................................................is mile póga!

Monday, 11 November 2013

....faisistí?....

                                                                 

Deirtear de gnáth go bhfuil é ina chóras polaitiúil áirithe an faisisteachas, ......fiú go raibh sé ina chóras stairiúil san fichiú aois san Eoraip mar faoina Naitsí....nó leis na léinte gorma sa Stát Saor...nó leis na léinte dubha faoi Mussolini......nó faoi Franco sa Spáinn.....sna tríochaidí......anallod....

Ag an am stairiúil sin - 1933 - scríobh Wilhelm Reich Die Massenpsychologie des Faschismus/'The Mass Psychology of Fascism' (London: Souvenir Press, 1972). Tá an téis ag WR nach bhfuil an faisisteachas ach an meon a mbionn ag an gnáth-dhuine san Iarthar...ag achan duine a bhfuil ina chónaí faoi chois sibhialtachta údarásúil....

B'as an meon seo na gnáth-daoine a phreab na léinte gorma in Éireann.....

         General Eoin O'Duffy in Irish Brigade uniform. (Monaghan County Museum)                                                         

........Preab siad, na faisistí éireannaigh ón fréamh stáiriúil níos doimhne fós - ón meon na gnáth-daoine faoi cois na maistíní a thug cosaint ar na patrarcaí san Róimh impiriúil......D'aiineoin nach raibh arm impiriúil na Róimhe in Éirinn, bionn tionchar Romhánach impiriúil ar bhformhór na Gaeil de bharr cumhacht an eaglais cléiriúil ón ré Phádraig....

                                                          .

......ach níos doimhne fós, preabann an faisísteachas ón fréamh paitriarchach réamhstairiúil a bhfuil fianaise air sna miotais - faoi Ádhamh is Éabha ina measc - agus ó scribhínní antraípeolaíocha, le Bronislaw Malinowski mar shampla, agus ó scribhínní fealsúnacha, le Karl Marx mar shampla eile...Is ina toradh go direach ón réabhlóid paitriarcach é, an faisísteachas......

....Bionn nasc bunusach idir paitriarchas-faisisteachas agus smacht ar an gnéas. Is frith-gnéasach é, an faisisteachas, ina bun-os-cionn gnéasach amach is amach. Mar san aisling paitriarcach, níl an gnéas ach uirlis chun pléisiur fir a sásamh;  agus is treith ar leith atá ag an córas paitriarcach é, na mna, a clainne, agus fir eile ag chur faoi smacht gnéasach......Níl áit ann do ghrá, ní do h-anghrá ar chor ar bith.

Agus sa Gaelige - sa teanga féin - feictear rian an réabhlóide paitriarchach fós.....Tá focail Gaelige a mbionn macalla na réabhlóide sin iontu; is drochmheas ar mna is ar an corp le féiceail iontu; agus meas ar clainne mar go mbionn siad i seilbh dá h-aithreacha....An foclóir Niall Ó Dónaill is an leabhairín le Alexander Macbain (Etymological Dictionary of Scottish-Gaelic New York: Hippocrene Books, 1998) is iad ina bunus don theoiric....

Sa traidisiún Gaelcach a raibh i saol na gnáth-daoine roimh ré an Stát Saor - is cinnte roimh an Droch-Saol - bhí an gnéas i croí de céiliúraidh an phobail. Fiú ag an faire, bhí cluichí is cleasaíocht gnéasach ann (féach: Gearóid Trimble: Glór Gaelige Oirdheisceart Uladh, BAC: Coiscéim, 2009, l.83/84). Ach níl úsáidtear ach dhá focal ar an iompar seo: cleamhnas is suirí. Mar go bhfuil leis an focal gnéas, is fá dtaobh den atáirgeadh a bhfuil ciall bunusach ag cleamhnas -  nasc le cliamhain. Mar gheall ar an focal gneas, tagann se ón fréamh indo-eorpach ....γένεσις, mar shampla, 'gen-' leis an ciall 'giniúint'.....

Níl sé mar a gcéanna faoi suirí. Tá nasc idir an focal seo is na Síréanaí, a raibh ina banchealgairí óga i mitaseolaíocht Gréagach fadó. Bíonn dabht i gcónaí de réir an meon paitriarcach: an fíor bréag é go bhfuil sé - an paitriarc - ina h-athair ag an leannaí áirithe. B'an tabhachtach an céist é, faoin oidhreacht i tsóchaí paitriarcach....Ni féidir leis muinín a chur i mna, de réir meoin paitriarcach: go mbíonn na mna ag 'chealgadh achan fear le dlúthchairdreamh leo'.....




D'aiineoin go nbíonn siad ar lorg pléisiúr a taitheann siad i gníomh giniúna, bionn náire orthu go minic leis. Dá bhrí sin, déanann siad magadh faoi. Bíonn bréan orthu den gnéas...go bhfuil sé ina rud suarach. Déanann siad masla de....Sa fhoclóir NÓD tá dhá sraith focail a bhfuil tagairt maslach acu agus a bhfuil baint acu leis gnéas: aon amháin acu leis córas orgáin atáirgthe fireann agus an ceann eile leis córas orgáin baineann.Tosaíonn an sraith 'fireann' ón focal bod; agus tosaíonn an sraith eile ón breall.....mar bodach agus breallach......

I foclóir faoi Fiseolaiocht agus Sláinteachas (BAC: Oifig a tSolathair, 1981), ce go cuirtear an focal péineas ar 'penis' as Béarla, cuirtear an focal - paistiúil b'fhéidir - brillín ar 'clitoris'. Is soiléir é nach bhfuil tuiscint ar bíth fá dtaobh den anataomaíocht baineann - nó suim inti - mar a scríobh Helen O Connell faoi a taighde ar Anatomy of the clitoris.O'Connell HE, Sanjeevan KV, Hutson JM. : J Urol. 2005 Oct;174(4 Pt 1):1189-95. Review......


                        
                                                ....an céad  úireolaí baineann san Astráil....  

  ....ach níl tuiscint eolaíoch ar orgáin gnéis; agus diúltaíonn formhór na fir an gnéas a ghlacadh go príomha go mbíonn sé ina bhfoinse bunusach do fhuinneamh daonna. Dá bhrí sin táid gan fhoclóir chun an thuiscint eolaíoch a chur go beacht in iúl, gan tracht ar bith a phlé faoi go compordach.....Is cruthú ann go follasach an focal brillín é fá dtaobh ár aineolas mar gaeilgeoirí ar an gnéas daonna i gcoitinne. Mar go mbíonn an oiread fíocháin 'brillíneach' nascaithe leis mullóg pubárnach fir mar go mbíonn faoin mullóg véineais.....

Is cruthú go follasach é, an foclóir drochmeasúil fá dtaobh de, go mbímid faoi tionchar paitriarcach fós....Agus i shlí go bhfuilimid faoin tionchar paitriarcach fá dtaobh den gnéas, táimid i contúirt ar gach nóiméad a teacht a bheith inár bhfaisistí......agus ár muinín a bhunadh ar an dlí is an tsábháilteacht - ar an 'tsíocháin' cibé a súisín a íocfas é - in áit scéitiminí a spreagadh orainn féin ....

Tá orainn an anghrá a bhfuil eadrainn a chéiliúradh achan lá.....Seo anseo an céad céim leis dushlán a chur faoin paitriarchas. Agus tá orainn inár gaeilgeoirí nathanna cainte nua gnéasacha a chumadh as Gaelige chun an dushlán seo a chur chun cinn......

......ach níl an asiling seo ón lá inné.....Tá gealltanas ann go bainfimid sult as i bParthas.....i bParthas a tiocfaidh ina sprioc éabhlóideach.....cinnte!.......

Slán go fóillín!......

xxx...........................................................................................................................XxXx

Tuesday, 5 November 2013

ag macnamh ar dluth-chara gan comhrá ar bith eadrainn riamh!

Rugadh sé 1855......d'imigh sé ar slí na firinne 1929....

Rugadh mé 1942.......imo mharthain fós......

Michael Ravey air.....

Michael Ravey orm.....

Níorbh eolas ar bíth agam air ach amháin an ainm a raibh do agus go churadh an ola déanach air roimh a bhás.....agus go raibh sé ina chonaí leis teaglach mo sheanmháthar agus í ina baintreach......

Ach an lá inniu - agus taighde leathan déanta agam - t'a fhios agam gur ba doichí go raibh níos mó ná cupla focal as Gaelige aige.....gurbh fhear agóideach é......uaireanta go ndeacaigh sé ar meisce.....Agus mé an-bhrodúil gurbh 'Irish Mike' é leasainm a raibh air i measc a chomharsna Éireannach-Learphollaigh ag an am seo!.......Agus go maraíodh a ceithre clann agus iad ina h-óige: Nóra, 23, ón aicid a raibh dluthcheangal leis an bochtanas; John, 28, tar éis timpiste ar na duganna; James, 32, í bhFlanders; agus Felix,25, í muircath Jutland .....Achan seachtain agus mé ag freastal ag céiliúradh an Eocairiste, seo sa saol seo, shin mé mo lámh faoin Michael seo eile......sa dorchadas....gan teagmháil céadfach ar bith, cinnte....ach is nasc fíor a bhfuil ann!....

Cen chaoi's fhéidir é sin?.....'S'simplí, a chara, toisc go bhfuil sé - an Michael sin - ina bheatha fós - mar a scríobhtar sa Bíobla.....sin é bionn sé éirithe óna mairbh fós, ina chorp athnuaithe, de réir mar ghealltar san tsoiscéal!.....is mar a chréidtar le achan créidmhigh Abrahámach......

Mar sin féin, is trí chéile ar fad é an diagaire Abrahámach an lae inniu fá dtaobh den bheatha tar éis báis. Ar aon taobh amháin, deirtear go mbionn na mairbh 'i lámha Dé'; ach ar an taobh eile, deirtear go mbionn siad 'ina codladh' agus iad ag fanacht don 'Lá Déireanach', gur, ar an lá sin a 'ath-gheobhaidh' siad a coirp. Mearbhlach níos mó é sa dtraidisiún Caitliceach ón fhoirceadal faoin 'Purgadóir'!!!.....

Sa traidisiún Gaelach?....sin scéal eile!.....is scéal níos measa freisin....

....... saol eile - scéal eile!.....Bionn tagairtí go minic don saol eile sa béaloideas. Ach níos minice a bhfuil na tagairtí don saol eile sa béaloideas ach le siamsa a thabhairt dosna éisteoirí....agus b'fhéidir nach an formhór acu cinnte fá dtaobh den Tír na nÓg.......agus nach a bhfuil abairtí den sort, mar 'i slí na firinne', ach nathana cainte...nó mar go scríobh Shakespeare i Macbeth:
                                                                              it is a tale   
                                    Told by an idiot, full of sound and fury,
                                    Signifying nothing.  

....ach, a chara, níl sé i ndairire scéal inste leis amadán é an saol eile! Is den ábhar é de réir ciall iomlán an fhocail ábhar. Bionn ár sinsir ann; i spás trí-toiseac a mbionn siad ina cónaí....go corporatha. Bionn siad ag labhairt le chéile, ag damhsa, is ag súirí cinnte!...Seo anseo ciall na ráitis leis Íosa as Nazareth agus é ag díospóid leis dlíodoirí ciniciúla faoin aiséirí:

Ach thug Maois féin le tuiscint na mairbh a éirí, sa dréacht úd faoin tor, mar a dtugann ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Dia Iosác agus Dia Iacóib. Ní hé Dia na marbh é, ach na mbeo; óir is dó is beo cách (Lúc 20: 37, 38)

San am faoi láthair, tá éablóid réabhlóideach fá dtaobh de na meáin cumasáirde. 'S féidir linn a bheith i dteagmháil le chéile trasna spáis is fréisin fiú ama trid na meáin taifeadta.....Ach níl sé ach neamhbhríoch suarach é an éabhlóid seo, go dtí an lá inniu, le hais an cumhacht Dé.....Mar a scríobhtar le Pól:

                          Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad,
                          nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne,
                          is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó....(1 Co.2:9)

In achan cruinniú Abrahámach - raibíneach, chríostaí, Moslamach - táimidne i dteagmháil fíor leis an saol eile seo. Bionn siad - na sinsir - ina cónaí ann, ag éisteacht linn leis a cluasa is ag féachaint orainn le grá té bog, ag tnúth leis a bheith ag damhsa linn arís.........Agus, ina measc, mo Mhicheál, 'Irish Mike'!




Bainimis sult as mí na marbh, a chara, le cheile is leosan go léir!

Slán go fóillín.....

xxxxxxxxxxxxxxxx............................................................................................xxX

Saturday, 26 October 2013

Oíche Shamhna...is an bheatha suthain!


                              

Is san Oilean Úr é a  coinnáladh beo bríomhar an féile Shamhna - comhartha eile é faoi an tionchar éireannach ann. Agus sna blianta anuas leath an céiliúradh ar ais isteach sna oileain seo taobh thoir den aigéan.....agus an dorchadas is an fuacht ag tealtú trasna an leathchruinne tuaisceartach.....is tá faitios ársa orainn roimhe....is faitios é a preabann ón cuimhne domhain an oighiraois agus an báis....ach tugaimid dushlán don fhaitios.....


       

....agus an dushlán a dhéanaimid leis tine cnamh, leis bia is deoch láidir, is leis céiliúradh an gnéis....

'Pagánach' é?.....Bhí na pagánaigh anallód faoin impíreacht Rómhánach ina ndaoine ina cónaí fán dtuath, sna bailte beaga iargultaí. Níorbh a raibh meas orthu ar chor ar bíth ag daoine uirbeacha ón aicme níos airde. I codarsanacht leis na daoine uasalaicmeacha Gréag-Rómhánacha, bhí meas simplí is mí-leithscéalach acu ar an corp.......ar an bia, ar an deoch - an deoch drugaí mar uisce beatha san áireamh! - agus ar an gnéas agus ar céiliúradh an gnéis  trid an damhsa is trid súirí a dhéanamh gan náire......Pagánach é céiliúradh na Samhna?....Tá, cinnte; is an-mhaith dá bharr!

Bionn orainn an dushlán céanna a thabhairt faoin meon uasalaicmeach Gréag-Rómhánach; bionn orainn an dushlán a thbhairt don bhás, achan lá sa saol seo, is go deo sa saol eile! Is iontach maith é an corp. Is iontach maith iad an bia is an deoch. Is iontach maith é an gnéas. Céiliúraimis iad, iad uile. Céiliúraimis iad go h-áirithe i láthair na laethanta a dtéann i giorracht, agus i láthair an fuachta a tealtann anios orainn.....Téannaimis le chéile go dluth. Mar go bhfuil ann a gheobhaimid an beatha suthain.....í bParthas....í dTír na n-Óg!.....

....agus anseo duit.......damhsaímid le chéile, a dluth-cara mo chroí!......




Slán is beannacht......

xxx

Wednesday, 23 October 2013

Tá gá leat ar ár bpobal.....Tar thar sáile chugainn!



an téacs

'clainne an Gorta Mór' a thugaim oranne na Éireannaigh-Learphollaigh. Mhinigh mé cheana féin é, an stair a bhfuil an cúlra ag leasainm seo i mblaganna eile. Is dúil seasta agam na h-iarmhairtí tabhachtaigh on stair seo a athlasadh san am faoi láthair san pobal éireannach-learphollach.....

Ach an fiú é, an féiniúlacht éireannach a ath-mhuscailt i measc ár bpobal? An fhéidir liom é a dhéanamh; nó nach ro-mall é a dhéanamh ar chor ar bíth?.....Is í mo thuairim í narbh fhéidir liom é a dhéanamh imo h-aonar....Ach in eineacht leat, is nach a bhfuil sé ro-mall ar chor ar bíth.....

...agus, déanta na firinne, is féiniúlacht Gaelige í ina h-eochair, mas maith leat, chun fhuinneamh nua a chur ionnain chun ár gcearta daonna a chur chun tosaigh.....

Ár cearta daonna?.....Nach mbímid inár saoránaigh an reachta sasanaigh?....Bhuel, bímid, cinnte....Ach an am faoi láthair titeann an ríocht sasanach as a chéile mar go scríobh Michael Hechter (Internal Colonialism, 1978) sna seachtóid agus Tom Nairn (The Break-up of Britain - ath-fhoilsithe 2003).....

               Front Cover                                                 Front Cover

Do bhí siad, an beirt acu - MH is TN - ina dtairngirí, cinnte!

An lá inniu ath-éirionn féiniúlacht áirithe trasna an 'Bhreatain Mhór' - idir-dhealaithe ón Breatain Beag......Tá Dálaí Cúigeaí anois i dTuaisceart na hÉireann, in Alban, i mBreatain Beag. Agus níl siad ach í dtosú ag an éabhlóid réabhlóideach.....Is athraithe é go bunasach is buan é an meon ag na Béarlóirí trasana h-oileáin seo ar imeall iar-thuaisceartaigh na Eorpa. Más a mbímid go léir iná mbéalóirí, t'a fhios againn nach bhfuílimid inár sasanaigh...... nilimidne inár críostaí mar pobal ach oiread. Is i pobail éagsúla a bhfuilimid, inár gcónaí, taobh at dtaobh, béarlóirí, breatnaisóirí, pakistanóirí, sineachóirí ....críostaí, moslamaigh, giudaigh, aindiachaí..srl..

Ach a mbionn dhá lorg eile orainn, na éireannaigh-learpollaigh ón an stair atá againn. Is loirg iad a mbionn orainn fós: loirg ón coilíniú, agus loirg on mórluachacht aicmeach. Fiú más í agoideacha sinn, fiú más meon sóisialaí a mbionn againn, bionn mothúcán fós ann go mbímid gan cultúr, i comparáid leis na daoine mór le rá:  leis na 'doctúirí' na dlíodóirí, na sagairt, na príomhoidí, na daoine clúitígh sna meáin cumarsáide......inár bpobal dishealbhuithe sinn, gan 'cultúr, gan maoin, gan dinit, gan teanga....

Dé Domhnach seo caite, bhí seanmóir i dteach an phobail anseo faoi na 'misín', sin é faoin dualgas Abrahámach  an ceartas is an anghrá a leathadh trasna an domhan......Anallód b'iad an manaigh Gaeilgeoirí an dualgas sin a chomhlíon ina chriostaí anseo san Eorpa....Ach i ríth an seanmóire, Dé Domhnaigh bhím ag macnamh gur a mbimid i ndíth práinneach  misinéirí gaeilgeoirí anseo, sinne an pobal éireannach-learphollach, chun an tine ár féiniúlachta a ath-lasadh.....

A bheith inár suí - inár gaeilgeoirí - go compordach isteach inár 'gaeltachtaí', nó í ciorcal comhrá meánaicmeach, nil sé leor sin.....

Tá orainn an teanga a ath-thabhairt dár bpobal díshealbhuithe mar a rinne na céad 'conraitheoirí' céad bhliain ó shin......Is obair miseanach í, cinnte, aagus anseo i Learpholl. Tar chugainn is labhair linn sa Ghaelige binn...

Sa traidisiún gaelach is í caillín álainn meallacach an cultúr a bhfuil againn....ár inion í a tabhairfidh athas don comhluadar daonna....Lig í a bheith ag damhsa chun na dishealbhuithe a mhealladh ar ais ar an teaglach gaelach...



Do thuairim?.......

Slán go fóillín......


                

Saturday, 19 October 2013

Michael Reavey......Gaeilgeoir i Learpholl?

B'i doigheanna éagsúla a bhain na fealsúna ciall as an saol daonna; ach an saol seo a mhalartú, is í sin an cheist.....

Do scríobh Karl Marx an ráiteas sin i 1845, í an téis aige is déanaí ar Feuerbach an fealsamh Gearmánach. Bhí Ludwig Feuerbach ina fhealsamh ábharaí. Ba leanúnaí é ar Georg Wilhelm Hegel dá raibh an stair agus idéanna ina mbunsraith leis an saol a thuiscint. Ábharaí a raibh KM freisin; ach ni raibh sé ina fhealsamh idéalaí ar chor ar bíth.......mar is léir é on stair na 20iú aois deag; tá an saol daonna bunoscionn ina dhiaidh.....mar is ceart!....

                                                                   Jenny (von Westphalen) Marx                                        Karl Marx                                                              

S'ábharaí mise mar a bhí KM.......ach imo chreidmheach Abrahámach atáim freisin, ag an am céanna. Chun an saol daonna a mhalartú - bunoscionn - de réir an caighdeáin Abrahámach, is é sin ina bhunsraith leis an saol seo a thuiscint - agus an saol Gaelach san áireamh....

An seachtain seo caite cheannaigh mé leabhar beag (as Béarla) le Tony Birtill: An Ghaelige i Learpholl (A Hidden History - Irish in Liverpool) an teideal air. Foilsitear an leabhar le News from Nowhere a bhfuil ina siopa leabhar i Learpholl (http://www.newsfromnowhere.org.uk/). Do cheannaigh mé an leabhar san adhmhaidin; is chríochnaigh mé é a léamh roimh an tráthnóna an lae céanna! Chuir sé sceitimíní orm: don chéad uair, ba soiléir dom go raibh an Gaelige beo labhartha ina dteanga duchais ag formhór na 'clainne an Gorta Mhór' anseo i Learpholl, Mary Magee, Felix Ravey, agus a mac, Michael - a rugadh 1853 - ina measc.

Mar a mhinigh mé duit, roimh ré, bionn ceithre 'comharthaí fearainn' ag mo fealsúnacht féin: an traidisiún Abrahámach, na scríbhinní  ag Karl Marx, na scríbhinní ag Sigmund Freud, is an Ghaelige. Mar gheall ar an traidisiún Abrahámch, is imo chríostaí mé. Mar gheall ar KM is SF - an ceartas is an anghrá - is imo shóisealaí-anghrách mé! Ach fá dtaobh den Ghaelige, áfach, ni féidir liom ach a rá - agus mé aithris a dhéanamh ar an diagaire, Augustín - Sero te amavi, pulchritudo tam antiqua et tam nova, sero te amavi! et ecce intus eras et ego foris, et ibi te quaerebam - sin é: 'rodhéanach a bhfuil mo dhúil ionat, a h-áilleacht an-úr is an-ársa, rodhéanach mo dhúil. Bhí tú imo chroí ach bhí mé ag do chuardach achan áit eile...'

Tagann siad le chéile, mo cheithre comharthaí fearainn, chun aon treo éablóideach amháin a thaispeánadh dom. Agus bionn gá ag an beirt againn úsáid a bhaint leis an ceithre acu, le cheile: nil creideamh gan anghrá....nil anghra gan ceartas....agus nil ceartas gan ár dteanga féin.......

Ach an bhfuil sé rodhéanach é, an dúil sa Ghaelige?....Níl ar chor ar bíth má mar uirlis réabhlóideach chun an ceartas daonna a bhunú usaidaimid ár dteanga, i measc na pobail ina bhuilimid inár gcónaí, chun anghrá a spreagadh eadrainn. Nil bladhmmanach é seo, nil reitric folamh ach oiread, más é an fuinneamh an Dé Abraham a ligimid trid ár gcoirp anghracha a rith.....Tá orainn ciall an abairte 'Dia dhuit' a athchur chun a brí éabhlóideach a athghabháil....agus sin sa comhluadar dá bheag é ina bhfuilimid páirteach ann...anseo....inniu....anois! 

Ní bhionn an tromlach sa tsochaí ach bailiú le chéile na mionlaigh - ár mionlach Gaelige ina measc. Agus tá fuinneamh Dé sna mionlaigh más an ceartas is an anghré a cleachtadh ann.......Na chaillimid an nasc eadrainn, inár Gaeilgeoirí nua-aimseartha, an lae inniu.......Na graingraif thuas - cen fáth ar suaslódáil mé iad?.....Bhual, de bhrí go dtaispeann siad KM is a bheanchéile ina n-óige, ar bharr a nirt......Agus is inár n-óige go deo túsa is mise - le fuinneamh Dé (leis an nath gnáthach cainte Gaelige a athrú!) - chun ár cultúr a chur chun cinn ina n-uirlis don ceartas is don anghrá i measc an phobail......

Bionn cuimhne i gcónaí agam ar an Michael Ravey eile, mo sin-seanathair......'forever young' i dTír na nÓg agus ina Ghaeilgeoir agóideach fós!.....      



(tá níos mó a fháil, as Béarla, fá dtaobh den abhar seo ar http://thoughtsfromkirkby.blogspot.com )

Slán go fóillin......

xxxx......... ; D