Friday, 16 October 2015

an paidrín réabhlódeach......

Shocraigh mé a leanúint ar leis athmhacnamh réabhlóideach ar an paidrín Críostaí....Críostaí? An bhfuil paidríní eile? Bhuel, tá cinnte! Ní paidrín ach ina chaoi na fócas a choiméad ar na smaoite arbh imreoidis ón ábhar mura ligimid iad ag fanacht.

Baintear úsáid as i mórán cultúir. Seo shamplaí paidríní:


Image result for prayer beadsImage result for Hindu prayer beadsImage result for islamic prayer beads pics

               búdaíoch                                    hiondúch                                     ioslamach

Go minic, nuair a 'fheictear' Miriam Beth Joachim i dtaispeánadh - mar ag Fatima de réir dealreamh - spreagann sí na creidmigh chun na 'corónach Mhuire' a rá. Níl ann ach spreagadh - go shimplí - le guí a dhéanamh; níl rud ar bith ar leith ach oiread ag baint leis, áfach......

Deirim an paidrín Críostaí achan lá mar mhinigh mé sa bhlág roimhe. Deirim é chun mo ghéillsine don réabhlóid Abrahamach a daingniú. Ach ní maith liom 'coróin Mhuire' a thabhairt air. Tá cuma impiriúil ann nárbh oiriúnach é chun na réabhlóide a chothú. Agus is doigh gurbh leis an 'ceartchreideamh' impiriúil a dhaingniú a cuireadh béim ar Mhuire-ina-máthair-Dé i ré Constantín agus as sin amach.

Ní thuigim an traidisiún na diagachta impiriúil ar chor ar bith. An tuigeann tú chiall ar bith sa leagan cainte comhshubstainteach leis an athair, friotal a dearbhaímid i rith ceiliúrtha na Eocairiste achan Dohmnach? Básaíodh mórán daoine le linn cogaí faoi, le céadta blianta i ndiaidh ré Constantín. Bhí an easpag Airís (Arius/ Ἄρειος 250-336 Ré Críostaí) glan ina choinne. 

Tionchar an-mhór ar stair Eorpa a ba é diagacht Áiris tar éis báis Constantin. Ina leanúnaithe a bhí an formhór na ríochtaí Gotaigh - san Iodáil, sa Spáinn, is i dtuaisceart an Afraic.....Dá buóidis an lucht Áiris, is docha nach bheimis inár creidmigh impiriúla - caitlichigh, 'protastúnaigh', nó soiscéaldaí....

Map showing Arain Kingdoms

 Níos déanaí, chun na Moslamaigh a bhroideadh, chuir an airm 'Críostaí' ar taispeaint íomha Muire-ina-Máthair-Dé timpeall ballaí Constantinople (554 RC); agus i 1571, chuir an Papa bua ag Lepanto i leith na Coróin Mhuire.......

                       
Ceiliúrann an 'eaglais cléiriúil/impriúil', achan bliain fós 'bua' den 'coróin Mhuire an 7 lá Deireadh Fomhair - glan frithmhoslamach é an ceiliúradh sin. Is mo thuairim de go bhfuil sé glan i gcoinne an soiscéil agus is mí-úsáid an paidrín é. Teastaíonn cuma réabhlóideach ar ár ndlúthchaidreamh le Muire Beth Joachim, an máthair Íosa.

Nuair a ndeirimid an paidrín deirimid achainí Íosa- 'Ár nAthair' - cuig h-uaire. Is ina achainí réablóideach amach is amach í. Deirimid - agus sinn mar baill de pobal - Go dtaga do ríocht sin é : ríalú bunaithe go hiomlán ar ceartas is grá. Ní difríocht ar bith idir príomháideachas is an saol poiblí. Níl údarás ar bith sa domhain mór níos airde ná Dia. Maíomid allahu akbar الله أكبر is ceann is treis é Dia, toisc 's ann a mbíonn an brí don achainí Íosa, mar a bhuil san achainí moslamaigh. 

Brí réabhlóideach atá ann mar is léir óna 'rúndiamhra solasacha.........Dá bhrí sin déanaimid dearmad ar Fra Angelico! As Nazareth a ba í Muire Beth Joachim  . As Galailí na Pagánaigh a ba í. As ceantar agóideach, réabhlóideach a ba Máire, Joseph, is Íosa. Tá tagairt do trí amhrán sna 'rúndiamhra solasacha'. Sa chéad ceann acu, sa 'chéad rúndiamhair' canann Muire gur leag Dia prionsaí óna gcathaoireacha agus d'ardaigh sé daoine isle. Nach réabhlóideach a a ba é sin?

Ní beathaisneacha atá na scríbhinní soiscéalacha. Níor choméadadh iad ná chun diagachta a theagasc. Chun misnigh a chur sna creidmigh ar scríobhadh is ar choiméadadh iad. Níor scríobhadh iad mar chrúthunas gurb ina 'mac-Dé-de-réir-diagachta-impiriúil' é Íosa ach oiread. 'S maith liom go mór an carúl Nollag: Oiche ciúin. Agus mé ag éisteacht leis, tagann na deora liom. 'S ina 'mhac Dé' é Íosa cinnte.....ach ní mar a tuigtear le na diagairí - 'comhshubstainteach' leis an Dia Abrahamach. Ní thuigim an diagacht sin ar chor ar bith....

Mac Dé? Níl ach ina thagairt don Salm 2::7 é an teideal sin: "Is tú mo mhac ," a duirt an Tiarna liom, "inniu is ea a ghin mé thú...." Ina thagairt do Mheiseas is ea, do Mhac Dáibhí. Ba mar a gcéanna é an tuiscint air a raibh ag na pobail ar ghlac an soiscéal an chéad uair. Agus mé ag rá an paidrín, is go háirithe agus mé ag machnamh ar na 'Rúndiamhara Solasacha', athraim aon fhocal san achainí ar Mhuire. In áit a rá: máthair Dé, deirim: máthair Críost. Dearbhim dlúthpháirtíocht Críostaí mar seo leis na Giúdaigh is leis na Moslamaigh araon.....

Is léir óna trí amhráin ag tús leabhair soiscéil le Lúc - ceann acu le Muire, ceann le Zachairias, is ceann le Simeon - gurbh as pobal réabhlóideach a ba Íosa. Tháinig sé mar a duirt sé: chun tine a chaitheamh ar tháinig mé. Ní chiall ar bith ar na 'Rúndiamhara' den paidrín ach oiread; rugadh sé i cathair sinsearach Dáibhí. Agus sa cuigiú scéal solasach, déanann Íosa - é  ina mhac Dáibhí - fiosrúchán de 'máistrí an Dlí', agus sin i 'dteach m'athar'. Níl tagairt ann don Dhia Abraham, ach do Solomon, mac Dáibhí, ar thóg an céad Teampall i Iarúsaléim....  

A chara, sin é spiorad sna 'rundiamhra solascha réablóideacha!....Do thuairim faoi?....

....i measc na boichte a rugadh sé.....

...dílis don réabhlóid é go dtí a bhás le lámha impiriúla náireacha a naimhde......is mise?....is tusa?




Slán go fóill!

; )) xxx....................xxxx..........................xxxxx.....................................xxxxxx.....................X

Monday, 12 October 2015

An Dia ina pháirt linn?........

Cupla bliain ó shin, scríobh Tony Birtell cuntas faoi stair na Ghaeilge i Learpholl ó linn an Drochshaoil go dtí an lá inniu. As sacs-Béarla a scríobh sé an leabhrán seo cé go bhuil Gaeilge an-líofa aige.

                                                       A Hidden History - Irish In Liverpool: An Ghaeilge i Learpholl by Tony Birtill

Miníonn sé gur ina Gaeilgeoirí iad an formhór na imircigh éireannacha go Learpholl ag an tráth seo ach gur dhiultaigh an cléir ag plé leo as Ghaeilge. De réir dealraimh bhí mar a gcéanna in Éirinn sa naoi aois deag......is an lá inniu fós?

Scríobh mé r-phoist chuig chupla ollscoil in Éirinn an tseachtain seo caite faoi teagasc diagachta as Ghaeilge ann - 5 r-phoist seolta. Ghlac mé dhá fhreagraí as Ghaeilge orthu; ach is doigh liom nach trí mheán na Ghaeilge a múintear an diagacht san Acadamh in áit ar bith in Éirinn. Tá scríbhinní a fháil faoin Diagacht Fuascailte as Béarla ann; ach ní tuiscint ar bith gurbh ina uirlis réabhlóideach Abrahamach ín ár dteanga féin.

Ach is ann duinn na dála sin a athrú.....Mar shampla, cupla blianta ó shin shocraigh mé an paidrín achan lá a rá as Ghaeilge......mo mharanna a dhéanamh ar na rúndiamhara sólásacha de Luain is de Dardaoin, na rúndiamhara dólásacha de Mairt is de Aoine. is na rúndiamhara Glórmhara deCéadaoin, de Sathairn is de Domhnaigh. Ach, agus mé ag macnamh air, 's féidir liom léargas réabhlóideach a chur ar achan deichniúr ann. Mar shampla:

faoi tuirlingt an Spioraid Naoimh: 

Ina theagmhas aon uair amháin is an uair dheireanach a ba é an 'rúndiamhair' seo, ina thús ag an tréimhse uilíoch na réabhlóide Abrahamach. Is ina fhéile Giúdach fós é,  ina tugtar an Torah dosna creidmhigh Abrahamacha.

An céad lá de céiliúradh 'Féile na seachtainí' a ba é - ina céiliúradh fómhair na cruithneachta i bPalaistín, caoga laethanta tar éis na Cásca. Sa dtraidisiún Giúdach is an lá é a cuimhnítear gur ina bhronntanas dosna Iosraelítaigh é an Torah/Dlí; sa dtraidisiún soiscéalach, áfach, is ina bhronntanas dosna 'ciníocha' é - d'achan cultúr is trí mheán achan teanga, an Ghaeilge san áireamh! Ina shíol réabhlóideach a ba é an aisling ag Abraham; is ina bhláthú uilíoch air é an soiscéal de réir Íosa as Nazareth.

De réir Íosa as Nazareth, áfach, seo anseo an Torah/Dlí i mbeagáin focail:  

'Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus d'anam go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán' - is í sin an aithne mór agus an phríomhaithne. Agus is cosúil léise an dara ceann: 'Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin'. Ag bráth ar an dá aithne sin atá an dlí ar fad agus na fáithe.

Creidim sa soiscéal. Sin é go glacaim go praiticiúil gur anáil/spiorad cruthaitheora an domhain é a spreagann an réabhlóid seo. Is meafar é sin chun céille an Torah is an soiscéil, araon, a shainmhiniú. Ní leor é a suímh sa 'seomra uachtarach' a shamhlú agus sinn an paidrín ag rá inniu mar go mhuin na Proinsiasaigh in Éirinn fadó. Is ina huair cinniúna í an t-am faoi láthair é achan uair a léimid an Torah is scríbhinní soiscéalacha - ina hábhair eascateolaíochta é mar a deirtear duinne leis diagairí proifisiúnta faoi.....

Dá bhrí sin is ina searbhontaí-ar-bís sinn, de réir fáthscéalta sa 'béaloideas' Críostaí sna scríbhinní soiscéalacha. Tá orainn a bheith ullmhaithe ar achan nóiméad leis an réabhlóid Abrahamach a chur i bhfeidhm sna cúinsí ina bhfaightear muid, sna mionchúinsí san áireamh.....agus inár gcultúr féin....is trí mheán ár dteanga féin. Is inár 'codlatáin' sceimhlitheoirí sinne, a cuireann 'sceimhle Dé' ar prionsaí an tsaoil seo. Sin an fáth ar básadh Íosa as Nazareth leis na húdaráis impiriúila is na húdaráis cléiriúla maraon leo.......

Nach mar sin conas ar mhinaítí an bíobla duinn agus sinn, an beirt againn, inár nóige. Chuir an cléir sa paróiste cuma seicteach ar léamh an Bíobla leis an cosmhuintir i gcoitinne is go háirithe in Éirinn, ar léamh an haistriúchán air go Ghaeilge. Is seicteachas é thoradh den meon impiriúil sin a ndéanann coibhéisacha an creideamh is an creideamh de réir na cléir. Ba sin go díreach é an meon ar cháin Íosa agus na fáidhithe go léir......

Bíonn orainn á cháineadh freisin an lá atá inniu. - agus sin a dhéanamh as Ghaeilge. Ach chun á dhéanamh go héifeachtach, teastaíonn diagacht comhaimseartha uainn - as Ghaeilge....

Níl ach ina mhiniú ar an Bíobla é an diagacht. Ní go leor é duinn, agus sinn ina réabhlóidigh Abrahamacha, scríbhinní cráifeacha a léamh as Ghaeilge. Ní leor duinn scoláireachtaí Fulbright, mar shampla, a fháil chun an cultúir impiriúil sacs-Béarla a sú gan dushlán bunúsach a thabhairt do. Teastaíonn léamh an Bíobla uainn agus diagacht comhaimseartha faoi friesin. Sin an fáth a dteastaíonn diagacht as Ghaeilge uainn! Ach cad a dhéanfimid leis? .....

Bhuel, is chun an córais paitriarcach a leagan ar lár i measc na nGaeil - in Éirinn is 'thar lear - é an cuspóir ann. Is an fócas a chur ar tráchtadh comhaiseartha ar an Bíobla as Ghaeilge ina hiomlán é an sraitéis faoi; agus an beartaíocht? Chun dúshláin a spreagadh i measc an cosmhuintire; agus chun dúshláin go díreach do cúrsaí polaitiúila leatromacha ar leith - de réir an tráchta sin - a chur i bhfeidhm; is sin gan baint leis an córas cléiriúil a bhfuil i réim faoi láthair!

Ní fiú léamh an Bíobla duinn seachas trí mheán na Ghaeilge. Ní fiú é an léamh as Ghaeilge gan an réabhlóid ......

Sin an fáth a dteastaíonn diagacht as Ghaeilge uainn! Ach cad a dhéanfimid go praiticiúil leis? .....

Ach cá bhfuil na diagairí Gaeil?.......

Dá bhrí sin, a TG Lurgan, cuir Gaeilge ar an amhrán réabhlóideach seo le bhur dtoil!......





Maidhc

xxx...............................xxxxxxx..............................xxxxxxxxxx.........................X!

.......ach cén fáth bhfuilim ag labhairt sa paidrín do Mhiriam Beth Joachim, an máthair Íosa as Nazareth? Toisc gur tagairtí dí sna scríbhinní soiscéalacha: agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí....(Lúc. 2:19); agus a mbíonn sí i measc ár sinsir i dTír na nÓg. Is chun ár chur i gcuimhne é gurb sa saol ábhartach seo a bhfréamhaítear an réabhlóid Abrahamach, agus sin i gcolainn, daonna, bog is anghrách.

Friday, 25 September 2015

LLANDUDNO?....aon ní fónta as?.....

Is diagaire de chineál éigin mise. Ach ar ndoigh de cén short, agus cén fáth diagacht a scriobh as an Ghaeilge? Ní líofacht agam as teanga mo shinsir, cinnte. Ach mar a scríobh mé i mblág eile ar na mallaibh, bím ag labhairt leis na sinsir i rith achan lae....Rud aisteach é? B'fhéidir níl ann ach mo thuairim féin-mheallaithe ar chor ar bith!

Tá cuimhne an-shoiléir agam fós ar laethanta saoire a chaithimid sa mBreatain Beag agus Rachel is Seán ina leanaí beaga. Rinne muid cuairteanna uaireannta ar tithe phobail sa dtuath ar a bhfuil ainm 'naoimh' áitiúil orthu. 'S mo thuairim é nach ina daoine naomhainmnaithe leis an chléir iad ach a raibh siad ina 'ceannairí' móra-le-rá tráth.

Bhí creideamh an-láidir sa saol eile i measc an phobail Breatnaigh. 'S cinnte gur mairbh amach is amach iad na sinsir; mar sin féin tá siad  beo beathach fós i dTír na nÓg, nach ina seandaoine níos mó. Dá bhrí sin, a raibh muinín ag an cosmhuintir iontu mar gheall ar an comhairle ar thug siad fós fá dtaobh de gnáthchúrsaí sa saol seo. Tá siad ina baill den clann - llan Breatnais - fós. Sin an fáth go mbionn llan roimh mórán logainmneacha sa Bhreatain Beag..... Llandudno (clann ag Tudno) mar shampla...

   St TUDNO'S CHURCH.JPG

                                                       Teach Phobail Tudno

Is ar Pen y Gogarth a bhfuil suite é an Teach Phobail Tudno - Pen y Gogarth sin é 'ceann an fargáin', ina áit doshroichte........an Orme (dragan - as Ioruais) Mór.
                         
                            Image result for the great orme pics

 Bhí Tudno ina chónaí ann fadó fadó. De réir dealramh, ina cheannaire Brythonneach a ba é Tudno ar ndeachaigh chuig an áit aonaránach seo  nuair a baíodh a thailte sinsearacha (i ndeisceart an Bhreatain Bhig) leis an fharraige. Thaisteálaigh sé ó thuaidh agus bhain sé faoi ar mullach sléibhe cois farraige. Is léir é gur chruinnigh sé pobal nua ina thimpeall is gur raibh meas an pobail air. Leanaigh siad muinín a bheith acu i dTudno fiú tar éis a bháis - agus iad ag lorg a chomhairle praiticiúila sna cúrsaí laethúila sa Teach Phobail.

                                   

    (Gogledd - Tuaisceart; Cannolbarth - Lár na Tíre; Gorllewin - An Taobh Thiar Theas; De - An Deisceart)

Níl ach tar éis teachta na cléire Críostaí,áfach, gur rinneadh naomh de. Thug an cléir Críostaí an córas cliarlathach Rómhánach impiriúil leo, mar a rinne Pádraig in Éirinn. Córas sotalach a ba é. Dá bhrí sin, níor fhiú iad ar roghnaigh an chosmhuintir a bheith in 'naomh' go huathoibríoch; níor fiú ach leis baill den uasalaicme a bheith ina seasamh i 'cúirt' Dé. Mar cosúil leis an cúirt impiriúil a bhí cúirt Dé. Agus ní raibh Dia féin - de réir na diagachta impiriúil - i ndlúthchaidreamh leis an cosmhuitir ar chor ar bith. Bhí gá acu leis idirgabhálaí.....

Chuir an diagacht seo an tsoiscéal Íosa as chuma, bunoscionn. Thar na blianta chuir siad deireadh leis an réabhlóid Abrahamach go hiomlán, á fhiar ó chúrsa go dtí an lá inniu. Is miniú é nach bhfuil ach an 'Papa' arbh 'fhéidir' - agus sin de réir dlí canónta caitliceach - naomhainmniú! 

Is in aghaidh na frithréabhlóide seo é a scríobhaim bláganna as Sacs-Béarla agus as Gaeilge. An frithréabhlóid impiriúil?....Sin é an fáth gur éirigh mé as an cliarthas ach gur dhiúltaigh mé éirí as dualgas an soiscéal a craobhscaoileadh. Ní féidir liom á dhéanmh le linn ceiliúradh na Eocairiste ach déanaim é ar Facebook (Mike Ravey) agus ar Twitter (AnRiabhach).....agus sna bláganna.

Dearbhaíonn an soiscéal de réir Íosa as Nazareth gur maith é achan cine, achan cultúr, achan duine ar choinioll gur dílis é don réabhlóid Abrahamach. Dearbhaíonn an soiscéal nach a mbíonn údarás ar bith i gceannas orainn sa saol seo ach Dia amháin agus nach 'Dia' ach ina phearsantú ceartais simplí is grá ceanúil bog. Mar a léirtear:

Ghabh an Tiarna thar bráid os a chomhair agus d'fhógair sé:

'A Thiarna, a Thiarna,Dia na cineáltachta agus na trócaire, is mall é chun feirge, is lán é de bhuanghrá agus de dilseacht; leanann sé de buanghrá i léithna milte, maitheann lochtanna, coir agus peaca; ach ní fhágann aon ní gan díolt , ag agairt cion na n-aithreacha ar an gclann agus ar chlann naclainne go dtí an triú agus an ceathrú glúin'.

(Eaxados 34:6)

Níl ina leabhair rúndiamhracha iad leabhair an 'Bíobla'. Is ina leabharlann de scríbhinní é, ina scríbhinní snoíte le baill den cosmhuintir agus iad faoi leatrom dúr le cianta cairbreacha. Is ina leatrom forleathan iad na 'peacaí an domhain' paitriarcach. Agus is linne go léir é an 'Bíobla', leis achan pobal a mbíonn faoi leatrom paitriarcach. In áit de 'Iarúsaléim', léigh 'Béal Feirste' mar shampla, nó 'an cléir atá againn' in áit 'na Fairsínigh'. Óir tháinig Íosa as Nazareth, glan in aghaidh an córas seo. Tháinig sé:

chun tine a chaitheamh ar an talamh...agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh féin! (Lúcás 12:49)

Diomaite den bhéim seo ar ceartas is ar cineáltas, agus é ina bhun agus barr ag na gaolta eadrainn, ní teachtaireacht eile sa 'Bíobla' ach gur inghlactha é achan cine is achan cultúr. Ní monaplacht ar bith ag na Ghiúdaígh, ag na Críostaí, nó ag na Moslamaigh ar dlúthchaidreamh le 'Dia', agus í nó é ina fuinneamh pearsanta a beoíonn an cruinne.....Is mícheart amach is amach í achan chóras cléiriúil a diúltaíonn an léargas soiscéalach seo.

I measc b'fhéidir an formhór desna cultúir sa domhan, bíonn creideamh an-láidir is seasmhach go bhfuil beatha tar éis báis. Is creideamh i 'nDia' a gceanglaítear é leis an creideamh sa saol eile sin. Agus ní 'Críostaí' ach áitiús daonna iad an bheirt acu. Is cosúil é an creideamh Ceilteach é leis an creideamh ag na dúchasaigh sna Meiriceáí, mar shampla, is leis ollmhór na cultúir trasna an domhain is trasna na staire. Is ina dhiagacht daonna go firinneach é ach diagacht cuimsitheach a miníonn an dlúthcheangal idir an ceartas is an ghrá sa saol seo is sa saol eile agus an saol seo. 

Ní dhéanaim staidéar ar diagacht chun an saoil eile a thuiscint go shimplí ach chun á athrú an saol seo ó bhun go barr de réir an dearcaidh cuimsitheach is comhchoitianta seo. Níl ábhar cráifeach í cosúil leis an diagacht de réir an dlí canónta - de réir rialacha cléiriúila faoi iompar gnéasach mar shampla. Is diagacht fior í an creideamh réabhlóideach Abrahamach, ina togra praiticiúil chun an saoil seo a athrú de réir caighdeáin an saoil eile. Agus mise imo Chríostaí, faighim an caighdeán seo sa tsoiscéal is snár traidisiúin sinsireacha.......

Nílimid inár aonar sa saol seo agus sinn ag an réabhlóid a chur chun cinn. Bíonn ár sinsir thart timpeall orainn, mar a scríobh sagart Giúdach sna scríbhinní soiscéalacha:

Ar an ábhar sin, os rud é go bhfuil slua mór sin d'fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach...agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagatha amach romhainn....(Eabhriagh 12:1).

Sin é an fáth gur thóg ár sinsir 'Tithe Phobail' ar suímh ar raibh sinsir cailiúla ina gcónaí ann tráth - mar gur thóg na Breatnaigh Llandudno. Ina áiteanna a ba iad ina raibh ceiliúrtha pobail ann - amanna iad ag chomhairle a iarraidh, amanna iad ag buiochais a thabhairt dosna shinsir le ceol is le damhsa. Teach Phobail go fior a ba é - nach ina teach an sagairt é nó teampall 'naomh' ar chor ar bith, ach ina Theach ag an cosmhuintir.......

Fadó fadó agus mé imo shagart cunta óg i paroiste anseo i Kirkby, d'eagraigh muid gur thosaigh ceiliúradh Eocairiste roimh Nollaig le damhsa le cailíní as an meánscoil áitiúil - iad ina mamanna an am faoi láthair! B'fhearr liom san am faoi láthair a bheith ag damhsa leo sa Teach Phobail achan Domhnach fós. Ina réamhimeacht an damhsa a bheadh sé, i dteannta leis na 'mamann' sin agus iad ina cailiní arís i dTír na nÓg!



Slán go fóillín!

; ) xxx.............xxxx...............xxxxx...........xxxxxxxx.................xxxxxxxxxxxxx....X


Saturday, 22 August 2015

Rinnfheitheamh leis an Réabhlóid....

Bíonn an cultúr eorpach i gcoitinne faoin thionchar an-mhór meoin Laidineach fós; is faoin thionchar fealsúnachta na Gréige claisiceach ina shealsa fós é an meon Laidineach. Is draíocht den sort iad na tionchair seo sna haicmí béalóirí trasna an domhain. 'S cuma leo gur a mbíonn ag magadh futhu é an cosmhuitir toisc is leo féin é smacht impiriúil go forleathan ar maireachtáil na gnáthdhaoine.....

                                                  

    

  ....'s bogasacha, sotalacha iad - agus 's ina macasamhail iad achan duine a dhéanann aithris orthu! Mar sin féin, tá líne díreach cultúrtha iontu ón impire Iúl Caesar arbh mian leis an cultúr Ceilteach neamhspleách a scríosú fadó.....

                                          


               

                                            léarscáil mar ar léadh Iúl Caesar é

Ba comharba ag an maorlathas impiriúil Rómhánach é an maorlathas cléiriúil san 'Eaglais Caitliceach Rómhanach'.......Ach is ina bhall den chléir sin mise fós, fiú más imo bhall ceannairceach áfach!....Ba sa cléirscoil Upholland a rinne siad ball den maorlathas cléiriúil mé. Ach a thug siad deis dom leis an réabhlóid Abrahamach a thuiscint go soiléir.....i ndeireadh an scéil!....

D'oileadh sinn leathuair machnaimh tostach a chaitheamh sa séipéal ann i dtosach baire achan lá......

                         

                                             an séipéal, Upholland College, Lancashire

....ach níor raibh múineadh díreach faoi conas an 'macnamh' a fhorbairt. Ba ag achan mac léinn é eolas féin a fháil faoi!

Léimid leabhair 'spioradálta' le ceathrú uair tráthnona sa lá agus spreagadh muid abhar spioradálta a leámh níos leithne, go háirithe sna laethanta cúrsaí spiordálta a tharlaíodh achan mhí. Ach ní raibh oiliúint go leith faoi agus ba tionchar fealsúnachta frithabhaíochch nuaphlatónach sna leabhair - dímheas ar an chorp is ar an gnéas mar cathú peaca....Do chuir an léamh sin fadhbanna móra orm....

Seo anseo aon shampla amháin den meon cléiriúil. Ba iomann é a chanadh ag deireadh an lae. An-hálainn a mbíonn sé ach scriobhadh faoi tionchar meon nuaphlatónach a ba é.....


(liricí as Ghaeilge)

A Chruthaitheoir an uile ní,
impímid ort roimh dheireadh lae
go ndéanfá didean agus díon
orainn, a Dhia, le d'cheansacht chaomh.

Taibhse na hoíche dibir uainn,
cuir ruaig ar gach taibhreamh fáin;
smachtaigh an namhaid atá ar ár dtí
go raibh ár gcroí's ár gcorp gan smál.

Glac lenár bguí, a Athair chóir
trí Íosa Criost ár Sl;ánaitheoir,
a mhaireann leat trí shaol na saol
i gcomhréim leais an Spriorad Naomh. Amen

Ba ar an dualgas sinn féin a thabhairt chun foirfeachta anama é an fócas is ar an saol eile díchollaithe - gan gnéas (go raibh ár gcroí's ár gcorp gan smál. ) ná chun na réabhlóide Abrahamach a chur chun chinn sa saol seo...Mar sin féin d'fhuair mé scaitheamh beag, achan lá, le machnamh ar an soiscéal ar mo shon féin....Níl fhios agam fós, áfach, conas ar tháinig mé slán as!....

Níor fhill mé ar ais ar an cléirscoil ann ach cupla uair.....'S follamh é sna leathanta seo inniu, is ar anchaoi....

St Josephs Seminary Upholland - The Main Chapel

.......athraithe truamhéalacha a bhfuil ann, cinnte. Ach leanaim fós an cleachtadh urnaí  ar fhoghlaim mé ann...

Mar gheall ar Clainne an Gorta Mór ina gcónaí i Kirkby, áfach, d'athraítear ó bhun go barr mo shaol 'spioradálta' féin....D'athfhuair mé mo phobal féin ann agus mo shinsir in éineacht leo, is ár dteanga féin! Dá bhrí sin, bím ag labhairt leis na sinsir - as Ghaeilge - i rith achan lae. Spreagtar mé le cuidiú a fháil díbh le bheith imo pháirteach níos doimhne sa réabhlóid Abrahamach.

Chuala mé an ghairm soiscéalach don chéad uair i measc fothracha impiriúla sa cléirscoil - is anbhuíoch a mbím as. Ach mar a nduirt Martin Luther King, 's féidir liom reanna na Tíre Tairngire a fhéiceáil is an bealach réabhlóideach ina dtreo...... Leanaimis le chéile ar aghaidh air!  

Béarfaimid an bua.....'S CINNTE É!!!!!




Foilsithe 7 Lúnasa 2015
Seo amhrán úr a scríobh Eilín Ní Bhaoill as Rann na Feirste dá mac Daire Ó Baoill. Seo an chéad uair a rinne Daire taifeadta agus leagan do James Connolly átá ann. Tá dúil mhór ag Daire san amhrán James Connolly agus le Comóradh na Cásca i 2016, sin an fáth a chum sí an t-amhrán seo.
'An Saighdiúir Bocht Cróga' ainm an amhráin.
________________________________________­________

Seo na liricí:

Bhí scaifte mór cruinnithe ag geaftaí Chill Mhaighneann
Gach ceann acu nochtaigh, go cráibhtheach ag guí
Mar istigh ina chillín bhí saighdiúir bocht cróga
Ag íobairt a bheatha, cé gur brónach a chroí.

Chuaigh sé chun báis chun aisling na saoirse
A chaomhnú is a chothú, ag deireadh an lae
Nuair a tugadh an t-ordú, rinne urchair roiseadh
A dfhág saighdiúir bocht cróga, ina luí ins an chré.

Tógadh an brat dubh thar gheaftaí Chill Mhaighneann
Ag leiriú don t-saol mhór gur leosan an bhuaigh
Ach is iomaí deor léanmhar a sileadh an lá sin
A dfhág saighdiúir bocht cróga ina luí ins an uaigh.

Ag ionsaí na cathrach bhí an namhaid go fíochmhar
Bhí aisling na saoirse le plúchadh is le claoí
Ach go glórmhar a scairt sé ag iarraidh gan géilleadh
Ó threithe ár sinsear, do fhórsaí an Rí.

Is iomaí lá a d-imigh ó Reabhlóid na Cáisce
Is an leathrom a dfhualing ár d- teanga is ár d-tír
Agus Óglaigh na h Eireann, gualainn ar ghualainn
Ag íobairt a mbeatha le muid a thabhairt saor.

Is uafásach naireach do réim a Rí Sheoirse
Ach ar phobal na h Eireann, ní bhfuair tú an bhuaigh
Níl blátha le fáil ann ach tá an Seamróg ag fás ann
Do shaighdiúir bocht cróga, ina luí ins an uaigh.

..Slán go fóillín!

; ) xxxx......................x...............xx................xxxx..................................................XX...x

Sunday, 2 August 2015

An Gaeilge: uirlis réabhlóideach nó caitheamh aimsire leis an meán-aicme?.....


'S an-fheargach mise, feargach thar fóir....

Bhruchtaigh an fhearg seo amach asam agus an bothar tugtha dom an 7 Iúil 1965....Le trí bliana roimhe bhí post agam imo bhall de fhoireann ar riaraigh an saol laethúil ag na macléinn is óige sa cléirscoil caitliceach; Upholland College dtugadh air.

                                        Image result for upholland college pics

Le cupla bliain roimhe chuaigh mé chun bheith míshásta leis an córas arbh orainn ina baill den fhoireann a bheith freagrach air. Ba tar éis sochraide mo mháthar, Síle, 7 Iúil 1965, áfach, gur duradh liom nach mbeadh call ar bith agam mar bhall den foireann níos mó.....'S dóigh liom inniu gur mo mheon agóideach é an fáth na mí-shástachta liomsa - níor aontaim leis an 'polasaithe' ag an sagart-stiúrthóir ann....

Uain cinniúnach dom a ba é; nach oiriúnach don mhaorlathas cléiriúil an meon a raibh ionam agus ba ón meon neamh-mhothálach mhaorlathach é uair tar éis sochraide mo mháthara a roghnú chun bat is bothar a thabhairt dom! Mar sin féin, lean mé ar aghaidh leis mo léinn agus rinneadh sagart díom 20 mí Bealtaine '67......

                                    Image result for upholland college pics
                                                             an ceathrar ón chlé, líne deiridh

 Mí Lúnasa '67, cheapadh mé imo shagart chúnta i Kirkby, Learpholl, áit ina mbím imo chónaí fós, imo shagart fós, cinnte, ach lasmuigh den maorlathas cléiriúil.....Bhí cleachtadh againn (sa foireann sagairt) ag an tráth sin, cuairteanna de réir eagrais a thabhairt ar achan teaghlach sa paróiste achan cupla mí. Mar shampla agus mise ag obair sa meánscoil cailíní, thabharfinn cuairteanna do teaglach ag achan cailín sa ceathrú rang (15/16 bliain d'aois) idir meán Fhómhar is an Cáisc - 400 teaglaigh ina iomlán. I rith na cuirteanna, thug mé cuireadh dosna thuismitheorí chun freastail ar cruinnithe leis an fhoireann oidis creidimh ag an scoil.

An-thábhachtach a ba é an tionchar orm den dlúthchaidreamh ar fhás den teagmhálacha pearsanta sin..... Fáth mo shocrú leis éirí as an maorlathas cléiriuil a ba é; agus doimhnigh is daingnigh sé ionam an meon sóisialaíoch agóideach a bhí - is a mbíonn fós - ag Clainne an Gorta Mór anseo i Learpholl. Ba ag an tráth seo gur thosnaigh mé fréamhacha Gaelacha ag muintir m'athar a fháil, i dteannta leis an  'éireannachas' ag muintir mo mháthar....

Dá bhrí sin, bíonn díomá an-mhór, ar na mallaibh, agus mé ag amharc ar clár teilifíse TG4 faoi créideamh mna in Éirinn; Meon na mBan a dtugtar ar an sraith uile. Fáth an díomá?.....gurbh ina mna 'galánta' iad ó The Beautiful People, ina daoine snásta, oilte, gealghaireacha, bogásacha fiú.....is an líofa as an Ghaeilge. 'S doigh liom narbh ina cosúlacht sin a raibh Máire Nic Aoidh (1821-1888, í ina bean-chéile Féilimí Ó Riabhaigh) as Ráthchorr a ba í - féach ar an blág roimh an ceann seo. Agus ní raibh tagairt ar bith do chreideamh simplí sa saol eile a raibh ag Clainne an Gorta Mór.

Agus - an rud is measa - ní raibh siad dearga le fearg faoin leatrom a mbíonn ar droma daoine an cosmhuintire - ní in Éirinn ná sa domhan mór. Gan dtuiscint ar bith a ba iad de réir dealramh faoin theachtaireacht réabhlóideach, sóisialach a bíonn ina croílár an soiscéil ag Íosa as Nazareth. Gan tuiscint ar bith a ba iad nach ina mhothú taitneamhach é an creideamh Abrahamach ná ina chonclúid in argóint fealsúnach. Is ina rogha bunúsach é: rogha a thógáil ar son na 'bochta', ar son an cosmhuintir. Ponc!

Is feiminí mise: sin é go bhfuil aithne agam gur bunusacha marthanacha iad fós torthaí na réabhlóide paitriarcach réamhstairiúil. Déanaim mo dhícheall a troid leis imo shaol pearsanta agus sa sochaí imo thimpeall. Mar sin féin is ina haon chuid amháin den coimheascar leis an sclábhaíocht paitriarcach níos leithne é. 'S lochtach ó fréamh é gan aire a thabhairt ar torthaí ó leatrom an córais paitriarcach ar an cosmhuintir i gcoitinne. Is réabhlóid cuimsitheach a mbíonn de díth orainn....

Dá bhrí sin, tíolacaim an ceol seo dosna mna ar thug dom na rudaí is luachmhaire imo shaol: an beatha féin is an ghrá te is bog ó Síle Ni Cráith agus an dlúthchaidreamh leis na mna den cosmhuitir Learphollach-Éireannach. 'S tochtmhar a mbím i gcónaí fá dtaobh daoibh......



.......is buíoch atáimse don mhisneach ar thug siad go léir dom chun mo pháirte bídeach a dhéanamh sa réabhlóid Abrahamach.....

Slán go fóillín!

; )) xxx.......xxxx.......xxxxx..............................................................XX...............................x

Sunday, 19 July 2015

Gramadacah is an réabhlóid



Cheannaigh mé leabhar an-fhonta cupla bliain ó shin a bhfuil Gramadach gan Stró air. Leabhar an-fhonta é domsa chun feabhsaithe a chur ar mo droch-Gaeilge! Mar go bhfuil an-shoiléir duit, níl agam ach an Gaeilge briste....

D'ainneoin mo ghrá don teanga, ní deis ar bith agam leis an Gaeilge a labhairt le comharsana sa ceantar seo. Níl deis agam ach a bheith ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta nó le stáisiúin raidió eile chun ma chiud Gaeilga a bhfeasú. Féachim ar cláir TG4 ar an 'seinnteoir'. Scríobhim as Gaeilge ar Facebook, ar Twitter agus sa bhlag seo freisin; is as Gaeilge a deirim paidreacha go laethúil - an phaidrín is Urnaí na hEaglaise. Agus labhairim, as Gaeilge, leis na sinsir, go rialta i rith an lae. Ach, ar ndoigh, fiú go creidim go mbíonn na sinsir ag éisteacht liom, ní cloisim aon fhocal astu!......

Cén fáth a mbím an 'comhrá' seo ag chothú?.......Toisc go mbím imo dhuine Learphollach-Éireannach...

......is an chiall a bhfuil ar an fhéiniúlacht sin?.....Gurbh ina Clainne den Gorta Mór iad na sinsir, ina daoine den aicme is 'isle', is suaracha i measc na Éireannaigh 'thar lear'. Mar gheall ar an bochtanas a raibh acu agus mar gheall ar drochmheas ag na Sasanaigh orthu - is ag na an maorlathas cléiriúil i gcoitinne freisin - lig siad an Ghaeilge uathu.....Mar sin féin - cailleadh na Ghaeilge - bíonn drochmheas orainn, inár Larphollaigh-Éireannachaigh fós...

Chun dushláin a thabhairt don dhímheas, doimhnaítear an meas mór a mbíonn agam ar na sinsir Bainim úsáid as an teanga - éisteachta, léite, is  fiú imo smaointe féin - chomh forleathan agus is féidir liom. 'S an-thabhactach é an gramadach, cinnte. Ach is chomh tabhactach é ionas gurbh fhéidir an Gaeilge a bhith ag rith trí mo chúisle - cés moíte desna botúin gramadacha!

B'anam mo mhuintire (Ó Riabhaigh/Nic Aoidh) é an Gaeilge Oirealla. Do ghoideadh í uainne sna slumaí anseo ar bhruacha na Mersey.....

                                IS LINNE AN GHAEILGE!!!!

Ba Máire Nic Aoidh is Felix Ó Riabhaigh iad inár 'céad thuismitheoirí' - inár Ádhamh is Éabha! - anseo i Learpholl. De réir dealraimh bhí blás Uladh ag Micheál an céad mhac acu, mar ba 'Irish Mike' an leasainm air sa cheantar ina bhí sé ina chónaí. B'fhéidir go raibh nathanna cainte Gaelacha aige; mar a rugadh Máire a mháthair san Ráth Corr, Cuaille, co. Lú. (1821). B'ina Gaeilgeoirí iad 95% den daonra Cuailigne le linn an Drochshaoil. Rugadh Felix i Baile an Eannaigh, in aice leis Hilltown, i spoir na Beanna Boirce ina raibh formhór na daoine ina Gaeilgeoirí freisin.

B'as an lethinis Cuailigne é na 'Fadgies', an dream a bhí ag obair sna margaí i mBéal Feirste. 'Fadgies'? Toisc gur, sa chaint as Gaeilge eadrainn, chloistí 'a Pháidí' i ngach aon abairt. Cuirtí 'Wackers' orthu i Learpholl - 'mo mhac' cloiste ina comhrá as Gaeilge!....Sna seachtóidí bhí sobaldhráma ar an BBC a dtugadh 'The Wackers' air. Lán de steiraphlátaí uafásacha a raibh se áfach....

Tháinig na 'wackers'  go Learpholl chun saoil níos fearr a fháil!.....ón talamh bánaithe Cuailigne agus isteach sna slumaí Learphollacha ar tháinig Máire Nic Aoidh is as ceantar na Beanna Boirche, Felix.....díbríthe amach as Éireann leis an coiliniú sasanach gan trua gan taise, agus isteach i Learpholl cathair faoi smacht ag na caipitlithe sasanacha gan trua gan taise.....

Image result for ballynanny co Down pics
  Image result for cooley co louth pics                                                                              Cuailigne is na Beanna                                                                                                                                                                         



Ná fiafraigh díom cén fáth a mbím ar buile!

Ná fiafraigh díom cén fáth a scríobhaim as mo chuid droch-Ghaeilge....cén fáth a dhéanaim iarrachtaí feabhsú a chur air.....cén fáth a mbím ag labhairt le Máire Nic Aoidh, le Felix Ó Riabhaigh is leis na Clainne an Gorta Mór ina gcónaí go deo sa saol eile.......

Nílim i m'aonair ar chor ar bith......Is i measc na céadta milte atáimse. Is agóideach mise mar a bhí Michael Ravey eile - mo shin.....sheanathair, 'Irish Mike'.....agus macasamhail leis an Michael Ravey eile - é ina sheanathair ag 'Irish Mike', ar chuir a hainm ar an achainní i gcoinne píonos báis ar William Smith O'Brien i 1848.

Ní gúth aonaránach mise!

Chríochnaim an blág inniu le dhá amhráin, an céad ceann acu ina hamhrán le Art Mac Cumhaidh, file Oireallach; agus an dara chean acu ina hamhrán traidisiúnta a raibh na fréamhacha aige in Oirealla de réir Enrí Ó Muirgheasa. Is Pádraigín Ní Uallacháin í an céad amhránaí - í ina údar is ina amhránaí traidisiúnta cáiliúil, í ina cónaí san 'Orialla'. Is Sinéad O Connor an dara amhranaí acu- ina duine bríomhar réabhlóideach í!

 

....'S AM AISÍOCA É!!!!



....'S AM DÍOLTAIS É........AR SON AN TEANGA, AN CHULTÚIR, AN DHÍNITE GOIDTE UAINN!


TIOCFAIDH ÁR LÁ.......

Slán go fóillín....

; )) xxx...........................xxxxxx.........................................xxxxxxxx..................................XX...x

Saturday, 6 June 2015

Litír do Bhernadette MacAliskey/Devlin.....

D'fhéach mé ar clár ar seinnteoir TG4 cupla lá ó shin. Clár faoi Bernadette Devlin/McAliskey a ba é. - Bernadette an teideal air. Bhain mé sult as an clár....macasamhail le turas, ba turas é ar bóithirín an cuimhne mar chanadh é leis an boc fadó!

Ina bhean spreagúil dom a ba í agus mé imo shagart oige. Scríobh mé litir dí tráth, cuireadh dí chun teacht anall go Kirkby. Ba mhian liom an pobal anseo leis ár bhféiniúlacht mar Gaeil an lucht oibre a ath-ghríosadh ionainn......ach, faraor, gan freagra ar bith uaithi! Mar sin féin fanann sí ina banlaoch na nGaeil fós.....

                                                      Image result for bernadette devlin

a Bhernadette, a chara,

.....Bhí díoma beag orm faoin clár, sa clár fút ar TG4 ar na mallaibh. Nach 'Telé Gaeil' é an canal seo? Ach diomaite d'óráidí taifeadta sna seachtóidí, níor labhair tú ach as Béarla ar fud an cláir....B'fhéidir gur doigh leat  gurb níos práinneach ag an am faoi láthair é an réabhlóid sóisealach ná 'athbheochan' an teanga?....Más leat an tuairim seo, níl aontaim leat ar chor ar bith. 's fite fuaite le chéile an beirt acu ina haon uirlis réabhlóideach amháin....

I measc sinn, Clainne an Gorta Mór, níl réabhlóid gan teanga.





(Liricí ar fháil: http://www.grainneholland.com/#!lyrics/ceja )

Sa blág roimhe bhí mé ag plé faoin cuimhne géineach, faoin neamh-chomhfhios coiteanta (N-CC). Bhuel, chomh mhaith leis cúrsaí pianmhara is tragóideacha - an Drochshaoil, mar shampla - a bhfanann ann, tá loirg nithe bunúsacha dearfacha ann freisin, loirg teanga ina measc. Ba inár ndaoine dísheilbhithe sinne le céadta blianta; ach níor chaillíomar an Ghaeilge ach le cupla glúine........

Glúin: tréimhse ama a bhfuil gairid go leor ionas gurb fhéidir le duine comhra a dhéanamh le duine eile fá dtaobh d'eachtra a raibh an duine is sine páirteach ann.

Mar shampla, tógadh m'athair féin, Jim Ravey (1910-1975), i teaghlach ina raibh a sheanathair ina cheann teaghligh; Mick Ravey (1856-1929) an ainm air: aon glúin amháin. D'inis Mick scéalta faoi a athair féin do Jim: an dara glúin. Tugadh Felix (1823-1884) airsean; agus rugadh é i measc Gaeilgeóirí i : an triú glúin..... Agus posadh sé le Mary Magee (1821-1888) a rugadh i gCuailigne (Cooley) sa paróiste Carlingford, áit a raibh Gaeltacht ann go dtí na 1970í. Tréimhse gairid go leor a ba é chun loirg an teanga a fhanacht go dian sa cuimhne géineach mo mhuintire féin'in.....

Ba sóisialaíoch, agóideach é an meon ag m'athair is aga a dhearthair, Jack. De réir dealramh ina fhear flaithúil ach agóideach freisin a bhí a seanathair, Mick - 'Irish Mick' an leasainm a dtugadh air sa ceantar Kirkdale i Learpholl. Agus, de réir béaloidis mo mhuintire:

I keep on thinking of Grandma and what might have happened if she had been evicted from her house......(Ba an cur isteach le Mick ar tharrtháil an teaghlach tar éis báis mo sheanathra, John, i timpiste sna duganna)....

.....We would not be here to-day.  Mum (deirfiur ag m'athair) used to say her Irish  Grandad was kind. He may have had a reputation but helped Grandma. Perhaps Uncle Jack took after him. He liked to drink but used to sing Scottish songs at New year when he was drunk because he said he was Scottish. Mum used to say her Scottish Grandad was mean.  Every year when he had his weeks holiday he went back to Scotland with presents but never took his wife there.   Grandma had a hard life and worked until she died (ba ímo chol ceathair ar scríobh an léiriú).

Go díreach roimh a bháis bhí fonn ar m'athair an Ghaeilge a foghlaim......Spreagadh é le cuimhne géineach?.... 'S doigh liom gurbh ón N-CC (an neamh-chomhfhios coiteanta) ar bhructadh sé aníos....Agus dá bharr sin, seo anseo mise ag scríobh a mo Ghaeilge briste!.....

Is inár gClainne an Gorta Mór, sinne, a Bhernadette; inár gcosmhuintir Gaelach dísheilbhithe; inár bpobal séanaithe leis 'Éireannaigh' i gcoitinne, gallda nó Gaeil. Mar sin féin is inár  ábhar réabhlóideach sinne freisin.....ach tá taoiseach laoch/ban-laoch de díth orainn!....

le meas is dea-mhéin .......................


Maidhc Ó Riabhaigh, sagart réabhlóideach (fós - 46 bianta tar éis mo chéad is litir amháin duitse!)


Féach, a léitheoir, ar........



fiú gurbh as Béarla é........ach amháin dá mbeadh sé as Gaeilge!