Friday, 10 January 2014

Mna mo mhuintire ina croí na nGaeil.....

An bhliain seo caite go direach, thosaigh mé a bheith ag éisteacht le staisiúin raidió gaelach. An-shuimiúila iad agallaimh ar raidió idir iristheoirí a bhfuil Gaelige líofa acu is Gaeilgeoirí trasna an domhain. I rith an bhliana seo caite, mar a duirt mé, bhí mé ag éisteacht le cláraca ar raidió Gaelach achan lá - RnaG, Raidió Fáilte, is Raidió na Life. Ag an am céanna bhí mé páirtioch i suíomhanna Gaelacha ar an idirlíon.....Bionn an-mheas agam don iristheoireacht mar go bhfuil sí  agus ar feabhas; is ina beanchabhartha í ag an daonlathas....

Tá cnuasach leabhair as Gaelige agam, freisin. Déanta na firinne, ghlac mé leabhair ón clubleabhair Coiscéim le deich mbliana anuas. Ach ba faitios a bhí orm i gcónaí rompu! Shil mé nach raibh mo dothain focail as Gaelige a bheith agam lena léamh go éasca. Ach san earraigh an bhliain seo caite, thóg mé deir - 'shingles' as Béarla!...agus bhí eigean orm mo scith a dhéanamh le cupla mí.....Shocraigh mé mo 'leabharlann' a h-oscailt is an luaithreach a ghlanadh de cludaigh mo leabhair Gaelacha....

Ag an am céanna, bhí toradh ar taighde a rinne me ar préamhacha éireannacha ag muintir m'athar. Is, le cuidiú gineolaíthe (Máirtín Mac an Thoirbhealaigh)  a bhfuair mé an fearann Baile an Eanaigh agus ainm sin-sinseanathara ag m'athara féin. Bhí Michael Ravey air, mar go bhfuil orm is mar go raibh ar mo sinseanathair féin. I rith a bheatha, ba mhaith leis m'athair loirg a mhuintir a fháil; agus bhí me ag féachaint ar grianghraf na pairceanna a raibh ag an Michael Ravey eile ar cíos 170 bhliain ó shin.......Tháinig na deora liom - i ndéireadh na dála, bhí mé 'sa bhaile' de reir dealraimh!

                                     

                                     
                                                 teach nua-aimseartha ar an suíomh

Mar sin féin is éireannach-learphollach mise agus nílim éireanach go simplí; bíonn blás learphollach ar mo chuid Béarla agus a bhfuil préamhaithe i Sasana é mo mhuintir ón am an Droch-Shaoil. Is anseo - agus mé imo shaoranach shasanach - a bhfuil mo bhféiniúlacht éireannach a dhearbhú agus an teanga mo mhuintire a ath-mhaíomh. Níorbh mhaith liom a 'fhilleadh' ar Baile an Eanaigh,  mar níor mise é a d'imigh as!......

Bhí an-fhorbairt sna meáin-cumarsaide óna caogaidí. Ar an ábhar sin, is doigh le mórán iristheoirí nach tábhachtach a raibh an imirce ón Éireann roimhe! Ní dhéanann siad nasc idir an gréasán soisialta na h-aicme is isle i Learpholl an lae inniu agus 'éireannachas', gan tracht ar an Gaelige ar chor ar bíth. Níl sé ach anuraidh go foilsiodh taighde den scoth fá dtaobh de - i leabhairín le Tony Birtill:

         A Hidden History - Irish In Liverpool: An Ghaeilge i Learpholl

                                                     A Hidden History - Irish In Liverpool: An Ghaeilge i Learpholl by Tony Birtill

                                        ISBN 13: 9780956452719 | ISBN 10: 095645271x

'S féidir leat á fháil ó: news from nowhere, Liverpool's radical and community bookshop, ar líne www.newsfromnowhere.org.uk....

Is mo bharúil mheasta nach mbeadh aon bhealch ar aghaidh dár bpobal anseo mura ár bhféiniúlacht mar pobal Gaelach a ath-gabháilimid. I rith caoga bliain, níor thug mé faoi deara aon fheabhsú sna cursaí soisilata nó eacnamaíochta anseo i Kirkby. Ní mbaineann an eaglais caitliceach leis an ábhar níos mó. Bionn an páirtí Lucht Oibre anseo ro-shasta leis féin chun radharc raidiceach, réabhlóideach a chothú i measc an phobail.....

A cairde Gaeil, d'áirithe sibhse, na iristheoirí ina measc, 'Tarrtháiligí sinn!

Do bhí is a mbionn fós tionchar na mban in thionchar is doimhne orm agus mé imo chónaí anseo. Bím ag tnúth leis a féiniúlacht Gaelach a thabhair ar ais doibh....chun iad a bheith ina cailíní gaelacha arís!


(an leagan seo as Gaelige na hAlban. 'S féidir leat an dara ceann as Gaelige na hÉireann:



Two songs, one in Irish Gaelic the other in Scottish Gaelic (translated from Irish).

I think the first is sung by Tomas Mac Eoin from Cheathru Rua (Carraroe ), Conamara, Ireland.

He composed the song "Chailin Uasal" as listed in "Up Seanamhach" a book by Micheál Ó Conghaile published in 1990. The first line is " A Nach Iomai Amhran Ariamh A Duirt Me" and the chorus begins
"A Chailin Uasal, Fan Go Foill Liom." I have not found it eslewhere and I think I recorded from a Gaelic radio programme years ago. He definitely composed the original Irish lyrics of the second one, which are given below. The Scottish version , sung here by Tom Sloss, is fairly similar, though not a word for word translation:

An Chailín Álainn

Tá cailín álainn, a dtug mé grá dhi
Sí s deis is áille, ná bláth s ná rós
Gan í ar láimh liom, is cloíte atá mé
Ó a chailín álainn, s tú fáth mo bhróin

Curfá:
A chailín álainn, a dtug mé grá duit
Ó bí ar láimh liom, mo mhíle stór
Ó abair liomsa, gur tú mo ghrá gheal
Beidh orm áthas, in áit an bhróin

Nuair a éirím, amach go huaigneach
Siúd é an uair, is mó mo bhrón
O bím ag smaointeamh, ar an chailín uasal
Atá i bhfad uaimse, mo chreach s mo bhrón

Dá dtiocfá liomsa, a chailín álainn
Aríst go brách ní, bheadh orm brón
Sheinnfinn ceol duit, mar cheol na cláirsí
Nó ceol binn smóilín, s an drúcht gheal cheo


The Lovely Girl

Theres a beautiful girl whom I gave my love
She is kinder and lovelier than a flower or rose
Without her hand in mine, Im weak
O beautiful girl, youre the cause of my grief

Chorus:
O beautiful girl whom I gave my love
Give me your hand, my dearest one
Tell me that youre my bright love
And there will be happiness upon me instead of sorrow

When I rise, lonely
That is the time my sorrow is greatest
I think of the precious girl
Who is far from me, my ruin and my grief

If you came to me, beautiful girl
Ever again, I wouldnt be sad
I would play music for you like music of the harp
Or the sweet song of the thrush in the fogs bright dew
)

faraor gur bréaga na iomhanna atá leis!!!!....mo leithscéal!......


Slán go fóillín!

; D xxxxxxxxxxx......................................................................................................................X