Monday 1 February 2016

na sinsir - amach as an ceobhrán

Bhí mé ag féachaint ar clár teilifíse ar sheinnteoir TG4 aréir. Clár faoi amhránaíocht a ba é ina rinne amhránaí mór-le-rá iarracht tinfeadh amhranaíochta na Ghaeil a mhiniú. Foinse dobhraite atá i gceist de réir dealraimh, ach ceangailte le spioradáltacht é, le 'Dia'?....rud éigin neamhábharatha?....Ach is ábhartha é achan neach sa chruinne - Dia san áireamh (Baruch de Spinoza: Ethics 1677)

                                                


Agus an toradh aigesean?......

Bhuel, 's dóigh liom go mbraithfimis níos láidre an dlúthbhaint eadrainn is Dia dá dtuigfaimis go bhfuil snaidhm fisiciúil bunúsach eadrainn. Níl Dia ina neach díchollaithe. Nílim ag tagairt d'Iosa as Nazareth agus é ina 'mhac Dé' mar a ndeirtear sa diagacht impiriúil an ceathrú aois CE. Is ina mhac Dé é de réir tuiscinte giúdach sa Salm 2. Is faoin Dia Abraham a bhfuilim ag caint. Bíonn sí/sé comhbhraiteach leatsa/liomsa toisc go mbraitheann sí/sé mar a gcéanna a mbraithimid féin!....

Níl eolas díreach abhartha ar Dia againn. Is ar an briathara sna scríbhinní Abrahamacha atá ár seasamh. Tá rogha romhainn: cé acu muinín a bheith againn ann nó nach a bheith. Mar shampla faoin aiséirí na marbh: níl cruthú dearfa abhartha faoi; níl ach dearbhuithe faoi sna scríbhinn Abrahamacha mar an dearbhú Íosa:

...mar gheall ar : 'is mise Dia Abraham agus Dia Íosác agus Dia Iacób'? Ní hé Dia na marbh ach Di a na mbeo.... (Matha 22:31 is ina ndiaidh).

Agus mé imo sheanduine dóite is ina cheist práinneach í! An mbeidh mé imo bheo beathach, aiséirithe óna marbh tar éis mo bháis nó nach mbeidh?

Tá scéalta faoi sna 'scríbhinní' Ach níl ina chruthú eolaíoch iad. Tá scéalta faoi taibhsí sa béaloideas i cultúir éagsúla trasna an domhain; ach is neamhábhartha í taibhse - maith go leor de réir meoin neophlatónach é ach ní bheinn sásta leis ar chor ar bith! Agus ní mar é seo an dearbhú ag Íosa. Is aiséirí ábhartha atá i gceist sna scríbhinní - Giúdacha, Críostaí, is Moslamacha. Níl ina nDia na taibhsí é an Dia Abrahamach, ach ina Dia na mbeo ábhartha é!

Sula rachaidh mé isteach sa dorchadas báis - agus ina dhubh-dhorcadas é an dorchadas báis atá os mo chomhair - tugaim fianaise ar briathar Dé sna scríbhinní Abrahamacha.  Tá muinín cuimsitheach agam ina bhriathar. Is ciallmhar mise ann is réasúnach. Tá fealsamh BdS imo threoraí freisin....

Is éagsúla amach is amach é muinín dearfa as bhriathar Dé ón 'crapsholas ceilteach', nó ón neamhbheachtas 'spioradálta' atá rófhlúiriseach sna meáin cumarsáide faoina saordhána. Ina clúdach é sin ar míchruinneas fealsunach nó ar uamhán os comhair an dorchadais nó ar cotúlacht is náire os comhair colainne nocht. Mar a scríobh an file TS Eliot sna Four Quartets: Humankind cannot bear very much reality.

Rogha eile is ea  a 'rage rage against the dying of the light' (Dylan Thomas). Freagra níos macánta é fiú más feargach éadóchasach....Cosúil é leis an salm at dtugadh i mbéal Íosa as Nazareth sna scríbhinní: a Dhia, a Dhia, cén fáth ar thréig tú mé? Ach ina salm caithrémeach é an Salm 22 ina bhfuil na línte deireanacha ina fógra na réabhlóide Abrahamach:

 is leis an Tiarna an ceannas: rialaíonn sé na náisiúin
agus adhrfaidh maithe móra an talaimh ina fhianaise:
cromfaidh ina láthair a ngabhann síos sa luaithreach.
......
Foilseoidh siad a dhílse do pobal nár saolaíodh fós.....(Salm 22:28 is ina ndiaidh).

Sin a fáth ar mhian liom a bheith ag damhsa leatsa, amach as dorchadas an báis is go ríméadach isteach an camhaoir i bParthas!





; ) xxx............................xxxxxx..............................................................................................XXX

Maidhc