Monday 26 January 2015

na Éireannaigh Learphollacha is an cosmhuintir Gréagach......

.....bíonn an baothghalantacht ag fas fós i Learpholl is trasna an contae a bhfuil 'Merseyside' air......

                                       

Tá ceithre buirgí ann ar taobh tuaisceart den abhainn Mersey: Liverpool, Sefton. Knowsley, is St Helens agus aon buirg amháin ar an taobh deisceart. Ach ni raibh contae ar bith a raibh 'Merseyside' air roimh 1974; ní raibh ach Learpholl, agus é suite sa contae Lancashire ar an taobh tuaisceartach den abhainn. Ba sa contae 'Cheshire' é 'The Wirral'.....

Tá blás ar leith fós ar ár cuid cainte i Learpholl agus dímheas mór air sa meon baothghalanta ag Béarlóirí i gcoitinne i Sasana. Is mo bharúil mheasta é gur i meon cinionachais, frith-Éireannach - ach ainbhiosach - a mbíonn an dímheas sin suite. Mar ba mar seo a labhair siad as Béarla, na 'Clainne an Gorta Mór' i Learpholl, agus an Ghaeilge duchais caillte acu.

I 1974, agus mé ag obair imo shéiplíneach i meánscoil i Kirkby, anseo i buirg Knowsley, mhúin mé na daltaí ina gasraí beaga agus iad cúrsaí creidimh a leanúint. Ag an am sin - is san am faoi láthair fós - ba ina chuid lánlárnach desna cúrsaí sin é féiniúlacht a chothúi measc na daltaí agus i measc an phobail i gcoitinne. Fiú gur chaill muid ár stair féin - na nascanna eadrainn, idir ár sinsir Gaeil agus sinn inár gclainne an Gorta Mór - mar sin féin braithimid an dímheas ina cruthú dearfach gur ina eachtrannaigh sinne inár dtír féin.....

                         
The Clarence Dock Gates,  'fáilte' go Learpholl roimh 300,000 clainne an Gorta Mór, 1845-52.


Chuir mé léarscáil Merseyside ar an mballa sa seomra scoile agus d'fhiafraigh mé na ceantair a raibh aithne ag na daltaí orthu. Bhí muintir ag formhór na daltaí ina gcónaí fós sna ceantair cóngaracha do Vauxhall sna áiteanna ina chuir na Clainne an Gorta Mór i dtír céad mbliana roimhe. Bhí aithne acu freisin ar 'easáit tithíochta' mar Norris Green - ina rugadh mé ann - agus Speke i ndeisceart Learpholl - eastáit ina raibh an cultúr/slí bheatha ag formhór na daoine 'scouse', sin é, i cultúr munlaithe go millteanach leis Clainne an Gorta Mór..........

I codarsanacht le sin. níor thug siad cuairt riamh ar ceantair galánta mar Mossley Hill, Crosby. nó The Wirral.......

                                Mossley Hill

                
                      Norris Green



                                                 

                                                          Tower Hill, Kirkby

Sna nóchadí, agus mé ag obair sna cúirteanna coiriúla, bhí mé páirteach in oifig leis oibrí soisialta eile a raibh a dheirfiúr ina cónaí i Mossley Hill. D'inis sé dom go raibh gearán buan ag a dheirfiúr go raibh athrú uafásach ar an tsochaí ann ón méadú ina céadatán desna 'Caitlicigh' ina cónaí ann le blianta beaga - is ina luathscríbinni é 'Caitlicigh' go minic anseo do Éireannaigh-Learphollaigh den aicme is isle.......'Croppies lie down!', b'fhéidir?......

Ach cén fáth a roinnim é libhse an mhaidin fuar grianmhar i Learpholl?.......Bíonn fearg orm.....sea, 'bíonn' ná 'tá'......toisc go mbíonn fearg orm fá dtaobh de, na bliana ar fad......fearg faoi an dímheas caite ar Éireannaigh-Learphollaigh leis na Sasanaigh i gcoitinne,.....ach ar buile go háirithe leis an lucht baothghalanta a raibh fréamhacha a muintire i Merseyside ach go bhfuil náire orthu fá dtaobh de. 'S romhinic a bhfuil an dara dream acu ag magadh faoin doigh a labhraíonn a muintir féin....

Ach, sa Ghréig inne - 25 lá d'Eanáir 2015 - ba réabhlóid polaitiúil é a tharla ansin.....ina réabhlíod leis an cosmhuintir i gcoinne an licht na ndaoine mór-le-rá san aontas Eorpach. Tá a dotháin gairge fulaingte leo, gairge ó lucht rachmais, ón maorlathas sotalach i mBeirlín, is ón lucht baothghalanta freisin.....

          

Is céim ar aghaidh suntasach é an réabhlóid polaitiúil sin, cinnte. Ach ní leor sin!.....Bíonn gá leis anseo, ar bhruacha an abhann Na Mersey.......Agus 's práinneach é an gá......




Slán go fóillín....

; D xxxx........................................x..............xx..............xxx...............xxxxx.............................................X

('s féidir leat mé a leanúint ar 'Twitter' @AnRiabhach, agus ar Facebook, 'Mike Ravey')

Tuesday 6 January 2015

An Tréigean Mór

Níor scríobh mé bláganna ar bith leis an coicis seo caite. Bhí mé báite faoi tuille na rudaí a raibh orainn a dhéanamh chun ullmhucháin mar is ceart roimh Nollaig is chun fáilte a chur roimh aíonna.....maisiuchán tí,...féiríní a chornadh i páipéir....cartaí Nollag a sheoladh.....an siopadóireacht a chríochnú roimh 'deireadh an tsaóil' - de réir dealraimh!......

Cén fáth an fuadar imníoch seo?......

Chun breithlae 'mhic Dé' a céiliúradh, mar a deirtear leis an maorlathas cléiriúl Críostaí?.....Ní hea ar chor ar bith!...

Maith go leor, ach cén fáth mar sin de?.....




.........sin an fáth!.......


                                        

......agus:

                                        
....nó:

                                        

.........ach ní tagairt ar bith ann do 'mhac Dé'.....

Is Constantín, é an boc mór thuas, ba ina h-impire Rómhánach é go luath san ceathrú aois RC (Ré Chríostaí) ar chur dath 'Críostaí' ('natalis'/nollaig/'breithlá Críosta') ar féile Grianstad Geimhridh, féile 'pagánach' ('solis invicta'/ grian dochloíte) a raibh meas mór air i saol na cosmhuitire - mar a mbíonn sé fós.....'dath Críostaí'?...mmmmm.....Bhuel, rugadh Íosa as Nazareth sa fhomahir de réir dealraimh mar a mhinigh mé i mbláganna eile. Ba bréagach é amach is amach an tógra impiriúil sin!...

Ach bhí tógra idé-eolaíoch ag Constantín. Ba mhian leis Íosa a h-aistriú ó réabhlóidí Abrahamach - mar a mbíonn sé sna scríbhinní soiscéalach - agus dá chur i bParthas, leis na 'déithe' Rómhánacha, as bealach cumhachta impiriúil. Thug Constantín tacaíocht don dhiagacht an-chasta, nua-phlatónach ina phléíodh gur ina Dhia, ina bhall de Diacht trí-aonta. De réir sin ní cuirfeadh Íosa isteach sa chóras impiriúil ach amháin ag 'deireadh ama', sna cianta cairbreacha ó shin!

Ba é sin An Tréigean Mór, ina fhrithréabhlóid paitriarchach, a mbíonn an tionchar aige fós ar achan 'eaglais Críostaí', pé acu 'caitliceach', 'ceartcreidmheach', 'protastúnach', nó 'soiscéalach'. Agus a mbíonn an meon seo - 'measa-ar-an-boc-mór' - linne fós, go háirithe sa chóras ǧāhiliyyah/jāhilīyah    'جاهلية a bhfuil orainn ár ndícheall a dhéanamh á scríos.....

Ghlac mé cupla leabhar an seachtaine seo caite ón Club Leabhair Coiscéim Feirste, cóip den Paidir do Béal Feirste le Máirtín Ó Muilleoir ina measc. 'S cuntas an-shuimiúil é, is fiú á cheannach. 'S ina fhear speagúil, dearfach, macánta é Máirtín. Tá fócas ar polaisithe frith-sheicteach sa leabhar is ar conas a bhí Máitín páirteach is an-ghiníomhach ann agus é ina hard-mhéara 2013-2014.


Ach ar deireadh an scéal - agus ba é an tosaíocht ag Máirtín i rith a théarma mar ard-mhéara - is an cosmhuintir é a mbíonn ina laochra na cathrach, na tíre, an phobail is ná na boic móra.....na paitriarcaí, na pápaí, na impirí, an cléir, na maorlathaithe.....Níl siad ach ina giollaí ar an cosmhuintir.....


.......agus an dea-rún atá agam chun fáilte a chur don Ath-bhliain....

.......a leanúint leis mo thocailt féin ar do shon, a leitheoir.....

Ath-bhliain faoi shonas duitse!

; D xxx.....................................xxxxxx............................................................................x