Monday 26 January 2015

na Éireannaigh Learphollacha is an cosmhuintir Gréagach......

.....bíonn an baothghalantacht ag fas fós i Learpholl is trasna an contae a bhfuil 'Merseyside' air......

                                       

Tá ceithre buirgí ann ar taobh tuaisceart den abhainn Mersey: Liverpool, Sefton. Knowsley, is St Helens agus aon buirg amháin ar an taobh deisceart. Ach ni raibh contae ar bith a raibh 'Merseyside' air roimh 1974; ní raibh ach Learpholl, agus é suite sa contae Lancashire ar an taobh tuaisceartach den abhainn. Ba sa contae 'Cheshire' é 'The Wirral'.....

Tá blás ar leith fós ar ár cuid cainte i Learpholl agus dímheas mór air sa meon baothghalanta ag Béarlóirí i gcoitinne i Sasana. Is mo bharúil mheasta é gur i meon cinionachais, frith-Éireannach - ach ainbhiosach - a mbíonn an dímheas sin suite. Mar ba mar seo a labhair siad as Béarla, na 'Clainne an Gorta Mór' i Learpholl, agus an Ghaeilge duchais caillte acu.

I 1974, agus mé ag obair imo shéiplíneach i meánscoil i Kirkby, anseo i buirg Knowsley, mhúin mé na daltaí ina gasraí beaga agus iad cúrsaí creidimh a leanúint. Ag an am sin - is san am faoi láthair fós - ba ina chuid lánlárnach desna cúrsaí sin é féiniúlacht a chothúi measc na daltaí agus i measc an phobail i gcoitinne. Fiú gur chaill muid ár stair féin - na nascanna eadrainn, idir ár sinsir Gaeil agus sinn inár gclainne an Gorta Mór - mar sin féin braithimid an dímheas ina cruthú dearfach gur ina eachtrannaigh sinne inár dtír féin.....

                         
The Clarence Dock Gates,  'fáilte' go Learpholl roimh 300,000 clainne an Gorta Mór, 1845-52.


Chuir mé léarscáil Merseyside ar an mballa sa seomra scoile agus d'fhiafraigh mé na ceantair a raibh aithne ag na daltaí orthu. Bhí muintir ag formhór na daltaí ina gcónaí fós sna ceantair cóngaracha do Vauxhall sna áiteanna ina chuir na Clainne an Gorta Mór i dtír céad mbliana roimhe. Bhí aithne acu freisin ar 'easáit tithíochta' mar Norris Green - ina rugadh mé ann - agus Speke i ndeisceart Learpholl - eastáit ina raibh an cultúr/slí bheatha ag formhór na daoine 'scouse', sin é, i cultúr munlaithe go millteanach leis Clainne an Gorta Mór..........

I codarsanacht le sin. níor thug siad cuairt riamh ar ceantair galánta mar Mossley Hill, Crosby. nó The Wirral.......

                                Mossley Hill

                
                      Norris Green



                                                 

                                                          Tower Hill, Kirkby

Sna nóchadí, agus mé ag obair sna cúirteanna coiriúla, bhí mé páirteach in oifig leis oibrí soisialta eile a raibh a dheirfiúr ina cónaí i Mossley Hill. D'inis sé dom go raibh gearán buan ag a dheirfiúr go raibh athrú uafásach ar an tsochaí ann ón méadú ina céadatán desna 'Caitlicigh' ina cónaí ann le blianta beaga - is ina luathscríbinni é 'Caitlicigh' go minic anseo do Éireannaigh-Learphollaigh den aicme is isle.......'Croppies lie down!', b'fhéidir?......

Ach cén fáth a roinnim é libhse an mhaidin fuar grianmhar i Learpholl?.......Bíonn fearg orm.....sea, 'bíonn' ná 'tá'......toisc go mbíonn fearg orm fá dtaobh de, na bliana ar fad......fearg faoi an dímheas caite ar Éireannaigh-Learphollaigh leis na Sasanaigh i gcoitinne,.....ach ar buile go háirithe leis an lucht baothghalanta a raibh fréamhacha a muintire i Merseyside ach go bhfuil náire orthu fá dtaobh de. 'S romhinic a bhfuil an dara dream acu ag magadh faoin doigh a labhraíonn a muintir féin....

Ach, sa Ghréig inne - 25 lá d'Eanáir 2015 - ba réabhlóid polaitiúil é a tharla ansin.....ina réabhlíod leis an cosmhuintir i gcoinne an licht na ndaoine mór-le-rá san aontas Eorpach. Tá a dotháin gairge fulaingte leo, gairge ó lucht rachmais, ón maorlathas sotalach i mBeirlín, is ón lucht baothghalanta freisin.....

          

Is céim ar aghaidh suntasach é an réabhlóid polaitiúil sin, cinnte. Ach ní leor sin!.....Bíonn gá leis anseo, ar bhruacha an abhann Na Mersey.......Agus 's práinneach é an gá......




Slán go fóillín....

; D xxxx........................................x..............xx..............xxx...............xxxxx.............................................X

('s féidir leat mé a leanúint ar 'Twitter' @AnRiabhach, agus ar Facebook, 'Mike Ravey')

No comments:

Post a Comment