Monday 9 February 2015

An Ríocht.....

Níl dabht ar bith ach gurb sna Ré Dhorcha brúidiúila a mbíonn ISIL sáinnithe........

........mar go mbíonn na Saídí freisin......

........mar go mbíonn na polaiteoirí atá againn san Iarthar, d'aineoinn a sofaisticiúlacht.....

Ar an ábhar sin, cén fáth a soláthraimid - na córais riaracháin san  Iarthar - airm ollscriosta dosna Saídí is nach do hISIL. Bíonn míthuiscint ar an Corán ag an beirt acu mar a gcéanna agus iompar brúidúil mar a gcéanna ag an beirt acu dá bharr....Ach tá na toibreacha ola i seilbh ag na Saídí agus iad an-shaibhir dá bharr.......'s de réir realpolitik a bhfuil ó bhun go barr é an polaitaíocht seo, gan moráltacht ar bith......

                             

                                                      an básadóir Saídí, Ahmed Rezkallah

.....'s greannmhar nach hea, a GeorgeW?....

                                 

.......ní hea, ar chor ar bith.....

San fichiú aois bhí athrú suntasach i measc scolairí mór-le-rá san Eoraip fá dtaobh den miniú ar thug siad ar an Tanakh is ar na scríbhinní soiscéalacha. Níor léigh siad na téacsanna de réir bunbhrí na focail trí súile an cultúir a bhí ag na scríobhaí ach tríd éabhlóid morálta ar tharla ó shin - faoi cearta daonna mar shampla. Mar sin féin maireann go buan fós chiall na bunchloiche ag an paidrín: sin é 'an Ríocht Dé' i gcodarsanacht leis an paitriarcas a bhí i réim ansi agus a mbíonn i réim fós.......

Thosaigh scolairí Moslamacha an slí taighde seo a leanúint sna seachtóidí san fichiú aois. Ach mar a bhfanann 'bunúsachaí' Críostaí i measc mórán caitlichigh - faoi ghinmhilleadh nó faoi banshagairt , mar shampla - agus i measc mórán 'protastúnaigh' soiscéalda, 's mar a gcéanna i measc pobail Moslamacha........ fanann cultúr an Ré Dorcha leis ISIL is na Saídí, mar shampla.....is le GeorgeW freisin.....

Agus a mbíonn iarmhairtí polaitiúila éagsúila óna minithe éagsúila ar na scríbhinní Abrahamacha. Tugann an léamh litríúil tacaíocht do phaitriarchas éigneach leanúnach; ach tugann léamh 'éabhlóideach' dúshlán dó in ainm 'riochta Dé'....'s dúshlán do Chríostaíocht imperiúil é..dúshlán do Criostaíocht 'soiscéalda'...dúshlán do 'realpolitik' san Iarthar is sa Stát Iosrael...dúshlán do ISIS...dúshlán dosna Saídí is don theaghlach Hashem san Iordáin......

Mar gheall ar na scríbhinní soiscéalacha, is íomhá is tabhachtach é íomhá an fómhair. Mar a scríobhtar sa soiscéal 'de réir Eoin' (ach ba le Máire Mhaigdiléana a scríobhadh é go fior (ramon_k_jusino.tripod.com/magdalene.html ):

Nach ndeir sibhse 'Ceithre mhí eile agus beidh an fomhar ann'?
Seo mise á rá libh:
Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt;
tá siad geal chun an fhómhair.

'S mar a gcéanna fá dtaobh den íomhá iascaireachta:

Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé dibh iascairí ar dhaoine...

Ní chun iompaithigh 'críostaí' a dhéanamh a raibh beartas ag Iosa as Nazareth. Níor raibh sé ag maorlathas cléiriúil fireann a bhunadh nó gairm crábhaidh do 'misinéirí' a chur i bhfeidhm! Tá orainn na íomhánna seo a thuiscint mar is ceart, íomhánna ina cuireadh leis an cosmhuintir i gcoitinne a bheith páirteach sa réabhlóid Abrahamach lasmuigh den teorainn 'Palaistineach' is lasmuigh den pobal Giúdach - cé acu i bPalaistín nó sa Diaspora, 's cuma.....

 'Go dtaga do ríocht. Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh' - ceartas cuimsitheach is grá comhcheanglaithe go dlúth le chéile - is é sin an urnaí réabhlóideach. Is tá macalla aige sa chéad 'sura' (caibidil) sa Corán:

Bi-smi llāhi r-rahmāni r-rahīm arab.: بِسْمِ اللَّهِ الرَّحْمَنِ الرَّحِيمِ
Al-hamdu li-llāhi rabbi l-'ālamīn arab.: الْحَمْدُ لِلَّهِ رَبِّ الْعَالَمِين
Ar-rahmāni r-rahīm arab.: الرَّحْمَنِ الرَّحِيمِ
Māliki yaumi d-dīn arab.: مَالِكِ يَوْمِ الدِّينِ
Iyyāka na'budu wa-iyyāka nasta'īn arab.: إِيَّاكَ نَعْبُدُ وَإِيَّاكَ نَسْتَعِينُ
Ihdinā s-sirāta l-mustaqīm arab.: اهْدِنَا الصِّرَاطَ الْمُسْتَقِيمَ
Sirāta l-ladhīna an'amta 'alayhim ghayri l-maghdūbi 'alayhim wa-lā d-dāllīn arab.: صِرَاطَ الَّذِينَ أَنْعَمْتَ عَلَيْهِمْ غَيْرِ الْمَغْضُوبِ عَلَيْهِمْوَلَاالضَّالِّينَ


In ainm Dé, an neach is chaoin, is trócaireach.
Moladh le Dia a dhiurnaíonn is coiméadann na saolta go léir.
An neach is chaoin, is trócaireach.
An Rí ar Lá na Bhreithiúnais.
Is thú a adhraimid. Is uaitse cunamh a cuardaimid.
Taispeain an slí ceart duinn,
an slí atá ag na daoine a do ghrásta a chur tú orthu,
ag na daoine nach bhfuil an fearg an cuid acu,
ag na daoine nach bhfuil siad ar seachrán.....



Is polaitiúil é an Ríocht Dé i réabhlóideach amach is amach. Cuireann sé an realpolitik ar dhroim seoil. Treascraíonn sé impiriúlacht paitriarcach de achan sort: sa teaghlach, in ábhar cultúir, sa rialtas, i tsochaí i gcoitinne, sa gheilleagar, sa maorlathas saolta is sa maorlathas crábhaidh cléiriúil go háirithe. Baineann an bláth fiú desna beartais ag Syriza san am faoi láthair!......Níl ina h-ábhar bladhmainn é ach dáiríre.....

Sin sin, a chara!.....

Is ina fhocal scoir......Ní leithscéal a dhéanaim an amhrán as Eabhrais a ioslódáil duit! Tá na liricí a fháil ar You Tube - as Eabhrais is as Béarla.....Is sampla é lúcháire Abrahamach i nDia. As an Émin a bhí Ofra Haza. Deirtear go básaíodh sí leis an Rúnseirbhís Iosraelach mar gheall ar an baint aici leis polaiteoir sa rialtas ann.....in ainm realpolitik gan amhras?




Slán go fóillín!

; D xx.............................................................xxxxx..............................XXX.......x

Syriza Abú!

No comments:

Post a Comment