Sunday 26 April 2015

Toghchán i mBreatain - conas mo vóta a chaitheamh?

Toghcán ar na bacáin anseo i 'mBreatain'.....

7 Bealtaine, caithfidh mé mo vóta anseo i gKirkby. Ach ní beidh sé mar a gcéanna le 45% desna daoine a mbíonn ceart vótáil acu - staonfidh siad ó vótáil.  'S cuma leo é de réir dealraimh is ní bhainfidh siad as an vóta......

Agus an toradh sa toghcán? Mmmmm....'s cinnte go rachaidh George Howarth ar ais go Phairlimint i Westminster arís......

                               
                                                        

Is ball den Lucht Oibre é George, ina fheisire anseo ó 1986. Roimhe sin, ina ball den Comhairle áitiúil ó 1971 a ba é. Ag an am faoi láthair, tá 63 comhairleoirí sa Comhairle Knowsley, achan duine acu ina ball den Lucht Oibre. Ina dhiaidh sin agus uile, fanann Knowsley i measc na ceantracha is dearóila i Sasana. Níor rinne na comhairleoirí - is George ina measc - rud ar bith chun feabhais a chur ar an staid bochtanais coibhneasta i saol na cosmhuintire anseo....

Is clainne den Gorta Mór iad an móramh againn a bhfuil inár gcónaí i Knowsley. Ach rinne dearmad é, an formhór an phobail. 'S dearmadta é freisin gur cumadh an Lucht Oibre Learphollach go tréan leis an bualadh ar an Páirtí leis baill den Páirtí Éireannach Naisiúnach (PÉN) sna tríochaidí san aois seo caite. Do scaoilteadh an Páirtí Naisiúnach i Learpholl leis an Ardeaspag caitliceach tar éis báis TP O Connor i 1929. Bhí faitios ar an Ardeapag go rachadh an eite clé sa Páirtí chun cinn. Ach rinne sé sin freisin chun deiridh a chur leis bhféiniúilacht éireannach a raibh beo bríomhar fós i measc an cosmhuintire.

                                                   

                                                             'TP': feisire PÉN,1885-1929

Is iondúil é san Iarthar scoilt a dearbhú idir 'reiligiún' is an polaitíocht. Déanfainn idirdhealú, áfach, idir an cléiriúlachas agus an creideamh. Is déistíneach é an ladar cléiriúl a cuirtear sa polaitíocht saolta, amach is amach. San Iarthar, ar ndoigh, is uirlis chun na cumhachta an rialtais saolta a lárú é an 'ladar' cléiriúil, mar a raibh sé faoin scaoileadh an Páirtí Naisiúnach i Learpholl......

Mar sin féin, is lárnach é an creideamh Abrahamach mar fhreagra polaitiúil fadthearmach ar bith ar na fadhbanna sa saol seo, sa saol an lae inniu, faoi láthair, anois, anseo!.....Tá orainn an clúdach a chuireann an chléir ar an tsoiscéal a scamhadh de. Is dlúthbhaint leis an impiriúlachas é an clúdach seo - go stairiúil leis an impireacht Rómhánach agus, san am faoi láthair, leis an córas caipitil airgeadais idirnaisiúnta.

Tá orainn - agus sinn ag léamh na scríbhinní soiscéalacha - an dara ceann ag na córais seo a chur in ionad an chéad ceann acu. Déanann siad, an beirt acu, iarracht ag plé faoi Íosa as Nazareth mar go mbíonn sé ina chónaí i bhfad uainn, 'ar neamh', agus é ag fanacht ann leis 'an lá deireanach' chun a theacht ar ais. Ach is ina trop cainte apacailipteach é 'an lá deireannach'; níl sé ina lá sa todhcaí go croineolaíoch! Chun sinn a spreagadh an réabhlóid a chur chun cinn é, is é a chur chun cinn inniu is anseo.

Nach foirinteach a raibh an léamh sin don impireacht Rómhánach. Is níl se foirinteach don córas atá i réim an lá inniu. Ba ina 'dia' mar achan dia eile a chlaochladh Íosa leis an Impire Constaintín, as bealach ar neamh! Agus diomaite, den 'Láithreacht Réalta sa Taibearnacal', fanann sé ann fós. Nach ar na sráideanna anseo i gKirkby, inniu, a bhuailimidne leis, go siurailte?.....Ach sea! bíonn sé anseo is é ag gearáin a dhéanam in aghaidh na Tóraithe (agus an Lucht Oibre is na Liobrálaigh i dteannta leo), in aghaidh an polaitíocht géire a cuireann an cosmhuintir faoi chois.                                        

Bhí díospoireachtaí teilifise ar na mallaibh idir na ceannasaithe ar cuig páirtithe a bhfuil ina páirteach sa toghchán i mBreatain: Ed Milliband (Lucht Oibre/LO), Nicola Sturgeon (Naisiúnaithe Albanaigh/NA), Nigel Fararge (Páirtí ar son Neamhspleáchas na Ríochta Aontaithe/PNRA/UKIP), Natalie Bennett (Páirtí Glas/PG), agus Leanne Wood (Plaid Cymru/Comhthírigh an Bhreatain Beag/PC).

                                                  Image result for Leaders debate BBC pics

Ba léir é go raibh na trí mna in aghaidh an polaitíocht géire go hiomlán. Thairg Nicola Sturgeon comhar Páirtithe ar an Clé do Ed Milliband is dosna beirt mna eile, comhar in aghaidh na Tóraithe. Diultaigh Ed é. 'S léir dom nach mbíonn an Lucht Oibre an lae inniu ach ina Tóraithe 'caolaithe'.....

                                           Image result for Leaders debate BBC pics

Tá cuig iarrathóirí ina seasamh sa toghchán i nKnowsley: ón LO, ón PNRA, ón PG, is óna Liobrálaigh. 'S mo thuairim gurbh i bhfabhar polaitíochta géire a mbíonn LO is na Liobrálaigh is gurb ina feiseanna faisistíocha a mbionn an lucht PNRA/UKIP. Ní rogha eile romham ach mo vóta a chaitheamh don PG!

Tá cuimhin liom cad a nduirt m'athair roimh an toghchán i 1974. Don chéad uair, a nduirt sé, ní mhaith liom mo vóta a chaitheamh don iarrathóir LO anseo (toghlach West Derby) toisc go bhfuil sé ar an eite dheas. B'ina bhall den Pháirtí LO Neamhspleách (LON) é m'athair sna tríochaidí. Bunadh an LON le Keir Hardie toisc go raibh déistin air leis ceannasaíocht LO a raibh den eite dheas......

                                     Image result for Keir Hardie pics

Is den tuairim céanna mise faoin LO san am faoi láthair, 's mór an trua.....Ach, agus mise mo vóta a chaitheamh 7 Bealtaine, beidh mé a canadh an amhrán seo - amhrán an-tugtha do m'athair, Jim Ravey:


Is mo rogha réabhlóideach Abrahamach é sin - déanaimis feoil den Bhriathar!

Slán go fóillín!

; D xx............................xxx.....................................xxxx....................................x