Sunday 19 July 2015

Gramadacah is an réabhlóid



Cheannaigh mé leabhar an-fhonta cupla bliain ó shin a bhfuil Gramadach gan Stró air. Leabhar an-fhonta é domsa chun feabhsaithe a chur ar mo droch-Gaeilge! Mar go bhfuil an-shoiléir duit, níl agam ach an Gaeilge briste....

D'ainneoin mo ghrá don teanga, ní deis ar bith agam leis an Gaeilge a labhairt le comharsana sa ceantar seo. Níl deis agam ach a bheith ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta nó le stáisiúin raidió eile chun ma chiud Gaeilga a bhfeasú. Féachim ar cláir TG4 ar an 'seinnteoir'. Scríobhim as Gaeilge ar Facebook, ar Twitter agus sa bhlag seo freisin; is as Gaeilge a deirim paidreacha go laethúil - an phaidrín is Urnaí na hEaglaise. Agus labhairim, as Gaeilge, leis na sinsir, go rialta i rith an lae. Ach, ar ndoigh, fiú go creidim go mbíonn na sinsir ag éisteacht liom, ní cloisim aon fhocal astu!......

Cén fáth a mbím an 'comhrá' seo ag chothú?.......Toisc go mbím imo dhuine Learphollach-Éireannach...

......is an chiall a bhfuil ar an fhéiniúlacht sin?.....Gurbh ina Clainne den Gorta Mór iad na sinsir, ina daoine den aicme is 'isle', is suaracha i measc na Éireannaigh 'thar lear'. Mar gheall ar an bochtanas a raibh acu agus mar gheall ar drochmheas ag na Sasanaigh orthu - is ag na an maorlathas cléiriúil i gcoitinne freisin - lig siad an Ghaeilge uathu.....Mar sin féin - cailleadh na Ghaeilge - bíonn drochmheas orainn, inár Larphollaigh-Éireannachaigh fós...

Chun dushláin a thabhairt don dhímheas, doimhnaítear an meas mór a mbíonn agam ar na sinsir Bainim úsáid as an teanga - éisteachta, léite, is  fiú imo smaointe féin - chomh forleathan agus is féidir liom. 'S an-thabhactach é an gramadach, cinnte. Ach is chomh tabhactach é ionas gurbh fhéidir an Gaeilge a bhith ag rith trí mo chúisle - cés moíte desna botúin gramadacha!

B'anam mo mhuintire (Ó Riabhaigh/Nic Aoidh) é an Gaeilge Oirealla. Do ghoideadh í uainne sna slumaí anseo ar bhruacha na Mersey.....

                                IS LINNE AN GHAEILGE!!!!

Ba Máire Nic Aoidh is Felix Ó Riabhaigh iad inár 'céad thuismitheoirí' - inár Ádhamh is Éabha! - anseo i Learpholl. De réir dealraimh bhí blás Uladh ag Micheál an céad mhac acu, mar ba 'Irish Mike' an leasainm air sa cheantar ina bhí sé ina chónaí. B'fhéidir go raibh nathanna cainte Gaelacha aige; mar a rugadh Máire a mháthair san Ráth Corr, Cuaille, co. Lú. (1821). B'ina Gaeilgeoirí iad 95% den daonra Cuailigne le linn an Drochshaoil. Rugadh Felix i Baile an Eannaigh, in aice leis Hilltown, i spoir na Beanna Boirce ina raibh formhór na daoine ina Gaeilgeoirí freisin.

B'as an lethinis Cuailigne é na 'Fadgies', an dream a bhí ag obair sna margaí i mBéal Feirste. 'Fadgies'? Toisc gur, sa chaint as Gaeilge eadrainn, chloistí 'a Pháidí' i ngach aon abairt. Cuirtí 'Wackers' orthu i Learpholl - 'mo mhac' cloiste ina comhrá as Gaeilge!....Sna seachtóidí bhí sobaldhráma ar an BBC a dtugadh 'The Wackers' air. Lán de steiraphlátaí uafásacha a raibh se áfach....

Tháinig na 'wackers'  go Learpholl chun saoil níos fearr a fháil!.....ón talamh bánaithe Cuailigne agus isteach sna slumaí Learphollacha ar tháinig Máire Nic Aoidh is as ceantar na Beanna Boirche, Felix.....díbríthe amach as Éireann leis an coiliniú sasanach gan trua gan taise, agus isteach i Learpholl cathair faoi smacht ag na caipitlithe sasanacha gan trua gan taise.....

Image result for ballynanny co Down pics
  Image result for cooley co louth pics                                                                              Cuailigne is na Beanna                                                                                                                                                                         



Ná fiafraigh díom cén fáth a mbím ar buile!

Ná fiafraigh díom cén fáth a scríobhaim as mo chuid droch-Ghaeilge....cén fáth a dhéanaim iarrachtaí feabhsú a chur air.....cén fáth a mbím ag labhairt le Máire Nic Aoidh, le Felix Ó Riabhaigh is leis na Clainne an Gorta Mór ina gcónaí go deo sa saol eile.......

Nílim i m'aonair ar chor ar bith......Is i measc na céadta milte atáimse. Is agóideach mise mar a bhí Michael Ravey eile - mo shin.....sheanathair, 'Irish Mike'.....agus macasamhail leis an Michael Ravey eile - é ina sheanathair ag 'Irish Mike', ar chuir a hainm ar an achainní i gcoinne píonos báis ar William Smith O'Brien i 1848.

Ní gúth aonaránach mise!

Chríochnaim an blág inniu le dhá amhráin, an céad ceann acu ina hamhrán le Art Mac Cumhaidh, file Oireallach; agus an dara chean acu ina hamhrán traidisiúnta a raibh na fréamhacha aige in Oirealla de réir Enrí Ó Muirgheasa. Is Pádraigín Ní Uallacháin í an céad amhránaí - í ina údar is ina amhránaí traidisiúnta cáiliúil, í ina cónaí san 'Orialla'. Is Sinéad O Connor an dara amhranaí acu- ina duine bríomhar réabhlóideach í!

 

....'S AM AISÍOCA É!!!!



....'S AM DÍOLTAIS É........AR SON AN TEANGA, AN CHULTÚIR, AN DHÍNITE GOIDTE UAINN!


TIOCFAIDH ÁR LÁ.......

Slán go fóillín....

; )) xxx...........................xxxxxx.........................................xxxxxxxx..................................XX...x