Tuesday 23 December 2014

Nollaig iontach fai mhaise duitse!

Níor scríobh mé bláganna an coicis seo caite, faraor! Bhí mé an-ghnóthach agus mise ag maisiú an tí - ag péinteáil na ballaí is mar sin de - chun fáilte a chur roimh cupla aoi a bhfanóidh linn cupla lá i rith na féile.....

Ar aon nós, seo anseo sinn, tusa is mise, cupla lá roimh Nollaig. Dá bhrí sin, ba mhaith liom beannachtaí Nollag a sheoladh duitse......agus sin d'ainneoin gur dóichí é go raibh san Fhomhair ar rugadh Iosa as Nazareth!......

Do bhí clár Nollag de Cruinneog an Sathairn seo caite (Raidió na Gaeiltachta) ina raibh agallamh idir Cearbhall Ó Síocháin (é ina léiritheoir an cláir) is mise. Seo anseo podchraoladh den clár ina hiomlán.......

 http://www.rte.ie/rnag/cruinneog/podcasts/ ........





Oiche chiuin, oiche Mhic De,
Cach 'na suan dis araon.
Dis is dilse 'faire le speis
Naion beag, leanbh ceansa 'gus caomh.
Criost, 'na chodladh go samh.
Criost, 'na chodladh go samh.
Oiche chiuin, oiche Mhic De,
Aoiri ar dtus chuala 'n sceal.
Alleluia aingeal ag glaoch.
Cantain suairc i ngar is i gcein.
Criost an Slanaitheoir Fein.
Criost an Slanaitheoir Fein.
[Translation]
Silent night, night of God's son,
Everyone is asleep, the pair together.
The most faithful pair, watching with hope
A little baby, a mild and gentle child.
Christ, calmly asleep.
Christ, calmly asleep.
Silent night, night of God's son,
Shepherds were first to hear the tale.
The angels crying out Alleluia.
Lovely chanting near and far.
Christ, the saviour himself.
Christ, the saviour himself.

xxxxxxxxxxxx

Wednesday 10 December 2014

Jim Ravey - breithlá faoi shonas duitse!

Is córas an-lochtach é an paitriarchas; ach níl sé a rá gurbh ciontacha faoi, iad ní d'athair ná m'athair féin ar chor ar bith! Cinnte do bhí lochta ag m'athair mar go mbíonn lochta agam mar a gcéanna, nach níos mó nó níos lú. Mar sin féin dlítear díom an oiread sin dó, mo bheatha féin is an fhéiniúlacht Learphollach-Éireannach atá agam.........

James Ravey is ainm dó....'is'? Bhuel, '' - toisc bíonn sé ina bheatha fós i bParthas na ngrást! Is 'Jim' an leasainm dó.....Do rugadh sé i Learpholl an séú lá den mí na Nollag, 1909. Ann (Kennedy) ar a mháthair is John Ravey ar a h-athair. Jack a bhí ar a dhearthair, is Annie ar a dheirfiúr. Bhí siad ina gcónaí i teach beag lochtánach. 40 Dane Street......i teach mar é seo,

                                                   

Bhí John Ravey ag obair ar na dugannaí....Ach básaíodh John i nDeireadh Fhomhair 1910 i dtimpiste ar an cé; níor cuimhne ar bith air ag Jim; ach cinnte gurb rian na tragóide é a rith go deo trid a shaoil. Bhí cuimhne air conas ní raibh cúiteamh ar bith ón comhlacht a raibh freagrach as sábháilteacht ar na duganna. Gan ioncam ar bith, bhí strus uafásach ar an baintreach Annie, mo seanmháthair. Diultaigh an tiarna talún tiontacht an tí, 40 Dane Street,  a n-aistriú dí.....

Ach bhí athair a céile ina chónaí i 15 Dane Street leis teaglach a mhic James. Mike Ravey a b'ainm air; oibrí neamhoilte a bhí sé; agus rinne sé aistriú as uimhir a 15 chun freagrachta don tiontacht uimhir a 40 a ghlacadh chun an díshealbhaithe a dhiúltú. Fear agóideach a bhí ann; is bhí 'Irish Mike' é an leasainm air sa ceantar! Ba Michael Ravey é an ainm ar a sheanathair féin a raibh aon de na sínitheoirí san achainí trocaire do William Smith Ó Brian san Oirdheisceart Uladh i 1848....Is an-bhrodúil atáimse agus an ainm ceanna orm féin!

Ar thaobh a hathara, bhí dhá uncail ag Jim agus aon aintín amháin: James, Felix is Norah a bhí orthu. Bhí Felix is Norah ina gcónaí i 40 Dane Street tar éis báis a dearthár, mo sheanathara John. Ach i 1916, do básaíodh James i Flanders - leascheanaire a bhí sé sa cathlán Learphollach-Éireannach, sa 'King's Regiment......Seo grianghraf scata den cathlán, Aibreán 1916, seacht mí roimh a bhás, 15 lá mí na Nollag 1916.... B'fhéidir go bhfuil James an fear leis na dhá straidhpeannna ar a mhuincille.......



Bhí Felix ina stócálaí ar HMS Invincible a ndeachaigh go tóin sa bliain céanna ag an muirchath in aice le Jutland. Seo an nóiméad a phléascadh é......an nóiméad báis do Fhelix Ravey, Meitheamh 1916.......



.......agus fuair Norah Ravey bás i mí na Nollag 1916; bhí sí 23 bliana d'aois.....

Ba buan é an tionchar doshamhlaithe tar éis na básanna sin ar an teaglach Ravey, m'athair ina measc, agus é ainmith as a hUncail. James....Níor raibh Jim ach sé mbliana d'aos - an séú lá mí na Nollag 1916 - sean go leor chun an bróin doshamhlaithe a bhraith.  Bhí rian uaigneach ann ar fud a shaoil......

Posadh Jim le Síle Nic Craith i 1936. B'ina caitliceach a bhí sí; ach togadh Jim ina 'neamh-caitliceach'. San am sin i Learpholl bhí mar a gcéanna na téarmaí 'caitliceach' is 'éireannach'; ach ba léir dom nach measadh féiniúlacht ag Jim - go raibh a muintir féin ina Éireannaigh-Learphollacha - toisc nach raibh a mhuintir ina 'chaitlicigh'. Mar sin féin, t'fhios agam anois go raibh an-láidir é an ceangal idir Jim agus a sinsir.

                                              

Agus do bhí sé - mar go raibh a dheartháir Jack Ravey - ina shoisialaí go smior - rud éigin a chur cuma amhrasach do muintir Mac Craith. Níor maith leo go mór an fear óg seo agóideach, iompaitheach, ó cúlra 'neamh-chaitliceach....D'ainneoin gurb ina hoibrí é Michael McGrath  mo seanathair máthara (a thuismitheoirí as Port Lairge), bhí uaillmhianach a mhuintir, agus muintir Breatnach ('Walsh', as Ceatharlach) mar a gcéanna. Agus b'an-láidir é an tionchar orainn, na garchlanna, agu sinn inár n-óige, chun gairmeacha meánaicmeacha a fháil.

D'éirgh le Jim sa scrúdú iontrála don Liverpool Collegiate School i 1920.....

 

agus d'éirgh sé leis an scrúdú 'School Certificate' i 1925,an bliain ar fhágáil na scoile dó.Tá cóipeanna agam desna teastais a bhain Jim i rith a laethanta scoile......

Thosaigh sé a bheith ag obair i monarchan, sa saotharlann. Teicneolaí in ábhar rubair a bhí sé, le comhlacht Dunlops i Learpholl, áit inar bhuail se le Síle agus í ina cléireach san oifig pánna.

                           

Níor dhearmad Jim riamh go raibh sé ina hoibrí, go raibh a mháthair Annie ina bean glantacháin, agus go raibh i condae an Dún a bhí fréamacha a mhuintire athara. Fuair Michael Ravey bás i 1929. Ach is doigh lioma nach raibh meas ar bith ar Jim, nó tuiscint air ag muintir MacCraith - rud a chothaigh teannas ó am go ham idir Jim is Síle....Ach is beag an tabhacht é anois.....is i bParthas atá siad go léir, agus tuiscint iomlán acu ar a chéile, is meas cinnte, ar Jim Ravey!

Chun a bhreithlae a mharcáil, tugaim amhrán dó faoi aon dena laochanna ar meas mór ag Jim air, Charles Edward Stuart, Bonnie Prince Charlie!........Cupla lá tar éis a bhás ghlacamar pacaiste ina bhfuil bhí cnúasach ceirniní, Teach Yourself Irish  orthu. Is léir gur ordaigh sé iad go direach roimh a bhás. Ní gá aige le ceirniní faoin Gaeilige inniu - bíonn an líofacht as anois is go deo!!!

Breithlá faoi shonas duitse, a Jim - 's tú mo laoch!                                      




 ....is duitse, a léachtóir, a chara, slán go fóillín!


; D xxxx........................................................x...............................................xxxx................X