Friday 31 October 2014

'Coróin Mhuire' - na Cuig Sóláis.....is an cogadh i gcoinne Ioslaim

Bíonn cogadh idir an Iarthar is Ioslam le 1500 bliana. Cén fath?.......

Tá dhá fhreagra don cheist:

sa céad áit, b'ina dhúshlán polaitiúil eachnamaíoch é an leathadh éasca ag an Stát Ioslamach trasna leithinse Arabach san seachtú aois na ré Críostaí.....(mmmmm....is an am faoi láthair mar a gcéanna, b'fhéidir?...).....

.....ach, sa dara áit, b'ina dhúshlán idé-eolaíoch é don 'Críostaíocht' impiriúil ina raibh - is a mbíonn fós - 'nadúr diaga' Iosa as Nazareth ar chroí na Chré. - an Cré Níséin atá uirthi go dtí an lá inniu.....De réir sin, bíonn Iosa ina chónaí i neamh 'ag ríalú an cruinne'; ach bíonn an impire i gceannas ar an talamh!....'S cuma má séanann sé 'urnaí an Tiarna': go dtaga do ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar a bhfuil sé ar neamh......

'S mar a dearbhaíonn an Corán:

                    لَا إِلٰهَ إِلَّا الله 
              ní Dia ann ach Dia!

Bhí scanraithe thar fóir a bhí an maorlathas inpiriúil faoin dearbhú seo - mura bhfuil aon 'dia'/réim ach 'ríocht Dé', níl éadaigh ar an impire!....Níorbh ina cheist faoi diagacht é ag an am seo - nó riamh ó shin - ach ina cheist faoi lánchumhacht an luchta ceannais ar an cosmhuintir.....

Ach chun masla níos mó a chur ar an scéal, dearbhaigh na Críostaí imperiíúila teideal  'máthair Dé', Θεοτόκος - sin é, an duine ar rug Dé - a chur ar Miriam, an máthair ag Íosa. Rinne siad míúsáid as an 'diagacht'. Mar shampla, i ríth aon léigir amháin ar Constantinople faoin arm Otamánach, chuir na Críostaí iomha Muire ar taispeaint ar ballaí na catharach is bhéic siad go raibh siad faoi coimirce an Θεοτόκος, friotal diamaslach dosna Moslamaigh.......

Agus i 1492 (Ré Críostaí: RC) bhunaigh an Pápa feile An Paidrín Naofa a ceiliúrítear fós ar 7 lá Deiridh Fomhair, cothrom catha Lepanto.....

                                   
  
San Eorpa Thiar roimh 1492 - an bliain ar thosnaigh coilíniú Meirica is ar na pobail Indiach-Mheiriceánaigh - níor nduradh ach an céad páirt den urnaí Ave Maria, sin é 

Se do bheatha a Mhuire atá lán de ghrásta. Is beannaithe thú idir mna; is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa......

Ach tar éis an catha Lepanto cuireadh an dara páirt air: 

Naomh Mhuire, Máthair Dé (Θεοτόκος)...srl....'   

Is doigh liom gurbh i páirt suntasach den bolscáireacht impiriúil frithmhoslamach é an dearbhú go mbíonn Muire, máthair Íosa as Nazareth, ina 'máthair Dé'!.....

Gan cor a chur ar an scéal, ní thuigim an 'diagacht' faoi Θεοτόκος ar chor ar bith. An dtuigean tú é?....

Os a choinne sin, is an-shoiléir é an dearbhú soiscéalach gur ina 'mac Dé' é Íosa, ach sa chiall ar an friotal sa Tanakh. Is mar a gcéanna an teideal seo leis and teideal 'Mac Dháibhí', nó leis an teideal 'an Críost' ('ungtha ina rí'). Sin é an fáth a ndeirim 'máthair Críost' in áit 'máthair Dé' agus mé ag rá an paidrín......

San leabhar soiscéalach de réir Lúcais, tá trí amhráin, aon cheann acu canta le Zachairias, ceann eile le Simeon, ach an céad ceann acu le Muire. Is amhrain réabhlóideacha iad: na cinn le Muire is le Zachairias faoi Abraham. 

Canann Muire go: 

thaipeáin (Dia) neart a láimhe: 
scaip an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.
Leag sé prionsaí óna gcathoireacha, agus d'ardaigh sé daoine isle;
Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe,
agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.....

....ach níl sé réabhlóideach ar chor ar bith an iomha a cuirimid ar Mhuire san Iarthar. 'S iomha 'maighdeanúil' é  - ina bean óg í gan cleachtadh gnéasach, géilliúil (d'fhir), is 'gan smál'......

.....'S cuimhin liom tuairisc faoi sagart paroiste anseo i Kirkby ar dhearbhaigh - chun mna a spreagadh a bheith gan collaíocht roimh posadh - narbh mhaith le fir 'earraí salacha a cheannach'. Náireach cinnte is náid ráite faoi fir 'gan smál'!..... 

Sa scéal faoi 'Teachtaireacht an Aingil' ní bhfuil an focal 'maighdean' ach i tagairt don Tanakh, don leabhar ag Iseáia ann. Níl an tagairt ach ina léiriú go mbeidh fuascailt cinnte don phobal Iarúsaléim mar a gcéanna go bhfuil sé cinnte go mbeidh toradh sona ar toircheas ag ógbhean sláintiúil. Is a óige sláintiúil é a bhfuil an fócas ag an samhlaoid, nach go bhfuil an ógbhean gan cleachtadh gnéasach!.....

Seo mar a raibh sí, Máire, máthair Íosa......



'S bean cróga, agóideach, réabhlóideach í, ina bean Abrahamach!.......NÁ mar i sin:


                                                    

...iomha de bean álainn, gan cleachtadh gnéasach í, agus dá bhrí sin 's docha gur féidir leis an paitriarc á éigniú gan dua.....

......Ach is léir é sna scríbhinní soiscéalacha gur ina bean cróga í agus í ina seasamh, le grúpa mna eile, i dtaobh a mic i rith an ama a bhí sé tairneáilte don cuaille básaithe. Thug sí an dúshlán céanna do lucht ceannais - sa Stát impiriúil is sa Teampall - mar ar thug Íosa féin.....

                                     

....agus, mar a gcéanna ag Íosa, ní bhfuil coróin impiriúil ar Muire ach oiread. 'S maslach dí 'coróin Mhuire' a chur ar an paidrín. Is ceiliúradh tosaithe na coda Críostaí sa réabhlóide Abrahamch iad na 'Cuig Shólás. Níl siad faoin 'breithe Dé' mar a dearbhaíonn an diagacht impiriúil.....

Sa leabhar soiscéalch le Maitiú, tá cuntas faoi marú 'na Leanaí Neamhchiontacha' leis an rí Hearód. Do scríobhadh an scéal chun ionannais Íosa leis an cosmhuintir a thaispeáint. Ní bethafhaisnéisí iad na ceathair leabhair 'soiscéalach', ach miniú faoin fhógra go tháinig an lá leis an réabhloid Abrahamch a iompar don saol pagánach, don saol ina bhfuil جاهلية ǧāhiliyyah fós i réim. Bíonn Muire, máthair Íosa, dlúthpháirteach san réabhlóid Abrahamach. Sin an fáth a buailim léi san rósarnach achan lá!.......

Slán go fóillín!


; D xxx.............xxxxxx........................xxxxxx........X........................................................x




Sunday 19 October 2014

An Cloch Mór ar an paidrín

Go traidisiúnta, is mí-an-paidrín í mí Deiridh Fomhair sna pobail caitliceacha.....De bhrí sin, tá cuimhin liom ar mo mháthair, Síle.....

Faraor nach choinnigh mé na litreacha a chuir sí chugam agus mé imo mhac léinn sa cliarscoil......Ní chuimin liom ach cupla rud a scríobh sí iontu...... Mar shampla bhí sé scanraithe uaireannta toisc scriobh mé dí fá dtaobh de marcaíocht ar rothar a rinne mé sna lánaí beaga faoin tuath sa ceantar i dtimpeall an cliarscoile. Fiú an lá inniu agus mé ag marcaíocht ar rothar táim ag macnamh fós faoin imní a bhí uirthi caoga bliain ó shin!

                                               

Níl ach cupla grianghraf agam uirthi.....Seo an teaglach iomlán, glacaithe i 1950, b'fhéidir.....

Fuair sí bás i 1965 agus í ach 55 bliana d'aois. Síle Nic Cráith a bhí uirthi roimh a posadh do Jim Ravey d'aineoinn go togadh sé suas ina 'phrotastúnach'. Ba cinneadh ceannairceach é i teaglaigh Caitliceacha, Éireannach-Learphollach sna tríochaídí!....'S doigh liom gur bhfios aici go raibh mé imo rheibiliúnach den tsort freisin! Bainfeadh sí taitneamh as mo h-oirniú (1967) cinnte; ach bheadh díomá mór uirthi agus mé ag éirí as seirbhís don Ard-deiose (1979). Mar sin féin, ansin i bParthas, tá tuiscint iomlán aici faoi anois....Ar aon nós táim ag caint lei faoi go minic!....agus t'fhios aici go mbíonn grá agam dí is go cumha orm ina diaidh fós......

'S cuimhin liom achan lá dhá comhairle a thug sí dom go minic sna litreacha a scríobh sí chugam: an chéad ceann acu - as Béarla - 'Work well, pray well, play well!'. Agus - an dara comhairle - an paidrín a rá.....Agus, caoga mbliana tar éis a báis, is an paidrín é an chéad urnaí a deirim achan lá, go luath agus mé imo dhuiseacht......Ach is athraithe é amach is amach an doigh ina deirim é san am faoi láthair. Deirim an paidrín anois agus mé imo rheibiliúnach Abrahamch! Ba maith liom an doigh seo a páirteadh leatsa - agus lei - sa blág seo anocht.....

'paidrín' - focal ait é nach ea?....Is 'pater noster' (ár n-athair) é an fréamh aige, ina thagairt do athrá ar an urnaí soiscéalach i ríth aithris an paidrín.

go naomha d'ainm - 'ainm' sin é na aitreabúidí ag Dia Abrahámach sa Torah, go háirithe agus é ina fhuascailteoir ón smacht brúidiúil paitriarcach...

go dtaga do ríocht...go ndéantar do thoil ar an talamh mar a ndéantar ar neamh: 'toil Dé' - ceartas is anghrá a bhunú trasna an domhain...

Níl ina dheabhóid do Mháire é an paidrín ach do Dhia féin.

Níl sé ina dhoigh urnaí Críostaí faoi leith é ach oiread. Ba den bunus Áiseach ón tríú aois roimh an ré críostá é an doigh seo leis urnaí a rá. Ach leis an urnaí 'jihadeach' ag Íosa as  Nazareth a bhaintear an leagan Críostaí....Mar sin féin, bhain an Críostaíocht impiriúil usaid as an paidrín chun béim a chur umhlaíochta a bhfostú don mhíthuiscint ar friotal 'mac dé' sa 'teideal' ar dtugtar ar Íosa as Nazareth sna scríbhinní soicéalacha.

Bhí scoilt an-mhór trasna impireachta sa ceathrú aois idir diagairí ar dearbhaigh go mbíonn Íosa ina Dhia de réir nádúir agus diagairí a dearbhú níor 'mac Dé' ach ina theideal air. Thaobhaigh an Impire Constantín leis an chéad cheann acu. Aithrisimid an Chré Constantíneach/Nícé i ríth an Eocairiste  achan Domhnach fós!....Ach, dhá chéad bliana níos déanai tugadh an Corán don fháidh Mahamad ina bhfuil dearbhú dianseasmhach Abrahámach nach mbíonn ach aon Dia amháin agus é/í gan páirtí comhionann leis/lei féin. 

Is shirk (as Araibisشرك‎ širk) é ina an pheaca ildiachais  sin é, Dia a dhéanamh de duine ar bith nó de rud ar bith ach an aon Dia amháin,  Allah (Araibisالله).....go cruinn, 'páirtithe a chur ar comhchéim le Dia' a bhfuil an suailce 'tawhid'  contrartha do....توحيد‎ tawḥīd: aontacht......

.....ach, faraor, bhí bua ag an diagacht impiriúil i measc na Críostaí agus rinne na diagairí impiriúila mí-usaid as an Chré ag Constantín chun gáire catha i gcoinne na Muslamaigh a dhéanamh. Chur siad teideal Θεοτόκος ar Máire - rugadh Dia dí - a mbionn rud diamhaslach leis achan creidmheach Abrahámach eile. 

Mar shampla, bhí cath cabhlaigh cinniúnach idir an Naomh-Impireacht Rómhánach agus an Impireacht Otamánach i 1571 (Ré Críostaí) ag Lepanto.....
                                         

                                                       
Dearbhaigh na Críostaí go raibh bua acu de bharr idirghuí le 'Máire ag an Paidrín'......

                                                      

Tá ceiliúradh feile  faoi san 'Eaglais' Caitliceach, achan bliain ar 7 Deireadh Fomhair, cothrom lae an catha ag Lepanto: Lá Feile an Paidrín Naofa a dtugtar air. Agus is dá bhrí sin go bhfuil tedeal 'mí an paidrín' air. Taispeánaítear Máire mar Banimpire san iomha seo. 'S an-fhada é ó: an isle a bhanóglaigh mar cuireann sí sios uirthi féin sa soiscéil! 

Athneartaíonn go runda is go domhain an paidrin impiriúil, mothúcháin naimhdis i gcoinne achan duine a shéanann an teideal  Θεοτόκος ar Máire - na Muslamaigh ina measc. Ach níl ach ina leithscéal é  - an diagacht impiriúil - chun cogadh a bhfearadh  (san cogadh i gcoinne sceimhlithe, an buamail ar an Stát Ioslamach (Daʿesh/داعش/IS....  الدولة الإسلامية ad-Dawlah al-Islāmīyah) leis an realpolitik ag an Iarthar a chur chun cinn.....

Dá bhrí sin, agus mé ag rá an paidrín inniu , cuirim béim ann ar aontacht Dé ann agus - ar an cloch is mó ar an paidrín -  cuirim béim ar aithne ag Íosa as Nazareth, agus é éirithe óna mairbh, leis ár ndicheall a dhéanamh le 'ríochta Dé' a chur chun cinn  go ndéantar (sé)an talamh mar atá sé ar Neamh.....sin é, chun béime a chur ar جهاد‎ ǧihād..... 

Agus chun luachanna soicéalach a chosaint, cuirim an friotal máthair Críost in ionad máthair Dé ar achan cloch beag.....Tá orainn, Críostaí, an paidrín fíor - Abrahamach, réabhlóideach - a rá achan lá. Teastaíonn iomhanna nua a chur ar achan deichniúr de réir céille a mbíonn orthu sna scríbhinnI soiscéalacha is gan an meachán breise ón diagacht impiriúil, frith-Mhoslamach.....

'S ina Dhia anghrách é an Dia Abraham...... Bíonn sé/sí i ngrá leat, i ngrá liom, i ngrá leis ár pobal Gaelach, is i ngrá leis achan pobal trasna an domhain....Agus roghnaigh sí/sé achan creidmheach Abrahámach (Giúdach, Críostaí, Moslamach) chun ceartais is grá  a dhéanamh mar bunsráith faoinár comhluadar le chéile. Roghnaigh sí/sé sinn chun jahiliyya a scríosadh agus a ríocht a chur ina h-ionad.....agus ár ndicheall a dhéanamh dá chun cinn....'ár ndicheall a dhéanamh'?......sin é: جهاد ǧihād  a dhéanamh......




"Athair Ar Neamh"

Athair ar neamh, Dia linn
Athair ar neamh, Dia liom
M'anam, mo chroi, mo ghloir
Moladh duit a Dhia

Fada an la, go samh
Fada an oiche, gan gruaim
Aoibhneas, athas, gra
Moladh duit a Dhia

Moraim thu, o la go la
Moraim thu, o oiche go hoiche

Athair ar neamh, Dia linn
Athair ar neamh, Dia liom
An ghealach, an ghriain, an ghaoth
Moladh duit a Dhia

[Translation]

Father in Heaven, God bless us
Father in Heaven, God bless me
My soul, my heart, my glory
Praise be to you, oh God

Long is the peaceful day
Long is the night without gloom
Wonder, joy, love
Praise be to you, oh God

I praise you from day to day
I praise you night after night

Father in Heaven, God bless us
Father in Heaven, God bless me
The moon, the sun, the wind
Praise be to you, oh God

An réabhlóid Abrahámach abú!

Slán go fóillín....

; D x..............................xx................................xxx.........................................xxxx.....................XX..x

Sunday 5 October 2014

'S ina neach anghrách é/í an Dia Abraham - a 'sexy thing'!

I 2007 foilsíodh - as Béarla - Emily & the Mystagogue le Michael Ravey a bhfuil A Journey to an Erotic Eucharist (Turas go hEocairist Anghrách) an fotheideal air. Níor raibh sé ina leabhar mór-racháirte ar chor ar bith! Ach ar a laghad foilsíodh sé cinnte, agus tá sé a fháil fós ar 'amazon'....

                                                                                                                                           
Do scríobh mé é chun mo théise a ghlactaí leis Ollscoil Learpholl i 2005 a craobhscaoileadh níos leithne. Do thugtaí céim MPhil orm dá bharr....

Cén fáth a roghnaigh mé taighde a dhéanamh faoin nasc idir an anghráchas is an Eocairist?...Agus an bhfuil nasc eadarthu ann ar aon nós?...

Bhuel, ba dearg le fearg a raibh mé i rith mórán blianta leis an maorlathas cléiriúil i gcoitinne  a raibh i réim san Eaglais Caitliceach - an Eaglais a mbím sagart ann fós. Ba doigh liom gur thréig an maorlathas seo an cosmhuintir Éireannach-Learphollach, is dáirire sna ceantracha is boichte ar bruach an abhainn, an Mersey. 

Do bhí formhór na sagairt as ceantracha níos uaisle anseo is meon coimeádach acu faoin dlí canónach. 'S doigh liom go minic gur meas níos mó acu ar an dlí seo ná ar an ghrá nó ar cearta daonna an phobail. De réir an meoin coimeádach sin, is níos tabhachtach é ag freastal ar an 'Aifreann' ná ag an 'Eocairist' a chéiliúradh. Tá 'dualgas' ag baint leis freastal ar an 'Aifreann' - 'offering' as Béarla an fréamh ann - cosúil leis freastal ar na híobairtí págántaí. Ach is deis é an Eocairist chun dlúthchaidrimh a doimhniú, - dlúthchaidreamh eadrainn, dlúthchaidreamh leis na sinsir, dlúthchaidreamh leis achan creidmhach eile is - thar gach ní eile - dluthchaidreamh leis Iosa as Nazareth aiséirithe óna mairbh. 

Mar a mbíonn sé de gnáth faoina 'íobairtí'/Aifreann/'offering', áfach, tá orainn a bheith 'geanmnaí' ann. Biodh go raibh ciall ar 'geanmnaíocht deasgnáthach' i cultúr anTanakh 'gan baint corportha leis obair' d'achan saghas - giniúnt ainmhíoch is daonna ina measc! - ní raibh náire ar bith ann leis an gnéas. Ach is meon platónach é an meon cléiriúil, áfach, agus is ina abhar suarach é an gnéas-gan-baint-le-giniúnt dá réir sin. De bhrí sin - is go háirithe tar éis na h-imlitreach 'Humanae Vitae' ón bPápa - is doigh le mórán daoine gur cosc orthu leis a bheith páirteach san chéiliúradh Eocairisteach. Ba botún uafásach is mímhacánta a bhí foilsiú an imlitreach sin......

I 1999, agus mé ag súil leis éirgh as obair sóisialta, do chinntigh mé céim taighdeach i ndiagacht a thosnú chun údaráis a thabhairt do léirmheas a rinne mé faoin meon cléiriúil sin, amach as na '70idí. Ar dtús báire do bhí rogha agam idir trí bealaigh: léirmheas go direach ar an dlí canónach, nó léirmheas fealsúnach ar an diagacht trid fealsamh ag Baruch Spinoza. nó léirmheas ar céiliúradh Eocairisteach trid scríbhinní Sigmund Freud. Agus roghnaigh mé an triú ceann acu. Is, ansin, chaith mé cuig bliana ag an taighde a dhéanamh air..... 

            


Ó 1999 go dtí an lá inniu, d'fhorbair mé beagán na tuairimí a scriobh mé sa leabhar - d'áirithe a bhforbair mé an coincheap den réabhlóide Abrahámach arbh fhéidir linn an coincheap den éabhlóide daonna a thuiscint trid. Mar sin féin fanann an Anghráchas i croílár na théise, i croílár mo staidéir. Agus tá leabhar eile a raibh anthabhactach ann, leabhar le Anthony Giddens a bhfuil an teideal air: The Transformation of Intimacy (1992)/ An Chlaochlú Dlúthcaidribh

                                                    Front Cover

Agus b'in an leabhar sin ar bhfuair mé cupla sainminithiú don téarma as Béarla: eroticism a h-aistraím go Gaeilge: anghráchas. Seo anseo an aistriúchán a chuir mé ar sainmhinithe ag Anthony Giddens:

is oiliúint na mothúcháin é an anghráchas; ach is oiliúint é trid na céadfaí corportha agus sin i comhthéacs cumarsáide pearsanta. Is oilteacht é le sámhas a thabhairt is a ghlacadh é an anghráchas. 

is an collaíocht é an anghráchas; ach is an collaíocht é iomlánaithe isteach i réim leathan feidhmeanna mothúchánacha ina bhfuil cumarsaide an ceann is fiorthabhachtach acu.

Aontaim amach is amach leis an téis sa leabhar ag Anthony Giddens....

.....Agus aontaim amach is amach le Sigmund Freud go mbionn grá daonna den achan tsort 'anghrá' go bunusach. Níl aon chean d'anghrá éagsúil le cheann eile ach amháin mar gheall ar an tréine éagsúil a bhfuil i ceachtar díobh. Dá bhrí sin is as an aon fréamh fisiciúil a fhasann an ghrá d'achan tsort, ón fíochán 'brillíneach' a cuirimid air (clitoral tissue as Béarla). Tá an fíochán cóirithe go difriúil i fir is i bhean, cinnte: sa phéineas i fir, sna labia minora is san brillín féin i bhean. Mar sin féin is an fíochán mar a gcéanna sna beirt againn.

Bitear sainmhiniú cuimsitheach air a léamh sa leabhar: Eve's Secrets - A new Theory of Female sexulity (1987):

                                                                                                 

Agus tá taighde néareolaíocht faoi, leis an Ollamh Helen Ó Connell a mbíonn ina néaromháinlia sa Royal Melbourne Hospital. 

                                          

Tá cóip desna torthaí óna taighde a fháil ar www.firenode.net/sexualite/sources/oconnell-etal-clitoris.pdf      

Pléim mise féin sa leabhar Emily nach mbíonn difríocht san inscne ach é a bheith ina chomhartha faoin h-áit ar scála aistritheach gnéasach.......Dá bhrí sin níl aon difríocht mar gheall ar an dlúthchaidreamh idir grá hómaighnéasach is grá heitrighnéasach...Níor raibh tuiscint ar bith fá dtaobh den rudaí seo inár gcultúr féin ach go dtí an fichiú aois. Níl eolas faoi fós i measc an cosmhuintire san Iarthar nó i cultúir eile trasna an domhain. Is i mo thuairim é nach mbíonn eolas ar bith san maorlathas cléiriúil.....nó i measc na Gaeil?.....

Do scanraíodh Sigmund Freud, áfach, roimh a theacht go loighciúil ar an tuairim go mbíonn mothúchain anghráhacha ag achan leanbh fiú sa mbroinn. Bímid ina 'neacha gnéasacha' agus bíonn gá againn i gcónaí le dúthchaidreamh anghrácach óna chéile. Agus bainfimid taitneamh anghrácach as a céile i bParthas!..... 

Mar sin féin, táimidne ar rinn céime eile san oibriú éabhlóide fá dtaobh de dlúthchaidreamh d'ainneoin an diansheasmheacht greasáin paitriarcacha. Ach is fada é an bealach go bParthas. Dá bhrí sin is ríthabhactach é go léimid na scríbhinní Abrahámacha - an Tanakh, na scríbhinní soiscéalacha, is an Coráin - faoin solais na éabhlóide i cultúir daonna go dtí seo. Níl aon riail fá dtaobh den anghráchas ach meas dár chéile is d'áirithe do pháistí is do mhná!....

Maith go leor!  Ar ais do Baruch de Spinosa.....

                                                

Ina leabhar cáiliúil, Ethics - 's an leabhar fealsúnachta is fearr as an Iarthar é imo thuairim - dearbhaíonn sé go mbíonn dhá aitreabúidí ag Dia: Bíonn sé/sí 'ina neach ábhartha' agus 'ina neach smaointeach'. Do scríobh Baruch go mbíonn aitreabúidí eile ag Dia ach is aineolacha a bhfuilimid faoi......

.....ón taighde fealsúnach a rinne mé, áfach, conclúdaim go mbíonn Dia 'ina neach anghrách' freisin - 'a sexy thing' mar a deirtear as Béarla!....

Is leis anghráchas é go mbionn grá ag Dia Abraham duinn. Is leis anghráchas é a mbíonn orainn grá a thabhairt dár chéile. Ach de bhrí smachtú paitriarcach orainn sa saol seo, tá orainn a bheith curamach....Beidh deireadh leis pairiarchas i bParthas.....Tá tnúth agam le damhsa leatsa ann, ina neach anghrách tú freisin!.....Níl amhráin oiriúnach do as Gaelige, dá bhrí sin rincimid le chéile leis an amhráin seo.....tusa is mise is an Dia Abraham!......



Rincimis!

Slán go fóillín...

; D xxx.....................xxxx...................................xxxxx...........................................................XX