Sunday 5 October 2014

'S ina neach anghrách é/í an Dia Abraham - a 'sexy thing'!

I 2007 foilsíodh - as Béarla - Emily & the Mystagogue le Michael Ravey a bhfuil A Journey to an Erotic Eucharist (Turas go hEocairist Anghrách) an fotheideal air. Níor raibh sé ina leabhar mór-racháirte ar chor ar bith! Ach ar a laghad foilsíodh sé cinnte, agus tá sé a fháil fós ar 'amazon'....

                                                                                                                                           
Do scríobh mé é chun mo théise a ghlactaí leis Ollscoil Learpholl i 2005 a craobhscaoileadh níos leithne. Do thugtaí céim MPhil orm dá bharr....

Cén fáth a roghnaigh mé taighde a dhéanamh faoin nasc idir an anghráchas is an Eocairist?...Agus an bhfuil nasc eadarthu ann ar aon nós?...

Bhuel, ba dearg le fearg a raibh mé i rith mórán blianta leis an maorlathas cléiriúil i gcoitinne  a raibh i réim san Eaglais Caitliceach - an Eaglais a mbím sagart ann fós. Ba doigh liom gur thréig an maorlathas seo an cosmhuintir Éireannach-Learphollach, is dáirire sna ceantracha is boichte ar bruach an abhainn, an Mersey. 

Do bhí formhór na sagairt as ceantracha níos uaisle anseo is meon coimeádach acu faoin dlí canónach. 'S doigh liom go minic gur meas níos mó acu ar an dlí seo ná ar an ghrá nó ar cearta daonna an phobail. De réir an meoin coimeádach sin, is níos tabhachtach é ag freastal ar an 'Aifreann' ná ag an 'Eocairist' a chéiliúradh. Tá 'dualgas' ag baint leis freastal ar an 'Aifreann' - 'offering' as Béarla an fréamh ann - cosúil leis freastal ar na híobairtí págántaí. Ach is deis é an Eocairist chun dlúthchaidrimh a doimhniú, - dlúthchaidreamh eadrainn, dlúthchaidreamh leis na sinsir, dlúthchaidreamh leis achan creidmhach eile is - thar gach ní eile - dluthchaidreamh leis Iosa as Nazareth aiséirithe óna mairbh. 

Mar a mbíonn sé de gnáth faoina 'íobairtí'/Aifreann/'offering', áfach, tá orainn a bheith 'geanmnaí' ann. Biodh go raibh ciall ar 'geanmnaíocht deasgnáthach' i cultúr anTanakh 'gan baint corportha leis obair' d'achan saghas - giniúnt ainmhíoch is daonna ina measc! - ní raibh náire ar bith ann leis an gnéas. Ach is meon platónach é an meon cléiriúil, áfach, agus is ina abhar suarach é an gnéas-gan-baint-le-giniúnt dá réir sin. De bhrí sin - is go háirithe tar éis na h-imlitreach 'Humanae Vitae' ón bPápa - is doigh le mórán daoine gur cosc orthu leis a bheith páirteach san chéiliúradh Eocairisteach. Ba botún uafásach is mímhacánta a bhí foilsiú an imlitreach sin......

I 1999, agus mé ag súil leis éirgh as obair sóisialta, do chinntigh mé céim taighdeach i ndiagacht a thosnú chun údaráis a thabhairt do léirmheas a rinne mé faoin meon cléiriúil sin, amach as na '70idí. Ar dtús báire do bhí rogha agam idir trí bealaigh: léirmheas go direach ar an dlí canónach, nó léirmheas fealsúnach ar an diagacht trid fealsamh ag Baruch Spinoza. nó léirmheas ar céiliúradh Eocairisteach trid scríbhinní Sigmund Freud. Agus roghnaigh mé an triú ceann acu. Is, ansin, chaith mé cuig bliana ag an taighde a dhéanamh air..... 

            


Ó 1999 go dtí an lá inniu, d'fhorbair mé beagán na tuairimí a scriobh mé sa leabhar - d'áirithe a bhforbair mé an coincheap den réabhlóide Abrahámach arbh fhéidir linn an coincheap den éabhlóide daonna a thuiscint trid. Mar sin féin fanann an Anghráchas i croílár na théise, i croílár mo staidéir. Agus tá leabhar eile a raibh anthabhactach ann, leabhar le Anthony Giddens a bhfuil an teideal air: The Transformation of Intimacy (1992)/ An Chlaochlú Dlúthcaidribh

                                                    Front Cover

Agus b'in an leabhar sin ar bhfuair mé cupla sainminithiú don téarma as Béarla: eroticism a h-aistraím go Gaeilge: anghráchas. Seo anseo an aistriúchán a chuir mé ar sainmhinithe ag Anthony Giddens:

is oiliúint na mothúcháin é an anghráchas; ach is oiliúint é trid na céadfaí corportha agus sin i comhthéacs cumarsáide pearsanta. Is oilteacht é le sámhas a thabhairt is a ghlacadh é an anghráchas. 

is an collaíocht é an anghráchas; ach is an collaíocht é iomlánaithe isteach i réim leathan feidhmeanna mothúchánacha ina bhfuil cumarsaide an ceann is fiorthabhachtach acu.

Aontaim amach is amach leis an téis sa leabhar ag Anthony Giddens....

.....Agus aontaim amach is amach le Sigmund Freud go mbionn grá daonna den achan tsort 'anghrá' go bunusach. Níl aon chean d'anghrá éagsúil le cheann eile ach amháin mar gheall ar an tréine éagsúil a bhfuil i ceachtar díobh. Dá bhrí sin is as an aon fréamh fisiciúil a fhasann an ghrá d'achan tsort, ón fíochán 'brillíneach' a cuirimid air (clitoral tissue as Béarla). Tá an fíochán cóirithe go difriúil i fir is i bhean, cinnte: sa phéineas i fir, sna labia minora is san brillín féin i bhean. Mar sin féin is an fíochán mar a gcéanna sna beirt againn.

Bitear sainmhiniú cuimsitheach air a léamh sa leabhar: Eve's Secrets - A new Theory of Female sexulity (1987):

                                                                                                 

Agus tá taighde néareolaíocht faoi, leis an Ollamh Helen Ó Connell a mbíonn ina néaromháinlia sa Royal Melbourne Hospital. 

                                          

Tá cóip desna torthaí óna taighde a fháil ar www.firenode.net/sexualite/sources/oconnell-etal-clitoris.pdf      

Pléim mise féin sa leabhar Emily nach mbíonn difríocht san inscne ach é a bheith ina chomhartha faoin h-áit ar scála aistritheach gnéasach.......Dá bhrí sin níl aon difríocht mar gheall ar an dlúthchaidreamh idir grá hómaighnéasach is grá heitrighnéasach...Níor raibh tuiscint ar bith fá dtaobh den rudaí seo inár gcultúr féin ach go dtí an fichiú aois. Níl eolas faoi fós i measc an cosmhuintire san Iarthar nó i cultúir eile trasna an domhain. Is i mo thuairim é nach mbíonn eolas ar bith san maorlathas cléiriúil.....nó i measc na Gaeil?.....

Do scanraíodh Sigmund Freud, áfach, roimh a theacht go loighciúil ar an tuairim go mbíonn mothúchain anghráhacha ag achan leanbh fiú sa mbroinn. Bímid ina 'neacha gnéasacha' agus bíonn gá againn i gcónaí le dúthchaidreamh anghrácach óna chéile. Agus bainfimid taitneamh anghrácach as a céile i bParthas!..... 

Mar sin féin, táimidne ar rinn céime eile san oibriú éabhlóide fá dtaobh de dlúthchaidreamh d'ainneoin an diansheasmheacht greasáin paitriarcacha. Ach is fada é an bealach go bParthas. Dá bhrí sin is ríthabhactach é go léimid na scríbhinní Abrahámacha - an Tanakh, na scríbhinní soiscéalacha, is an Coráin - faoin solais na éabhlóide i cultúir daonna go dtí seo. Níl aon riail fá dtaobh den anghráchas ach meas dár chéile is d'áirithe do pháistí is do mhná!....

Maith go leor!  Ar ais do Baruch de Spinosa.....

                                                

Ina leabhar cáiliúil, Ethics - 's an leabhar fealsúnachta is fearr as an Iarthar é imo thuairim - dearbhaíonn sé go mbíonn dhá aitreabúidí ag Dia: Bíonn sé/sí 'ina neach ábhartha' agus 'ina neach smaointeach'. Do scríobh Baruch go mbíonn aitreabúidí eile ag Dia ach is aineolacha a bhfuilimid faoi......

.....ón taighde fealsúnach a rinne mé, áfach, conclúdaim go mbíonn Dia 'ina neach anghrách' freisin - 'a sexy thing' mar a deirtear as Béarla!....

Is leis anghráchas é go mbionn grá ag Dia Abraham duinn. Is leis anghráchas é a mbíonn orainn grá a thabhairt dár chéile. Ach de bhrí smachtú paitriarcach orainn sa saol seo, tá orainn a bheith curamach....Beidh deireadh leis pairiarchas i bParthas.....Tá tnúth agam le damhsa leatsa ann, ina neach anghrách tú freisin!.....Níl amhráin oiriúnach do as Gaelige, dá bhrí sin rincimid le chéile leis an amhráin seo.....tusa is mise is an Dia Abraham!......



Rincimis!

Slán go fóillín...

; D xxx.....................xxxx...................................xxxxx...........................................................XX

No comments:

Post a Comment