Wednesday 25 February 2015

An Carghas Réabhlóideach

Do scríobh mé blág as Béarla faoin Chargas fós. 'S féidir leat an nasc leis a fháil ar 'Facebook', ar mo leathanch baile ann........

Is i nGaeilge a mbíonn tionchar Crístaíochta impiririúlachais níos soiléir ná go mbíonn sé i mBéarla. Is Lent ina fhocal sasanach é a bhfuil (laethanta) fada (longer/lengthen) an chiall air; cé nach bhfuil carghas ach ina dhroch-Laidin ar quadragesima - sin é na daichead laethanta roimh Cáisc.

Mar sin féin bhí meon neamhspleách ag na manaigh in Éirinn roimh theachta Pádraig....

        Image result for Skellig Michael pics  Image result for Skellig Michael pics
                                                                      Sceilig Mhicíl

I rith na céadta tar éis aiséirithe Íosa as Nazareth thruaillíodh an diagacht Críostaíochta impiriúlachais le fealsúnacht nua-phlatónach ina bhfuil salach is lofa é ár gcorp daonna agus ár intinn leis. Do chum Agaistín coincheap peaca ár sinsir a ghreamaítear ar achan duine againn, de réir Agaistín bocht, le linn an gnímh giniúna féin! (Cuir milleán ar na thuismitheoirí).....Bhuel, ba fheilinach thar fóir é an fealsúnacht sin comh fhada leis an maorlathas impiriúil; bheadh sé orthu an cosmhuintir 'salach', 'peacúil' a coimeád faoi smacht - ina súdairí deontais poiblí iad, nach ea?.....

Ag an am céanna, dearbhaigh na diagairí impiriúila - is iad faoi tionchar fealsúnachta nua-phlatónach i gcónaí - go mbíonn Íosa as Nazareth ina Dhia féin. Do mhinigh an 'ghéarchúis' sin trí 'dhiagacht' faoin 'Tríonóide Naofa', is é féin ina rhún diamhair dothuigthe. Agus ba fheiliúnach é an 'diagacht' sin leis an Impire toisc go cuireann Íosa isteach i neamh, slán sabháilte as bealach, agus an Impire i gceannas ar talamh!......

Bhí na manaigh in Éirinn agus an cosmhuintir ann páirteacha an bheirt acu sa cultúr céanna is sa theanga céanna, áfach - ar a laghad roimh teachta Pádraig. Ach ina dhiaidh sin, an-throm a ba é tionchar na heaspaig impiriúila ar an pobal is ar na manaigh freisin. Mar sin féin, 's doigh liom go raibh an dlúthbhaint idir na manaigh is an pobal é a spreag na manaigh toraidh praiticiúila ón diagacht nua-phlatónach - ancorp salach is an cosmhuitir peacúil ó nádúr - a mhaolu. Chuir siad béim ar trócaire Dé agus cleachtadh faostine a tionscnamh.....

Ach ní leor é......Chaithimid an diagacht seafóideach sin a dhiultu ina hiomlán......

'Ba seafóideach é an smaoineamh a bhuail ar Agaistín faoi 'peaca na sinsir', is faoin gnéas ina uirlis salach dá tharchur! Tá orainn dearcadh fíor an soiscéil a athfháil. Cinnte tá gá againn aithrí a dhéanamh, sin é: ag dul (rachad reach) ar ais (aith) - cinnte, ach ar ais don chonradh Abrahamach bunusach......Caithimid achan údarás ach údarás Dé á dhiultú agus ár ndicheall á dheanamh (جهاد‎ ǧihād) chun na réablóide Abrahamach a chur chun cinn - sin é, an ceartas simplí is ollchuimsitheach agus an grá bog ceanúil - anghráhach.....

Tá orainn achan deacracht a fhulaingt ar son an soiscéil, ar son na réabhlóide Abrahamach, gan gearán. 'S ann a fhaighimid an tuiscint ceart ar:

Chuala sibh go ndúradh: 'Súil ar súil, fiacail ar fhiacail.' Ach is é a deirimse libh gan seasamh in aghaidh and drochdhuine: ina ionad sin, an te a thugann buille sa leacan dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin....(Matha 5:38 a leanas).

Ní raibh Íosa as Nazareth ina shíocánaí; níl ina réabhlóid neamhfhoréigneach é an réabhlóid Abrahamach ach oiread. Ba sa comhthéacs fógartha an réabhloide dosna chiníocha a raibh an foláireamh iompaigh...an leiceann eile. Bhain Íosa úsáid as foréigin agus é ag 'ghlandadh an Teampaill'....Bhí sé dearg le fearg, is foréigneach dá bharr.....Ach do bhí an fearg sin in éadan diultaithe ag an cléir a bheith páirteach sa réabhlóid....chun áitithe ar dhaoine a bheith páirteach sa réabhlóid, mar a scríobh Pól,

 Bhí mé i mo gach ní do gach duine d'fhonn cuid áirithe acu a shábháil ar chuma éigin...(1Cor 9:22).

Níorbh ina thionscnamh nua é misean Póil chuig na 'ciníocha' ar chor ar bith. Ba cuid
lárnach é sa réabhlóid Abrahamach ón dtús, ach is tionscamh é a mbíonn ceannairí ar an 'phobail Dé' ag diultú i gcónaí. Ní gá duinn ach na 'fáidhithe' á léamh sa dTanakh nó na scríbhinní soiscéalacha á léamh, le brí na réabhlóide a thuiscint...Is ina réabhlóid uilíoch í an réabhlóid Abrahamach, ina réabhlóid i gcoinne جاهلية‎ ǧāhiliyyah/jāhilīyah in achan áit a bhfaightear é.......

Dá bhrí sin is ina comhartha é dlúthpháirtiocht leis an Réabhlóid seo í an aoine Chargais. Níl ina píonós í nó ina píonós a chuirimid orainn féin. Is comhartha dlúthpháirtiochta í leis an chosmhuintir a mbionn faoi cosa an maorlathais atá i gceannas ar جاهلية‎ ǧāhiliyyah/jāhilīyah - na bancéirí móra, mar shampla, agus a comhghuaillithe i measc na polaiteoirí. Is pearsanta é mo hábhar aoine; ach is fianaise poiblí é go gcoiméadaimid an tráth seo le chéile agus inár bpobal Abrahamch sinn.....Is é sinn an aoine is fearr:

An troscadh is áil liom, nach é seo é?
dar briathar an Tiarna Dia:
Geimhleacha na héagóra a scaoileadh,
an ceangal a bhaint den chuing;

an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach,
an uile chuing a bhriseadh;
do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais,
didean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh,

éadach a chur ar an té a fheiceann tú nocht
agus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuitire.
Ansin scallfaidh do sholas amach mar an maidneachan
agus is gearr go dtaga cneasú ar do chréachtaí... (Is 58:6-8)

Is ina fhianaise é ár troscadh le chéile, ina fianaise i gcoinne جاهلية‎ ǧāhiliyyah/jāhilīyah!

Ach, sin ráite, bímis ag damhsa, agus sinn dóchasach thar fóir:

....ardaigí bhur gceann, oir tá bhur bhfuascailt in achmaireacht!





Slán go fóillín!

; D xxxx...............................xxx................xx.............x.....xxx....x......................................X


No comments:

Post a Comment