Saturday 14 March 2015

Urnaí Réabhlóideach........

Sa gceantar seo - Kirkby ar bhruach Learpholl - ní bhualaim leis aon duine eile a bhfuil Gaeilge aici nó aige......

Nach go bhfuilimse líofa as an Gaeilge ar chor ar bith; ach is liomsa í an teanga, cé go goideadh í óna gclainne an Gorta Mór anseo níos mó ná céad bliana ó shin. Ba bochtaineacht dian iontu é an cúis leis comh maith leis an ciníochas frith-éireannach a raibh forleathan i Lancashire ag an am. Mar a gcéanna freisin, a ba é frithéireannachas fiu i measc na cléire Caitlicheach a dhiúltaigh séiplínigh a raibh Gaeilge acu a cheapadh don chosmhuintir (Tony Birtill: A Hidden History - Irish In Liverpool: An Ghaeilge i Learpholl, ISBN 13: 9780956452719 | ISBN 10: 095645271x ).

An am faoi láthair, trasna Merseyside, tá mórán daoine a mbíonn suim mór diograiseach acu ina bhféiniúlachas 'éireannach' fiú mura bhfuil Gaeilge acu. Rinne mé staidéar beag cuig is fiche mbliana ó shin inar chuir mé i gcomparáid le chéile béaloideas faoina bhfréamhacha ag a muintir le dhá ghrúpaí. Ina baill de dhá chlubanna pinsinéirí a ba iad - 'caitliceach' an aon cheann amháin acu agus 'neamh-caitliceach'  an ceann eile. 

Bhí siad ina gcónaí sa gceantar céanna, ceantar luchta oibre anseo i Learpholl. Bhí cuimhne ag mórán na 'caitlicigh' ar na contaetha in Éirinn a raibh fréamhacha a muintire ann; ach ni raibh mar a gcéanna leis baill an club 'neamh-caitliceach'. Mar a laghdaíonn an nasc 'caitliceach-éireannach'
ina hbaint socheolaíocht, is mar seo a laghdaíonn an féiniúllacht éireannach agus suim ar bith sa teanga leis. Cloisim cabaireacht go minic i mBreatnais, Fraincis, Polannach, Sínis, Araibis is i teangacha eile nach iad, sna siopaí is ar na sraideanna trasna contae Merseyside.....Ach níor chuala mé riamh focal ar bith as Gaeilge inár ceantar féin ná i Learpholl ná Mancúin ná in pé áit poiblí eile i Sasana.....Comh fada leis ár dteanga sinserach é tá sí comh ciúin leis an uaigh....

Cén buntaiste liom, dá bhrí sin iarrachtaí a dhéanamh chun usáide a bhaint as mo bheagán Gaeilge?

Níl buntaiste ar bith ag teanga ar bith ach amháin más i meán cumarsáide í......Más amhlaidh atá sé, cé a mbímse páirteach leis, lei leo tri mheán na Gaeilge?.....Bhuel, anseo dhuitse agus tusa ag léamh na bláganna seo. Is comhrá dem tsort é toisc tá orm a bheith curamach ann gan stuaic a chur ort, cinnte! Is mar a gcéanna é leis Facebook, Twitter is aráile.......Ach tá comhrá eile a mbím páirteach ann......Is comhrá é a ritheann liom trid achan lá. Agus is comhrá as Gaeilge é.....comhrá leis an saol eile!...Lig dom chiall a chur air duitse!....

I mbláganna eile, as Gaeilge is as Béarla, scríobh mé faoi mo shinsir - faoi Felix is Mary Ravey mar shampla. 'S ina 'tuismitheoirí' iad, an beirt acu, ag achan 'Ravey' a rugadh i Learpholl tar éis an Gorta Mór is anuas. Is ina chloch is mó é ar an phaidrín ag ár dtraidisiún Gaelach é - agus i traidisiún eile, an traidisiún Abrahamach ina measc - go mbionn an saol eile ann go firinneach; is go mbíonn abhartach, bríomhar, beo é. Agus is sa saol eile sin a mbíonn Felix, Mary is na sinsir Gaelacha eile ina gcónaí.....Más ea é - is creidim gurbh é - 's féidir linn a bheith i dteagmáil le chéile....

Sa dtraidisiún 'críostaí-nuaphlatónach', tugtar mionchuntas ar forchéimniú inár baint leis an saol eile. Deirtear go bhfuil sé cosuil le dréimire a bhfuil orainn ag dreapadh suas air. Amanna, deirtear go mbíonn sé ina thuras 'anuas', ón samhlaíocht ábharaíoch go haontacht le Dia, taobh thall d'achan mian ábharaíoch. Ach nach ag an cosmhuintir é an slí leithleasach seo! Is léir dom anois nach bhfuil 'spioradáltacht ceilteach' ach an spiordáltacht nuaphlatónach a raibh a fhréamhacha leis na manaigh san Éigipt san ceathrar aois (RE).....Ach spioradáltacht ábharaíoch a ba í an spioradáltacht fíor-cheilteach, mar a mbíonn an spioradáltacht sna scríbhinní Abrahamacha (Tanakh, Soiscéal, an Córan). Ní saol díchollaithe é an saol eile ina bhfuil na sinsir ina beo beathach....

Is Baruch de Spinosa é ina fhealsamh is fearr, i mo thuairim, le tuiscint cuimsitheach a thabhairt ar an bunus ábharaíoch ag an cruinne ina hiomláine, is Dia san áireamh. Is 'rud intinne' is 'rud ábhair' - an bheirt acu fite fuaite le chéile - é Dia a phléann BdS sa leabhar Eitic.....

                                                   

('Benedict'?......ach Giúdach Sephardach a ba é. 'S fearr liom 'Baruch' a chur air.)

Tá ceart fealsúnach dá bhrí sin, ag an traidisiún Gaelach fá dtaobh den saol eile. Is ábharaíoch é mar go mbíonn Dia is an cruinne ina hiomlán....Ina beo beatha corporatha a mbíonn Felix, Mary, is ár sinsir go léir.....Nilim imo haonair a thuilleadh mar gheall ar an nGaeilge! 'S féidir liom labhairt leo go léir - is le Dia freisin - as Gaeilge, faoina gnáthrudaí i rith mo bheatha laethúil.....

De réir an béaloidis a dhíolaigh mé ó m'athair faoi a mhuintir féin, áfach, is léir dom é go raibh goic agoide orthu trasna glúinte. Bím lánpháirteach ann! Dá bhrí sin, agus mé ag labhairt leo, chomh maith leis cabaireacht faoina mionrudaí laethúila, bím ag caint leo faoin réabhlóid Abrahamach. Is an seasamh agóideach in bhfuilimid páirteacha, is féidir leo cabhrú a thabhairt dom fá dtaobh de. Agus creidim go dtugann siad cunamh dom faoi, achan lá.....

'Creidim go dtugann....'Sin é, 'creidim' is nach 'braithim' trí mo chéadfaí corportha!.....Creidim, sin é go cuirim ina luí orm féin go mbionn siad in éineacht liom. I mo chinneadh féin  é. Níl ann ach samhlaíocht, b'fhéidir?....Bhuel, uaireannta, an cinneadh á creidiúint déanta, srian a ligim le mo shamhlaíocht; ach nach sa samhlaíocht a mbunaítear an creideamh ar chor ar bith. Bíonn muinín agam sna 'finnéithe' san scríbinní Abrahamacha agus sa traidisiún Gaelach.....

Cad a nglacaim ón comhluadar seo leis na sinsir?.....

Bhuel, a mbíonn siad ina gcónaí i dTir na nÓg; bíonn siad ina n-óige go deo. Mar sin, glacaim fuinneamh, an ardú brí, uathu....brí chun an réabhloide Abrahamch a chur chun chinn....brí anghrách, gnéasach a dtiocfaidh i mbláth eadrainn i bParthas!

Agus iad ag teacht i cabhair orm, 's cinnte go 'mbainfidh mé ceann scríbe amach......sí m'aidhm'!

Seo anseo mo rhosc féin!!!!




Damhsa!


Fáinne fí i gcoim na hoíche.
(Níl) 'tada riamh nach mbíonn thart.
Diabhail fhios a'm cá bhfuil deireadh mo scéil
Ach táim ar an mbealach ceart.

Deir siad liom gan a dhul sa tseans,
Nach dtagann ciall roimh aois.
Bhuel 'sé m'aistear é, Ní léir cén fhad a mhairfidh sé,
'Sé togha ar aon chaoi.

So Lig mé saor ón suan 'tá orm.
(Tai)speáin 'om bóthar éasca cothrom.
Bainfidh mé ceann scríbe amach, sí m'aidhm,
Cíbe treo átá i ndán.

(Tá) Mé ag iompar úalach mór an tsaoil
Ach níl a'm ach péire lámh.
Suile troma is an ghrian a dhul faoi
Ach ní chodlaíonn mé go sámh.

"Bris amach agus tú fós sach óg."
Chinnigh mé le dul in aghaidh.
Seo mo ré, Seasfaidh mé an fód,
'S leanfaidh mé ar aghaidh.

English translation of lyrics:
http://ancroiait.wordpress.com/2013/0...

Amhránaí: Stiofán Ó Fearail as Seo Linn
https://www.facebook.com/seolinn
www.seolinn.com

Foireann Camera: Tree Light Pictures
www.treelightpictures.ie

Foireann Solas: Blacklight
http://www.blacklight.ie/

Taifead Beo: Engineered Soundscapes
engineeredsoundscapes@gmail.com

Slán go fóillín!

; D xxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxx.....................................x..............................XXX

No comments:

Post a Comment