Mmmmm?.....mo leithscéal ach níor aontóinn leat dá bheadh sé ido thuairim!
B'idé-eolaíocht í an críostaíocht ag an am sin, ina h-idé-eolaíocht giúdach a raibh faoi géarleanúint air leis an Impireacht Rómhánach - mar go raibh na Giúdaigh faoi leatrom i gcoitinne. Níor raibh sé de thaisme a chuir an fógra maslach searbhasach ar an cuaille a thairneálaigh siad Íosa as Nazareth ann: Jesus Nazaraenus Rex Iudaorum/ Íosa as Nazareth, Rí ag na Ghiúdaigh. Ba chun é a magadh faoi, is na Giúdaigh mar pobal freisin a scriobh siad an fógra. Níor raibh an Chríostaíoacht - dar leo - ach ina Giúdachas réabhlóideach ar tharraing smacht brúidiúil uirthi féin mar ar Abrahamachas d'achan sort faoi chóras impiriúil.....
Mar sin féin ba gearr go thosaigh mic léinn an idé-eolaíocht céanna - réabhlóideach - a ghlacadh, agus, ar cosúlacht leo, na hintleachtaí sna ollscoileana in Antioch (san tSír) is in Alexandria (san Éigipt), mar shampla. B'an Gréigis i an teanga is tabhachtach san Mheánmhuir - i gnó is trádáil, san eolaíochcht agus d'áirithe sa fealsúnacht - mar go mbíonn an Béarla inniu.....is an tSínis amárach! Do bhí i nGréigis freisin a bhí an fógra a chroch siad os chionn Íosa. Ba meon réabhlóideach ag Íosa, mar go raibh sé anchoitianta i 'nGalailí ag na Págánaigh' sa tráth sin. B'ina chontuirt a bhí sé don impire. Dá bhrí sin as Gréigis - ina lingua franca - a scriobhadh an fógra.....
Ba gearr, áfach, go raibh malairt ar an tuiscint réabhlóideach faoi Críostaíocht i measc na h-ollúna sna ollscoileanna thart timpeall an Mheámhuir. Do bhí fealsúnacht de réir Platóin a bhí i réim ann, ina fhealsúnacht 'frith-ábharach' amach is amach í. Bhí drochmheas ann ar an corp is ar gnéas is, go háirithe, ar giniúint daonna. Dá bhrí sin do chuir na fealsúna béim - de cóir a bheith go leithleasach - ar spiordáltacht ina raibh a fhócas ar 'beatha an anama'. Do bhí tuiscint ar Chríotaíocht de réir na fealsúnachta. sin ar thug na trádálaí Mheánmhuirí go hÉirinn. Agus, mar a duirt Manchán Mangan, ba tionchar na manaigh Éigiptigh, iad gráiniúil faoin corp agus i ngrá leis neamhábhrachás, a bhí an tionchar is mó ar thug na trádálaí leo.....
Bíonn tionchar ag an fealsúnacht Platónach ar an Críostaíoacht fós i measc na nGaeil: sa 'Centre for Celtic Spirituality' san Eamain Macha, mar shampla.
......Bíonn tréise láidir ann ar:
Rediscovering Christian Roots
Living Simply
In Harmony with Nature
Without Judgement of Others
In Harmony with Nature
Without Judgement of Others
Is rúndiamhrach é......neamhábharach......faoin saol as radharc.....faoin saol eile.......
'S géarchúis tabhachtach é an géarchúis Gaelach fá dtaobh den saol eile. Ach níorbh ionnan é sin leis an fealsúnacht Platónach. Cinnte, do bhuail an dara ceann leis cultúr na nGaeil mar ionfhabhtú de shórt éigin air. In áit Íosa a haithint ina laoch réabhlóideach, do chuir an spioradáltacht ag na maniaigh ar ceal laochra na nGaeil is na miotais futhu. Rinne scitsifréinacha sinn an fealsúnacht seo: b'ar aon taobh amháin ar sheas ár sinsir an fód i gcoinne leatroime ach ar an taobh eile a ghéill siad do heaspaig impiriúila mar go raibh Pádraig. Do bhain siad sult as pléisiúir na colainne, ach ag an am céanna ghlac siad go raibh siad 'ciontach' de réir caighdeán Platónach ag na manaigh!
Tá orainn, inár nGaeil Críostaí an lae inniu an fealsúnacht sin a sharú go hiomlán le go féidir linn an réabhlóid Abrahámach a chur chun cinn.......'Ní tír gan teanga'? Cinnte!.......ach ní saoirse gan an réabhlóid Abrahámach ach oiread.......is sa saol álainn ábharthach seo!