Tuesday 5 November 2013

ag macnamh ar dluth-chara gan comhrá ar bith eadrainn riamh!

Rugadh sé 1855......d'imigh sé ar slí na firinne 1929....

Rugadh mé 1942.......imo mharthain fós......

Michael Ravey air.....

Michael Ravey orm.....

Níorbh eolas ar bíth agam air ach amháin an ainm a raibh do agus go churadh an ola déanach air roimh a bhás.....agus go raibh sé ina chonaí leis teaglach mo sheanmháthar agus í ina baintreach......

Ach an lá inniu - agus taighde leathan déanta agam - t'a fhios agam gur ba doichí go raibh níos mó ná cupla focal as Gaelige aige.....gurbh fhear agóideach é......uaireanta go ndeacaigh sé ar meisce.....Agus mé an-bhrodúil gurbh 'Irish Mike' é leasainm a raibh air i measc a chomharsna Éireannach-Learphollaigh ag an am seo!.......Agus go maraíodh a ceithre clann agus iad ina h-óige: Nóra, 23, ón aicid a raibh dluthcheangal leis an bochtanas; John, 28, tar éis timpiste ar na duganna; James, 32, í bhFlanders; agus Felix,25, í muircath Jutland .....Achan seachtain agus mé ag freastal ag céiliúradh an Eocairiste, seo sa saol seo, shin mé mo lámh faoin Michael seo eile......sa dorchadas....gan teagmháil céadfach ar bith, cinnte....ach is nasc fíor a bhfuil ann!....

Cen chaoi's fhéidir é sin?.....'S'simplí, a chara, toisc go bhfuil sé - an Michael sin - ina bheatha fós - mar a scríobhtar sa Bíobla.....sin é bionn sé éirithe óna mairbh fós, ina chorp athnuaithe, de réir mar ghealltar san tsoiscéal!.....is mar a chréidtar le achan créidmhigh Abrahámach......

Mar sin féin, is trí chéile ar fad é an diagaire Abrahámach an lae inniu fá dtaobh den bheatha tar éis báis. Ar aon taobh amháin, deirtear go mbionn na mairbh 'i lámha Dé'; ach ar an taobh eile, deirtear go mbionn siad 'ina codladh' agus iad ag fanacht don 'Lá Déireanach', gur, ar an lá sin a 'ath-gheobhaidh' siad a coirp. Mearbhlach níos mó é sa dtraidisiún Caitliceach ón fhoirceadal faoin 'Purgadóir'!!!.....

Sa traidisiún Gaelach?....sin scéal eile!.....is scéal níos measa freisin....

....... saol eile - scéal eile!.....Bionn tagairtí go minic don saol eile sa béaloideas. Ach níos minice a bhfuil na tagairtí don saol eile sa béaloideas ach le siamsa a thabhairt dosna éisteoirí....agus b'fhéidir nach an formhór acu cinnte fá dtaobh den Tír na nÓg.......agus nach a bhfuil abairtí den sort, mar 'i slí na firinne', ach nathana cainte...nó mar go scríobh Shakespeare i Macbeth:
                                                                              it is a tale   
                                    Told by an idiot, full of sound and fury,
                                    Signifying nothing.  

....ach, a chara, níl sé i ndairire scéal inste leis amadán é an saol eile! Is den ábhar é de réir ciall iomlán an fhocail ábhar. Bionn ár sinsir ann; i spás trí-toiseac a mbionn siad ina cónaí....go corporatha. Bionn siad ag labhairt le chéile, ag damhsa, is ag súirí cinnte!...Seo anseo ciall na ráitis leis Íosa as Nazareth agus é ag díospóid leis dlíodoirí ciniciúla faoin aiséirí:

Ach thug Maois féin le tuiscint na mairbh a éirí, sa dréacht úd faoin tor, mar a dtugann ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Dia Iosác agus Dia Iacóib. Ní hé Dia na marbh é, ach na mbeo; óir is dó is beo cách (Lúc 20: 37, 38)

San am faoi láthair, tá éablóid réabhlóideach fá dtaobh de na meáin cumasáirde. 'S féidir linn a bheith i dteagmháil le chéile trasna spáis is fréisin fiú ama trid na meáin taifeadta.....Ach níl sé ach neamhbhríoch suarach é an éabhlóid seo, go dtí an lá inniu, le hais an cumhacht Dé.....Mar a scríobhtar le Pól:

                          Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad,
                          nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne,
                          is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó....(1 Co.2:9)

In achan cruinniú Abrahámach - raibíneach, chríostaí, Moslamach - táimidne i dteagmháil fíor leis an saol eile seo. Bionn siad - na sinsir - ina cónaí ann, ag éisteacht linn leis a cluasa is ag féachaint orainn le grá té bog, ag tnúth leis a bheith ag damhsa linn arís.........Agus, ina measc, mo Mhicheál, 'Irish Mike'!




Bainimis sult as mí na marbh, a chara, le cheile is leosan go léir!

Slán go fóillín.....

xxxxxxxxxxxxxxxx............................................................................................xxX

No comments:

Post a Comment