Wednesday, 4 December 2013

tiocfaidh ár lá

Nior rugadh mé istigh sa meánaicme Sasanach. Ach ó h-am go raibh mé 12 bliain d'aois togadh mé a bheith páirteach ann, agus mé ag freastal ar cursaí staideir sa cliairscoil is mé imo chónaí ann le naoi mí sa bhlian gan teagmháil lies mo mhuintir ach trí litreacha scríofa aon uair faoi coicis.

Go dtí 1967, chaith mé níos mó ná leath mo bheatha faoin choras a raibh a chuspoir mé a h-athrú go bunusach. Cen fáth? Bhual, agus mé imo shagart bhí siad ag súil go mbeidh mé páirteach sa togra cléiriúil  chun na muintire Éireannach-Learphollach a mhealladh a bheith dilis don Eaglais impiriúil.  Sa tslí sin, a bheadh siad géilliúil go toilteanach don choras soisialta Sasanach....Dá bhrí sin is féidir liom an beirt acu a thuiscint - an phobal a rugadh mé ina measc is an meán-aicme Sasanach a mbionn an togra acu mo phobal a chur is a choinneadh faoi smacht.....

Ach agus mé imo dhéagoir is isteach imo fhicidí, bhí mé faoi draíocht meon cléiriúil faisistíoch - na daltaí scoile a coinniú faoi smacht. Rinne mé sin mar shampla, d'áirithe agus mé imo bhall den fhoireann araíonach sa cliairscoil. Ach tar éis a rinneadh sagart diom, ceapadh mé a bheith i séiplíneach do meánscoil St Gregs, anseo i Kirkby, scoil a raibh 2000 daltaí mna ann, iad ina mna na 'h-íosaicme' Éireannach-Learphollach....Bhí malartu bunoscionn i m'aigne, ar ais do mheon raidiceach, agoideach, réabhlóideach - sin é  ag teacht abhaile, le meon munitire m'athara a ghlacadh chugam......

Ach agus mé imo Ghaeilgeoir anois, is aiteach go leor é narbh fhéidir liom amhráin réabhloideach a fhail as Gaelige.....Cinnte go bhfuil stóras acu a fháil sa tsean-traidisiún frith-Sasanach. Ach ni faightear amhráin as Gaelige ar comhbhrí leis an amhrán 'éireannach' The Red Flag, as Béarla, scríofa le Jim Connell.....

                                              
...mar sin féin i rith na blianta agus mé imo chonaí anseo i Kirkby, déanaim iarracht amhrán-aon-téama a chruthú de mo bheatha ...... an téama na Nollaig: gur cinnte é go tiocfaidh ár lá.....

Bím ag tagairt sna bláganna seo don réabhlóid éabhlóideach nó don éabhlóid réabhlóideach.....ar thug tú faoi deara é?!!!...... Ar aon nós is coincheap é a bhfuil istigh lárnach san traidisiún Abrahámach a raibh an Tír Tairngre an céad stad ar an aistear. B'é fógra faoin dara céim mór na éabhlóide seo san tsoiscéil. Agus bhí athghairm le chreidiúint sa réabhlóid bunusach Abrahámach a bhfuil an Córan Naomh ina an triú stad....

Is chríostaí mé.....dá bhrí sin bionn dualgas orm an éabhlóide réabhlóideach a chothú, le mo bheatha críostaí a chaitheamh chun an éabhlóide seo a chur chun cinn....Más a bhfuil thú ag freastal ag céiliúradh críostaí - ag céiliúradh an Eocairiste mar shampla - i mí na Nollag, is dócha go chluineann tú aitheasc faoi beirt 'teachtaí' - faoin breith Íosa as Nazareth agus faoina dara teacht ar 'deireadh an ama'. Beidh béim ar 'diagacht' ag Íosa sa céad teacht, agus faoi 'maighdeanas' Muire; agus beidh béim ar an 'Breithiúnas deireannach' faoin dara acu.....

....Ach is fadhbacha amach is amach an beirt fócais....

mar gheall ar Mac Dé:     Níl sé sna scríbhinní soiscéalaigh aon dearbhú faoin 'diagacht' ag Íosa i gciall an focail sa Chré a chur Costaintin, an Impire Rómhánach, ar an Eaglais sa ceithre aois - agus a aithrístear De Domhnaigh fós san eaglais caitliceach achan seachtain! Tá tagairtí do ' Mac Dé' sna scríbhínni soiscéalaigh ina thagairtí don Meisias, mar faighte sa dán/salm: 'Foilseoidh mé reacht an Tiarna. "Is tú mo mhac," a duirt an Tiarna liom, "inniu is ea a ghin mé thú...' (Tanakh, Salm 2).

Ach bionn dochreite amach is amach don traidisiún Abrahámach é a creidiúint ach i nDia amháin agus é/í gan macasamhail....Cen fáth a chuir an coras impiriúil an ciall sin as a chumas?....Is go an-shimplí é!!!...Níor mhaith leis feidhmeanigh impriúla aon bagairt dá rialtas brúidiúl, d'áirithhe ó Meiseas Giúdach. Dá bhrí sin, chuir siad Íosa ó Nazareth sa spéir, i measc na déithe Rómhánacha, amach ó udaras ainrianta an Impire....

Ach nach bhfuilimid san fhaopach mura ghlacaimid leis an Chré?....Níl, ar chor ar bíth, a chara!...D'ainneoin go an diagacht críostaí iomlan faoi tionchar an Chré le 1700 bliain beagnach, níor raibh sí an diagacht amháin tar éis ré na scríbhínní soiscéalaigh. Do bhí diagachtaí eile roimhe, an diagacht Giúdo-críostai ina measc.....Tugann sin orm le macnamh ar an 'Breithiúnas deireannach'......

'S féidir leat eolas níos mó a fháil fá dtaobh den diagacht Giúdo-críostaí i cupla leabhar as Béarla: The History of Jewish Christianity (Jean Daniélou, 1964); Jewish Christianity Reconsidered (edited by Matt Jackson-McCabe, 2007) and The Nag Hammadi Library (edited by James M Robinson, 1990).....

Do bhí diagacht Giúdo-críostaí cuí don saol mar a bhí sé san céad aois RC (Ré Críostaí). Sa saol seo, ghlacadh leis an 'escateolaíocht' (mar san Apacailipsis) . 'Escateolaíocht' : ón focal as Gréagach ἔσχατος/ἐσχάτη/ἔσχατον, eschatos/eschatē/eschaton . 'deireanach'? Sea, níl leis an ciall croineolach, ach leis an ciall 'bunusach', de réir bunbhrí an fhocail, a mbionn orainn ἔσχατον a léamh  . Mar sin is fiú é an Apacailipsis a léamh fós, ach níl mar gheal ar a chiall liteartha....

Mar a gcéanna, bhí diagacht na Cré ina h-iarraidh na scríbhínní a thuiscint sna h-imthosca an tsaoil eagsuila na feidhmeannaigh Rómhánaigh. Do chur an Cré an creideamh críostaí i dtéarmaí a raibh cuí don thogra impiriúil......Ach ni raibh micheart í an diagacht roimhe ar chor ar bíth!...Afach go firinneach, is deacair liom ceann ar bíth acú a thuiscint!! Dá bhrí sin, sa lá inniu tá orainn diagacht nua-aimseartha a saothrú, diagacht arbh fhéidir an éabhlóid réabhlóideach Abrahámach a thabhairt ar aghaidh.....Tar éis Karl Marx, tar éis Sigmund Freud, tar éis gluaiseachta na mban, tar éis  tuiscinte níos iomláne faion fhirinne folaithe i croí achan cultúir daonna, caithfiimid diagacht a fhorbairt a mbeidh oiriúnach do na cursaí seo.....

Chomh fad liomsa é,  tá diagacht faoin 'Trionoid', dothuigte amach is amach....agus, dá bhrí sin gan bhrí chun an éabhloide a chothú sa lá inniu. Níl an 'Tríonoid' ach ráiteas fá dtaobh dá dluthbaint idir Íosa, an Meiseas, is ans pearsantacht doshamhlaíthe Dé Abraham í diagacht na Tríonoide....Agus mar gheall ar an 'dara teacht' níl se ach seift liteartha mar a gcéanna......Seift liteartha é go cuirimid 'an dara teacht' air. Go bunusach, afach, tá an 'dara teacht' ina fhógra go mbhfuil bannaí dobhogatha leis an réabhloid Abrahámach...Dá bhrí sin, i rith miosa na Nollag, sna h-eaglaisí críostaí den traidisiún impíriúil, táimid ag machnamh ar an 'nuacht'/noël/nouvelle/nollag go bhfuil aon treo éablóideach, cinnte, diongbhailte don stair daonna.

In áit amhráin Gaelach faoin éabhlóid, réabhlóideach Abrahámach, seo anseo amhrán den scoth, as an Fhraincis, chun thú a spreagadh leis mí na Nollag a cheiliúradh mar is ceart.....b'fhéidir leis aistriuchán go Gaelige, gheobhaimid é inár amhrán réabhlóideach.....amhrán do mo mhuintir ios-aicme Éireannach-Learphollach?......

 Peuple Debout!..........Bí i do sheasamh, a mo Phobail!!!!



nollag faoi shonas!

; D xxxxx.............................................................is mile póga!

No comments:

Post a Comment