Wednesday 19 February 2014

Ón úirchill an Chreagáin.....do Parthas......

Níor scríobh mé fiú blág amháin le cupla seachtain anuas.....mo leithscéal, a cara!....Cen fáth? ......Bhuel, bhí mé ag léamh trí leabhar i rith an mí seo caite agus mórán leathanigh iontu! ' The Famine Plot' (2012), an teideal ar an céad ceann acu, agus Tim Pat Coogan an údar:

                                  Product Details

.......as Béarla, The Atlas of the Great Irish Famine (2012) agus Dar Liom (2008) le Philip Cummings...

Ar aon chuma, The Famine Plot, b'é an leabhar gearr is fearr a léigh mé fá dtaobh an Gorta Mór le fada an lá, ón uair a léigh mé 'The Great Hunger' le Cecil Woodham Smith (1968)

                                                    

Amach i ndeiradh na'60idí, spreagadh suim nua ionam fá dtaobh de mo fhéiniúlacht Éireannach agus mé ag obair - imo shagart óg - i measc an phobail anseo i Kirkby..... Thosaigh ag rith sé chugam don chéad uair go raibh ionannas idir an aicme is isle trasna Merseyside agus ár bhfréamhaca éireannacha. Ag an am sin, thug 'The Great Hunger' an cúlra stairiúil don fhíos nua seo; agus da bhrí sin b'fhéidir liom nasc a dhéanamh idir na cúrsaí sóisialta anseo - easnamh forleathan sa gréasán sóisialta  - agus an leatrom fá dtaobh de ceartaí daonna i dTuaisceart na hÉireann.......

                                                

Is mé ag macnamh ar an nasc sin, aitíodh orm cuireadh a chur do Bernadette Devlin a teacht do Kirkby agus í ár pobal a spreagadh chun a gcearta sóisialta a éileamh!!......Ní gá a rá nach ghlac mé freagra uaithi!...

                                     
    

.......Fuair m'athair bás i 1976. Cupla seachtain níos déanaí, ghlac muid litir - seolta do m'athar - ó mBéal Feirste, ó John Ravey arbh maith leis aon nasc idir a mhuintir féin agus an muintir Ravey i Learpholl a cuardach.....Don chéad uair ba pearsanta dom é an féiniúlacht éireannach.....

....ach ar líne athartha a bhfuil orainn a chuardach....Ach mé ag obair sa meánscoil, soil do 2000 daltaí cailliní sa  ceantar, bhí mé cinnte - agus bím cinnte fós - gurbh iad na mna a bhfuil i croí féiniúilachta an phobail, mar go mbíonn na mna a mbíonn ina gníomhaí i measc an phobail....agus sin d'ainneoin go mbíonn trí sloinnte aithareacha a cuardaítear fréamhaca ag ár muintir de gnáth.....

Is mo thuairim é nach bhfuil seift rómánsach í an ógbhean aislingeach sa traidisiún amhránaíocht Gaelach. Is rud níos bunusach ar fad é  's firic a n-éiríonn amach as na cianta cairbreacha, as an saol roimh paitriarchas - mar is léir é ó scríbhínní le Karl Marx, le Bronislaw Malinowski (antraipeolaí) is le fealsúna is antraipeolaithe fireain eile, gan tagairt a dhéanamh do scríbhneoirí feiminí.....An saol roimh paitriarchas?......saol gan comortas ar bíth.....saol ina raibh dluthchaidreamh ina rud is tabhachtach eadrainn - gan bacadh inscneach, gan dúil treascrach le giniunt, gan foréigean 'macho' ar bíth....saol na máithreacha.....B'é sin an gairdín Pharthais agus beidh sé an 'saol eile' ina treo a bhfuil ár dturas......Go neamhchosúil leis an boc sin san úirchill an Creagain, b'fhearr linn an ainnir a leanúint ar an ród!......




Ag Úirchill an Chreagáin is ea chodail mise aréir faoi bhrón,
Is le héirí na maidne tháinig ainnir fá mo dhéin le póig;
Bhí grís-ghrua ghartha aici, agus loinnir ina ciabh mar ór,
ls ba é. íocshláinte an domhain a bheith ag amharc ar an ríoghain óig.


'A fhial-fhir charthanaigh, ná caitear thusa i néalta bróin,
Ach éirigh go tapaidh agus aistrigh liom siar sa ród,
Go tír dheas na meala nach bhfuair Galla inti réim go fóill,
Gheobhair aoibhneas i hallaí le mo mhealladhsa le siamsa ceoil.'


'A ríoghain dheas mhilis, an tu Hélen fár tréaghdadh slóigh,
Nó an de na naoi mná deasa Pharnassus thú bhí déanta i gcló?
Cá tír ins an chruinne inar hoileadh thú, a réalt gan cheo,
Le ar mian leat mo shamhailtse bheith ag cogarnaigh leat siar sa ród?'


'Ná fiafraigh domhsa an cheist sin nó ní chodlaím ar an taoibh 'seo den Bhóinn,
Is síogaí beag linbh mé a hoileadh le taoibh Ghráinne Óig';
l mbruíon cheart na n-ollamh bím go follas ag dúscadh an cheoil;
Bím san oíche ag Teamhair is ar maidin i lár Thír Eoghain.'

THE NOBLE GRAVEYARD OF CREGGAN
It was at the noble graveyard of Creggan that l slept last night in sorrow, and at the dawning of the day a girl came towards me with a kiss; she had glowing laughing cheeks, and a sheen in her hair like gold, and it was a cure for the ills of the world to be looking at the young queen.

'Oh charitable generous man, don't be cast into clouds of sorrow, but rise up quickly and come with me west along the road, to the beautiful land of honey where the English have not yet gained control, and you will have pleasure in halls to entice me with musical entertainment.'

'Oh beautiful sweet queen, are you Helen for whom the host was destroyed, or are you one of the nine beautiful women of Parnassus who were of the identical appearance? In what country in the world were you reared, oh star without blemish, that you would wish the likes of me to be whispering with you west along the road?'

'Don't ask me that question, for I do not sleep on this side of the Boyne, I'm a young child fairy creature that was reared beside Moate; I appear in the true palace of the master-poets to inspire music; by night l'm in Tara and by morning in the middle of Tyrone.'



Slán go fóillín!

; ) xxxxx..........................................................xxx................................................xx..............x....X

No comments:

Post a Comment