Saturday 13 September 2014

Bunusachaí Abrahamacha

....bhi mé ag féachaint go direach ar clár ar Al Jazeera (English) Live. Bhí faisnéis ann faoi h-iarrachtai le banna ceoil chun ceolchoirm a léiriú i dTeharan. 'S Bird of Dawn an teideal atá air. Do dhiúltaigh an aire cultúr cead a thabhairt doibh toisc go mbeadh mna ag amhránaíocht i rith an ceolchoirme, rud nach mbeadh dleathach san Iaráin...... Cén fáth? ...ar an ábhar go meallfadh gúth baineann éisteoirí fir go gnéasach...agus ní ciall a rá gurb  peacacha iad mothúcháin gnéasacha, nach ea?.....

Bhí mé ag éisteacht aréir le taifeadah ar líne seanmóra i seipeal Baisteach i dtuaisceart na hÉireann ina raibh téama ann faoin gá ullmhúcháin a dhéanadh le 'buailadh leis an Tiarna' i ndeireadh ár saoil. Ba doigh gur bhain an seanmóirí úsáid as grianghraif chun an téama a soiléiriú. Ba grianghraif 'greannmhara' iad de réir dealramh; mar go raibh an pobal ag gáire....Ach ba doigh liom gur faoin 'amáideacht' iad ag mná-tiománaithe i gcoiteann....'S ina amadáin iad na mná, nach ea?....

'S seafóideach é seo, amach is amach, is maslach ar mná - ponc.

Ach is diamaslach é freisin: diamaslach de bhrí gur

Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin,
ar dheilbh Dé is ea a chruthaigh sé é.
Fireann is baineann is ea a chruthaigh sé iad

Is ina 'bunusachaí' iad na ceannairí san Iaráin agus iad léamh an Corán. Is trí spéaclaí cultúir na seachtó aoise a léann siad é. Ní nglacann siad gur éabhlóideach é an cultúr, gur orainn inár creidmigh an éabhlóid seo - éabhloid gan stad - a cheiliúradh, is sin in ainm Dé. Tá tuiscint níos iomláine, dá bharr sin, ar téacsanna an Bíobla, ar scríbhinní soiscéalacha, is ar an Corán mar a gcéanna.....

B'amharach mise go raibh Alex Jones i measc mo mhuinteoirí sa diagacht scriptúrha agus mé imo h-óige. De toradh a theagasc, léann mé inniu an Tanakh (Torah - an Dlí Mhaoise, Nevi'im - na Fáithe, Ketuvim - na Scríbhinní), na scríbhinní soiscéalacha, is an Corán Naofa leis an buntaistí a bhainim as léirmheastóireacht nua-aimseartha seo....

                                                   
                                                                      Alex Jones

Agus tá diagairí moslamacha - mná is fir - a léann an Corán leis an tuiscint éabhlóideach céanna. Ina measc scríobh Amina Wadud: Qur'an and Woman (as Béarla, New York/Oxford: OUP, 1999) agus Abdulladh Saeed: Interpreting the Qur'an (as Béarla, London: Routledge, 2006).

Bíonn meas agam ar na bunusachaí mar daoine - Moslamaigh is Críostaí araon, cinnte. Ach níl aon chuid den ceart acu ar chor ar bith agus iad smacht is eagla a choinneáil ar daoine eile - uaireanta ar pobail iomlana - agus sin 'in ainm Dé', an Dé Abrahamach. Ní ceartas ní grá, ní lúcháir ach oiread ina cuid cainte. Cuireann siad, mar shampla, eagla ifrinn ar daoine cé nach bhfuil ann ach tróp cainte chun áiteamh ar na éisteoirí a iompair iad féin mar is ceart.

In áit a léargais diamaslach faoinár scríbhinní naofa, seo anseo, mar shampla, an spéacla ónár gcultúr tríd is féidir linn Dia grámhar, gnéasach, lúcháireach a fheiceáil mar a mbíonn (sé nó sí nó an dá chuid le chéile), agus a bhriathar a thuiscint mar is ceart!



Slán go fóillín!

; D xxx........................................xxxxxx.......................................................x........................X

No comments:

Post a Comment