Is córas an-lochtach é an paitriarchas; ach níl sé a rá gurbh ciontacha faoi, iad ní d'athair ná m'athair féin ar chor ar bith! Cinnte do bhí lochta ag m'athair mar go mbíonn lochta agam mar a gcéanna, nach níos mó nó níos lú. Mar sin féin dlítear díom an oiread sin dó, mo bheatha féin is an fhéiniúlacht Learphollach-Éireannach atá agam.........
James Ravey is ainm dó....'is'? Bhuel, '
tá' - toisc bíonn sé ina bheatha fós i bParthas na ngrást! Is 'Jim' an leasainm dó.....Do rugadh sé i Learpholl an séú lá den mí na Nollag, 1909. Ann (Kennedy) ar a mháthair is John Ravey ar a h-athair. Jack a bhí ar a dhearthair, is Annie ar a dheirfiúr. Bhí siad ina gcónaí i teach beag lochtánach. 40 Dane Street......i teach mar é seo,
Bhí John Ravey ag obair ar na dugannaí....Ach básaíodh John i nDeireadh Fhomhair 1910 i dtimpiste ar an cé; níor cuimhne ar bith air ag Jim; ach cinnte gurb rian na tragóide é a rith go deo trid a shaoil. Bhí cuimhne air conas ní raibh cúiteamh ar bith ón comhlacht a raibh freagrach as sábháilteacht ar na duganna. Gan ioncam ar bith, bhí strus uafásach ar an baintreach Annie, mo seanmháthair. Diultaigh an tiarna talún tiontacht an tí, 40 Dane Street, a n-aistriú dí.....
Ach bhí athair a céile ina chónaí i 15 Dane Street leis teaglach a mhic James. Mike Ravey a b'ainm air; oibrí neamhoilte a bhí sé; agus rinne sé aistriú as uimhir a 15 chun freagrachta don tiontacht uimhir a 40 a ghlacadh chun an díshealbhaithe a dhiúltú. Fear agóideach a bhí ann; is bhí 'Irish Mike' é an leasainm air sa ceantar! Ba Michael Ravey é an ainm ar a sheanathair féin a raibh aon de na sínitheoirí san achainí trocaire do William Smith Ó Brian san Oirdheisceart Uladh i 1848....Is an-bhrodúil atáimse agus an ainm ceanna orm féin!
Ar thaobh a hathara, bhí dhá uncail ag Jim agus aon aintín amháin: James, Felix is Norah a bhí orthu. Bhí Felix is Norah ina gcónaí i 40 Dane Street tar éis báis a dearthár, mo sheanathara John. Ach i 1916, do básaíodh James i Flanders - leascheanaire a bhí sé sa cathlán Learphollach-Éireannach, sa 'King's Regiment......Seo grianghraf scata den cathlán, Aibreán 1916, seacht mí roimh a bhás, 15 lá mí na Nollag 1916.... B'fhéidir go bhfuil James an fear leis na dhá straidhpeannna ar a mhuincille.......
Bhí Felix ina stócálaí ar HMS Invincible a ndeachaigh go tóin sa bliain céanna ag an muirchath in aice le Jutland. Seo an nóiméad a phléascadh é......an nóiméad báis do Fhelix Ravey, Meitheamh 1916.......
.......agus fuair Norah Ravey bás i mí na Nollag 1916; bhí sí 23 bliana d'aois.....
Ba buan é an tionchar doshamhlaithe tar éis na básanna sin ar an teaglach Ravey, m'athair ina measc, agus é ainmith as a hUncail. James....Níor raibh Jim ach sé mbliana d'aos - an séú lá mí na Nollag 1916 - sean go leor chun an bróin doshamhlaithe a bhraith. Bhí rian uaigneach ann ar fud a shaoil......
Posadh Jim le Síle Nic Craith i 1936. B'ina caitliceach a bhí sí; ach togadh Jim ina 'neamh-caitliceach'. San am sin i Learpholl bhí mar a gcéanna na téarmaí 'caitliceach' is 'éireannach'; ach ba léir dom nach measadh féiniúlacht ag Jim - go raibh a muintir féin ina Éireannaigh-Learphollacha - toisc nach raibh a mhuintir ina 'chaitlicigh'. Mar sin féin, t'fhios agam anois go raibh an-láidir é an ceangal idir Jim agus a sinsir.
Agus do bhí sé - mar go raibh a dheartháir Jack Ravey - ina shoisialaí go smior - rud éigin a chur cuma amhrasach do muintir Mac Craith. Níor maith leo go mór an fear óg seo agóideach, iompaitheach, ó cúlra 'neamh-chaitliceach....D'ainneoin gurb ina hoibrí é Michael McGrath mo seanathair máthara (a thuismitheoirí as Port Lairge), bhí uaillmhianach a mhuintir, agus muintir Breatnach ('Walsh', as Ceatharlach) mar a gcéanna. Agus b'an-láidir é an tionchar orainn, na garchlanna, agu sinn inár n-óige, chun gairmeacha meánaicmeacha a fháil.
D'éirgh le Jim sa scrúdú iontrála don Liverpool Collegiate School i 1920.....
agus d'éirgh sé leis an scrúdú 'School Certificate' i 1925,an bliain ar fhágáil na scoile dó.Tá cóipeanna agam desna teastais a bhain Jim i rith a laethanta scoile......
Thosaigh sé a bheith ag obair i monarchan, sa saotharlann. Teicneolaí in ábhar rubair a bhí sé, le comhlacht Dunlops i Learpholl, áit inar bhuail se le Síle agus í ina cléireach san oifig pánna.
Níor dhearmad Jim riamh go raibh sé ina hoibrí, go raibh a mháthair Annie ina bean glantacháin, agus go raibh i condae an Dún a bhí fréamacha a mhuintire athara. Fuair Michael Ravey bás i 1929. Ach is doigh lioma nach raibh meas ar bith ar Jim, nó tuiscint air ag muintir MacCraith - rud a chothaigh teannas ó am go ham idir Jim is Síle....Ach is beag an tabhacht é anois.....is i bParthas atá siad go léir, agus tuiscint iomlán acu ar a chéile, is meas cinnte, ar Jim Ravey!
Chun a bhreithlae a mharcáil, tugaim amhrán dó faoi aon dena laochanna ar meas mór ag Jim air, Charles Edward Stuart, Bonnie Prince Charlie!........Cupla lá tar éis a bhás ghlacamar pacaiste ina bhfuil bhí cnúasach ceirniní,
Teach Yourself Irish orthu. Is léir gur ordaigh sé iad go direach roimh a bhás. Ní gá aige le ceirniní faoin Gaeilige inniu - bíonn an líofacht as anois is go deo!!!
Breithlá faoi shonas duitse, a Jim - 's tú mo laoch!
....is duitse, a léachtóir, a chara, slán go fóillín!
; D xxxx........................................................x...............................................xxxx................X