fís:
téacs is ceol:
Scríobh mé teachtaireacht do Raidió na Gaeltachta cupla seachtain ó shin. Bhí mé ag gearán leo faoin mí-usáid leadránach den friotal: 'le cunamh Dé'..... Tá roinnt maith den iristheoirí ann a deireann an frása seo in achan tagairt a déanann siad don todhcaí: ' Beidh me libhse amárach, le cunamh Dé'..... Beidh an aimsir níos fearr an seachtain seo chugainn, le cunamh Dé'....'Tá súil agam go n'éireoidh tú sa comortas'....freagra: 'Le cunamh Dé'...... agus leis na h-imaitheoirí eile?...go clisfidh sé orthu, le cunamh Dé?.......
Mar a nduirt an imreoir leadoige mór le rá fadó: 'ní féidir leat a bheith dáiríre faoi!'......
Cad a bhfuil siad, na iristheoirí sin ag macnamh faoin Dia seo?......go mbíonn sé ina leith agus i gcoinne na daoine eile?... go bhfuil sé inár bpáirt agus sinn ar saoire ar an cladach, ach i gcoinne na feirmeoirí agus iad ag tnúth le fearthainn in aimsir triomaigh?.......go mbíonn sé i leith na creidmhigh 'Criostaí' - i leith George W Bush, sé bliain ó shin, mar shampla - ach i gcoinne na creidmigh 'Musalamaigh' - i gcoinne Osama Bin Laden, cé go raibh siad ina 'gaiscigh' i 'cogadh naomh', an beirt acu!.....
Seafóideach ar fad!......Níl ach pleann amháin ag an Dia Abraham: chun an ceartais is an ghrá a bhuanadh sa saol seo.....sa saol truaillithe atá fós faoi réim paitriarcach.....faoi réim na h-uasalaithracha - 'uasal' más fíor é!
Níl cunamh ar bíth ó Dia ach aon aidhm amháin aige - chun an tionscnaimh seo a chur chun cinn.......
De bhrí sin: ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as!
Is ná déan dearmad go leag sé prionsaí óna gcathaoireacha agus d'ardaigh sé daoine isle......
Ní cabhair ar bith a tabhairfidh sé duinn gan sin a chur i gníomh. Más inár Criostaí sinne, níl gá againn leis, ach aon ghuí amháin a dhéanamh: go ndéantar do thoil ........
Cuireann na paitriarcaí an firinne seo as ríocht chun a gcumhachta féin a choimeád. Mar shampla, do leag siad rialcha ar droim na gnáthdhaoine faoin sabóid na Giúdaigh, faoin 'Lá Domhnaigh' ag na Críostaí, faoina hurnaithe De Aoine sa mosc dosna Moslamaigh.....Cen fáth?.....In 'ainm Dé, mar a deirtear?....Ní hea ar chor ar bíth!...... ach chun a dtionchair paitriarcach agus a cumhachta féin a choimeád ar an cosmhuintir!.....
Do bhí ina 'h-aithne' réabhlóideach é, an aithne faoi aon lá sa seachtain ina árbh fhéidir leis an cosmhuintir a scith a ligean. Níl sé chun an cosmhuitire a chur faoin smacht cléiriúil - in áit dá choimeád faoi smacht na saoistí ag an Faró, agus sin, go diamhaslach, 'in ainm Dé'! Ní raibh an aithne seo ach an céad céim i dtreo na réabhlóide chun na cosmhuintire a fhuascailt ón ansmacht paitriarcach - ón ansmacht cléiriúil ina measc......
....an céad céim: agus sin ina chéim éabhlóideach, réabhlóideach, sóisialta....Ná ndéarfaimid 'le cunamh Dé' níos mó tar éis achan abairt! 'S dóigh liom go mbíonn chiall ann go mbeadh amhras ar an cainteoir fá 'thoil' réabhlóideach a mbíonn ag Dia, nó faoina chumhacht a phlean a chur chun cinn ....
.....ná bígí imníoch faoin lá amárach; beidh an lá amárach imníoch faoi féin....Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhiréantacht a lorg ar dtús.....
Bímís lánmuineach faoin réabhlóid Abrahamach is luchaireacha i gcónaí faoi!
Slán go fóillín....
; D xxx...................................................................................................................X..........xx
No comments:
Post a Comment