Sunday 13 October 2013

radharc trí cheobhrán cheilteach......

Tá níos mó daoine a bhfuil bhféiniúlacht éireannach acu 'thar lear' ná go bhfuil ina chónaí in Éirinn. Mar gheall ar an idirlíon, tá níos mó daoine a bhfuil Gaelige acu trasna an domhain ná riamh i rith stair ár gcultúir. Mar sin féin is doigh liom gur meon cung oileánach é ina croí ag an bhféiniúlacht sin fós....'s doigh gur.níos tabhachtach é fréamhaca ár muintire a fháil i bhfearann áirithe ar an oileán ná an Gaelige a chothú san áit a bhfuilimid inár gcónaí an lá inniu........gan trácht ar ceartas daonna trasna an domhain is sinn faoi náire mar phobal mar gheall ar an anghrá - ina chroí eabhlóide daonna......

Cuirim 'éireannachas' ar an meon sin.....

Ach níl sé agam an mothúcán seo ón naou aois deag!.....


And if there is going to be a life hereafter
And faith, somehow I'm sure there's going to be
I will ask my God to let me make my heaven
In that dear land across the Irish sea.
I will ask my God to let me make my heaven
In my dear land across the Irish sea.


Mar a raibh clainne Mhíle ina h-imircigh in Éireann fadó, mar a chéanna cuirimidne - sinne inár imircigh in áiteanna eile - ár bhfréamhaca sna áiteanna sin. Éireannaigh b'fhéidir; oileánaigh - níl ar chor ar bíth! Is anseo atáimse sa bhaile....go dtí anois ar a laghad!.....Ach mar a léitear: nil cathair buanmharthanch againn anseo; is amhlaidh atáimid ag tnúth le cathair atá le teacht.....Cinnte!...Dá bhrí sin, 's doigh liom nach bhfuil san 'Éirennachas oileánach' ach bolscaireacht chun gnóithe turasóireachta a chothú ann.

Is cur isteach é lenár aigne a mhearú ón dualgais níos tabhachta - ó ceratas daonna is ón anghrá....

.De réir Íosa ó Nazareth bhí radharc ro-chúng faoi dá thaobh den bhféiniúlacht Abrahamach ag na taoisigh na creidmigh Abrahámacha i cuige Iúdaea; bhí - is bíonn fós - meon ag Íosa i gcoinne achan teorainn le ceartas nó leis anghrá....Bíonn bac don éabhlóid daonna aon teorainn ann....agus bac don anghrá freisin....

Ni féidir liom dearmad a dhéanamh gurbh díshealbhuithe iad mo shinsír. Sea, do díshealbheadh siad leis tiarna talún; ach b'iad Éireannaigh na daoine a bhfuair athsheilbh ann ina dhiaidh. B'Éireannaigh na daoine a raibh ro-náire orthu le cuimneachain a cur ar uaigheanna na boicht a bhfuair bás den ocras....


                                

.......mar a duirt Íosa áit éigin eile:

Is mairg daoibh ...bréagcráifeacha, mar go dtógann sibh uaigheanna na bhfáithe agus go maision sibh tuamaí na bhfirean, ag rá: 'Dá mbeimisne suas ár n-aithreacha, ní bheadh aon pháirt againn leo i bhfuil na bhfáithe a dhoirteadh.....


Is an-tabhactach é ár bhféiniulacht a chothú is ár dteanga a ath-shealbhú. Mar sin féin is mícheart é, amach is amach, an oileán a adhradh! In ionad an adhradh sin a dhéanamh, cothaimis an ceartas daonna is an anghrá  - le chéile is tríd an Gaelige. Cuimhnoimis ár stair mar phobal on bhfréamh céanna - de réir traidisiún Abrahámach sa Bíobla, san soiscéal is sa Qur'án. Ach cuimhnoimis é chun ár liaga lómhara a chur ar an carn daonna i gcoitinne.....

Mar focal scóir seo inniu (lá scamallach, gruam, fuar anseo!) fiseán ina céiliúrtear féiniúlacht Gaelige......i gCanada......i measc Gaelgeoiri as fréamh Albanach.....Bainigí spreagadh as chun ár bhféiniúlacht a céiliúradh le cheile agus an fuinneamh a phreabann as a roinnt leis ár comharsana.....



Slán go fóillín!



; D xxx

No comments:

Post a Comment