Monday, 26 January 2015

na Éireannaigh Learphollacha is an cosmhuintir Gréagach......

.....bíonn an baothghalantacht ag fas fós i Learpholl is trasna an contae a bhfuil 'Merseyside' air......

                                       

Tá ceithre buirgí ann ar taobh tuaisceart den abhainn Mersey: Liverpool, Sefton. Knowsley, is St Helens agus aon buirg amháin ar an taobh deisceart. Ach ni raibh contae ar bith a raibh 'Merseyside' air roimh 1974; ní raibh ach Learpholl, agus é suite sa contae Lancashire ar an taobh tuaisceartach den abhainn. Ba sa contae 'Cheshire' é 'The Wirral'.....

Tá blás ar leith fós ar ár cuid cainte i Learpholl agus dímheas mór air sa meon baothghalanta ag Béarlóirí i gcoitinne i Sasana. Is mo bharúil mheasta é gur i meon cinionachais, frith-Éireannach - ach ainbhiosach - a mbíonn an dímheas sin suite. Mar ba mar seo a labhair siad as Béarla, na 'Clainne an Gorta Mór' i Learpholl, agus an Ghaeilge duchais caillte acu.

I 1974, agus mé ag obair imo shéiplíneach i meánscoil i Kirkby, anseo i buirg Knowsley, mhúin mé na daltaí ina gasraí beaga agus iad cúrsaí creidimh a leanúint. Ag an am sin - is san am faoi láthair fós - ba ina chuid lánlárnach desna cúrsaí sin é féiniúlacht a chothúi measc na daltaí agus i measc an phobail i gcoitinne. Fiú gur chaill muid ár stair féin - na nascanna eadrainn, idir ár sinsir Gaeil agus sinn inár gclainne an Gorta Mór - mar sin féin braithimid an dímheas ina cruthú dearfach gur ina eachtrannaigh sinne inár dtír féin.....

                         
The Clarence Dock Gates,  'fáilte' go Learpholl roimh 300,000 clainne an Gorta Mór, 1845-52.


Chuir mé léarscáil Merseyside ar an mballa sa seomra scoile agus d'fhiafraigh mé na ceantair a raibh aithne ag na daltaí orthu. Bhí muintir ag formhór na daltaí ina gcónaí fós sna ceantair cóngaracha do Vauxhall sna áiteanna ina chuir na Clainne an Gorta Mór i dtír céad mbliana roimhe. Bhí aithne acu freisin ar 'easáit tithíochta' mar Norris Green - ina rugadh mé ann - agus Speke i ndeisceart Learpholl - eastáit ina raibh an cultúr/slí bheatha ag formhór na daoine 'scouse', sin é, i cultúr munlaithe go millteanach leis Clainne an Gorta Mór..........

I codarsanacht le sin. níor thug siad cuairt riamh ar ceantair galánta mar Mossley Hill, Crosby. nó The Wirral.......

                                Mossley Hill

                
                      Norris Green



                                                 

                                                          Tower Hill, Kirkby

Sna nóchadí, agus mé ag obair sna cúirteanna coiriúla, bhí mé páirteach in oifig leis oibrí soisialta eile a raibh a dheirfiúr ina cónaí i Mossley Hill. D'inis sé dom go raibh gearán buan ag a dheirfiúr go raibh athrú uafásach ar an tsochaí ann ón méadú ina céadatán desna 'Caitlicigh' ina cónaí ann le blianta beaga - is ina luathscríbinni é 'Caitlicigh' go minic anseo do Éireannaigh-Learphollaigh den aicme is isle.......'Croppies lie down!', b'fhéidir?......

Ach cén fáth a roinnim é libhse an mhaidin fuar grianmhar i Learpholl?.......Bíonn fearg orm.....sea, 'bíonn' ná 'tá'......toisc go mbíonn fearg orm fá dtaobh de, na bliana ar fad......fearg faoi an dímheas caite ar Éireannaigh-Learphollaigh leis na Sasanaigh i gcoitinne,.....ach ar buile go háirithe leis an lucht baothghalanta a raibh fréamhacha a muintire i Merseyside ach go bhfuil náire orthu fá dtaobh de. 'S romhinic a bhfuil an dara dream acu ag magadh faoin doigh a labhraíonn a muintir féin....

Ach, sa Ghréig inne - 25 lá d'Eanáir 2015 - ba réabhlóid polaitiúil é a tharla ansin.....ina réabhlíod leis an cosmhuintir i gcoinne an licht na ndaoine mór-le-rá san aontas Eorpach. Tá a dotháin gairge fulaingte leo, gairge ó lucht rachmais, ón maorlathas sotalach i mBeirlín, is ón lucht baothghalanta freisin.....

          

Is céim ar aghaidh suntasach é an réabhlóid polaitiúil sin, cinnte. Ach ní leor sin!.....Bíonn gá leis anseo, ar bhruacha an abhann Na Mersey.......Agus 's práinneach é an gá......




Slán go fóillín....

; D xxxx........................................x..............xx..............xxx...............xxxxx.............................................X

('s féidir leat mé a leanúint ar 'Twitter' @AnRiabhach, agus ar Facebook, 'Mike Ravey')

Tuesday, 6 January 2015

An Tréigean Mór

Níor scríobh mé bláganna ar bith leis an coicis seo caite. Bhí mé báite faoi tuille na rudaí a raibh orainn a dhéanamh chun ullmhucháin mar is ceart roimh Nollaig is chun fáilte a chur roimh aíonna.....maisiuchán tí,...féiríní a chornadh i páipéir....cartaí Nollag a sheoladh.....an siopadóireacht a chríochnú roimh 'deireadh an tsaóil' - de réir dealraimh!......

Cén fáth an fuadar imníoch seo?......

Chun breithlae 'mhic Dé' a céiliúradh, mar a deirtear leis an maorlathas cléiriúl Críostaí?.....Ní hea ar chor ar bith!...

Maith go leor, ach cén fáth mar sin de?.....




.........sin an fáth!.......


                                        

......agus:

                                        
....nó:

                                        

.........ach ní tagairt ar bith ann do 'mhac Dé'.....

Is Constantín, é an boc mór thuas, ba ina h-impire Rómhánach é go luath san ceathrú aois RC (Ré Chríostaí) ar chur dath 'Críostaí' ('natalis'/nollaig/'breithlá Críosta') ar féile Grianstad Geimhridh, féile 'pagánach' ('solis invicta'/ grian dochloíte) a raibh meas mór air i saol na cosmhuitire - mar a mbíonn sé fós.....'dath Críostaí'?...mmmmm.....Bhuel, rugadh Íosa as Nazareth sa fhomahir de réir dealraimh mar a mhinigh mé i mbláganna eile. Ba bréagach é amach is amach an tógra impiriúil sin!...

Ach bhí tógra idé-eolaíoch ag Constantín. Ba mhian leis Íosa a h-aistriú ó réabhlóidí Abrahamach - mar a mbíonn sé sna scríbhinní soiscéalach - agus dá chur i bParthas, leis na 'déithe' Rómhánacha, as bealach cumhachta impiriúil. Thug Constantín tacaíocht don dhiagacht an-chasta, nua-phlatónach ina phléíodh gur ina Dhia, ina bhall de Diacht trí-aonta. De réir sin ní cuirfeadh Íosa isteach sa chóras impiriúil ach amháin ag 'deireadh ama', sna cianta cairbreacha ó shin!

Ba é sin An Tréigean Mór, ina fhrithréabhlóid paitriarchach, a mbíonn an tionchar aige fós ar achan 'eaglais Críostaí', pé acu 'caitliceach', 'ceartcreidmheach', 'protastúnach', nó 'soiscéalach'. Agus a mbíonn an meon seo - 'measa-ar-an-boc-mór' - linne fós, go háirithe sa chóras ǧāhiliyyah/jāhilīyah    'جاهلية a bhfuil orainn ár ndícheall a dhéanamh á scríos.....

Ghlac mé cupla leabhar an seachtaine seo caite ón Club Leabhair Coiscéim Feirste, cóip den Paidir do Béal Feirste le Máirtín Ó Muilleoir ina measc. 'S cuntas an-shuimiúil é, is fiú á cheannach. 'S ina fhear speagúil, dearfach, macánta é Máirtín. Tá fócas ar polaisithe frith-sheicteach sa leabhar is ar conas a bhí Máitín páirteach is an-ghiníomhach ann agus é ina hard-mhéara 2013-2014.


Ach ar deireadh an scéal - agus ba é an tosaíocht ag Máirtín i rith a théarma mar ard-mhéara - is an cosmhuintir é a mbíonn ina laochra na cathrach, na tíre, an phobail is ná na boic móra.....na paitriarcaí, na pápaí, na impirí, an cléir, na maorlathaithe.....Níl siad ach ina giollaí ar an cosmhuintir.....


.......agus an dea-rún atá agam chun fáilte a chur don Ath-bhliain....

.......a leanúint leis mo thocailt féin ar do shon, a leitheoir.....

Ath-bhliain faoi shonas duitse!

; D xxx.....................................xxxxxx............................................................................x


Tuesday, 23 December 2014

Nollaig iontach fai mhaise duitse!

Níor scríobh mé bláganna an coicis seo caite, faraor! Bhí mé an-ghnóthach agus mise ag maisiú an tí - ag péinteáil na ballaí is mar sin de - chun fáilte a chur roimh cupla aoi a bhfanóidh linn cupla lá i rith na féile.....

Ar aon nós, seo anseo sinn, tusa is mise, cupla lá roimh Nollaig. Dá bhrí sin, ba mhaith liom beannachtaí Nollag a sheoladh duitse......agus sin d'ainneoin gur dóichí é go raibh san Fhomhair ar rugadh Iosa as Nazareth!......

Do bhí clár Nollag de Cruinneog an Sathairn seo caite (Raidió na Gaeiltachta) ina raibh agallamh idir Cearbhall Ó Síocháin (é ina léiritheoir an cláir) is mise. Seo anseo podchraoladh den clár ina hiomlán.......

 http://www.rte.ie/rnag/cruinneog/podcasts/ ........





Oiche chiuin, oiche Mhic De,
Cach 'na suan dis araon.
Dis is dilse 'faire le speis
Naion beag, leanbh ceansa 'gus caomh.
Criost, 'na chodladh go samh.
Criost, 'na chodladh go samh.
Oiche chiuin, oiche Mhic De,
Aoiri ar dtus chuala 'n sceal.
Alleluia aingeal ag glaoch.
Cantain suairc i ngar is i gcein.
Criost an Slanaitheoir Fein.
Criost an Slanaitheoir Fein.
[Translation]
Silent night, night of God's son,
Everyone is asleep, the pair together.
The most faithful pair, watching with hope
A little baby, a mild and gentle child.
Christ, calmly asleep.
Christ, calmly asleep.
Silent night, night of God's son,
Shepherds were first to hear the tale.
The angels crying out Alleluia.
Lovely chanting near and far.
Christ, the saviour himself.
Christ, the saviour himself.

xxxxxxxxxxxx

Wednesday, 10 December 2014

Jim Ravey - breithlá faoi shonas duitse!

Is córas an-lochtach é an paitriarchas; ach níl sé a rá gurbh ciontacha faoi, iad ní d'athair ná m'athair féin ar chor ar bith! Cinnte do bhí lochta ag m'athair mar go mbíonn lochta agam mar a gcéanna, nach níos mó nó níos lú. Mar sin féin dlítear díom an oiread sin dó, mo bheatha féin is an fhéiniúlacht Learphollach-Éireannach atá agam.........

James Ravey is ainm dó....'is'? Bhuel, '' - toisc bíonn sé ina bheatha fós i bParthas na ngrást! Is 'Jim' an leasainm dó.....Do rugadh sé i Learpholl an séú lá den mí na Nollag, 1909. Ann (Kennedy) ar a mháthair is John Ravey ar a h-athair. Jack a bhí ar a dhearthair, is Annie ar a dheirfiúr. Bhí siad ina gcónaí i teach beag lochtánach. 40 Dane Street......i teach mar é seo,

                                                   

Bhí John Ravey ag obair ar na dugannaí....Ach básaíodh John i nDeireadh Fhomhair 1910 i dtimpiste ar an cé; níor cuimhne ar bith air ag Jim; ach cinnte gurb rian na tragóide é a rith go deo trid a shaoil. Bhí cuimhne air conas ní raibh cúiteamh ar bith ón comhlacht a raibh freagrach as sábháilteacht ar na duganna. Gan ioncam ar bith, bhí strus uafásach ar an baintreach Annie, mo seanmháthair. Diultaigh an tiarna talún tiontacht an tí, 40 Dane Street,  a n-aistriú dí.....

Ach bhí athair a céile ina chónaí i 15 Dane Street leis teaglach a mhic James. Mike Ravey a b'ainm air; oibrí neamhoilte a bhí sé; agus rinne sé aistriú as uimhir a 15 chun freagrachta don tiontacht uimhir a 40 a ghlacadh chun an díshealbhaithe a dhiúltú. Fear agóideach a bhí ann; is bhí 'Irish Mike' é an leasainm air sa ceantar! Ba Michael Ravey é an ainm ar a sheanathair féin a raibh aon de na sínitheoirí san achainí trocaire do William Smith Ó Brian san Oirdheisceart Uladh i 1848....Is an-bhrodúil atáimse agus an ainm ceanna orm féin!

Ar thaobh a hathara, bhí dhá uncail ag Jim agus aon aintín amháin: James, Felix is Norah a bhí orthu. Bhí Felix is Norah ina gcónaí i 40 Dane Street tar éis báis a dearthár, mo sheanathara John. Ach i 1916, do básaíodh James i Flanders - leascheanaire a bhí sé sa cathlán Learphollach-Éireannach, sa 'King's Regiment......Seo grianghraf scata den cathlán, Aibreán 1916, seacht mí roimh a bhás, 15 lá mí na Nollag 1916.... B'fhéidir go bhfuil James an fear leis na dhá straidhpeannna ar a mhuincille.......



Bhí Felix ina stócálaí ar HMS Invincible a ndeachaigh go tóin sa bliain céanna ag an muirchath in aice le Jutland. Seo an nóiméad a phléascadh é......an nóiméad báis do Fhelix Ravey, Meitheamh 1916.......



.......agus fuair Norah Ravey bás i mí na Nollag 1916; bhí sí 23 bliana d'aois.....

Ba buan é an tionchar doshamhlaithe tar éis na básanna sin ar an teaglach Ravey, m'athair ina measc, agus é ainmith as a hUncail. James....Níor raibh Jim ach sé mbliana d'aos - an séú lá mí na Nollag 1916 - sean go leor chun an bróin doshamhlaithe a bhraith.  Bhí rian uaigneach ann ar fud a shaoil......

Posadh Jim le Síle Nic Craith i 1936. B'ina caitliceach a bhí sí; ach togadh Jim ina 'neamh-caitliceach'. San am sin i Learpholl bhí mar a gcéanna na téarmaí 'caitliceach' is 'éireannach'; ach ba léir dom nach measadh féiniúlacht ag Jim - go raibh a muintir féin ina Éireannaigh-Learphollacha - toisc nach raibh a mhuintir ina 'chaitlicigh'. Mar sin féin, t'fhios agam anois go raibh an-láidir é an ceangal idir Jim agus a sinsir.

                                              

Agus do bhí sé - mar go raibh a dheartháir Jack Ravey - ina shoisialaí go smior - rud éigin a chur cuma amhrasach do muintir Mac Craith. Níor maith leo go mór an fear óg seo agóideach, iompaitheach, ó cúlra 'neamh-chaitliceach....D'ainneoin gurb ina hoibrí é Michael McGrath  mo seanathair máthara (a thuismitheoirí as Port Lairge), bhí uaillmhianach a mhuintir, agus muintir Breatnach ('Walsh', as Ceatharlach) mar a gcéanna. Agus b'an-láidir é an tionchar orainn, na garchlanna, agu sinn inár n-óige, chun gairmeacha meánaicmeacha a fháil.

D'éirgh le Jim sa scrúdú iontrála don Liverpool Collegiate School i 1920.....

 

agus d'éirgh sé leis an scrúdú 'School Certificate' i 1925,an bliain ar fhágáil na scoile dó.Tá cóipeanna agam desna teastais a bhain Jim i rith a laethanta scoile......

Thosaigh sé a bheith ag obair i monarchan, sa saotharlann. Teicneolaí in ábhar rubair a bhí sé, le comhlacht Dunlops i Learpholl, áit inar bhuail se le Síle agus í ina cléireach san oifig pánna.

                           

Níor dhearmad Jim riamh go raibh sé ina hoibrí, go raibh a mháthair Annie ina bean glantacháin, agus go raibh i condae an Dún a bhí fréamacha a mhuintire athara. Fuair Michael Ravey bás i 1929. Ach is doigh lioma nach raibh meas ar bith ar Jim, nó tuiscint air ag muintir MacCraith - rud a chothaigh teannas ó am go ham idir Jim is Síle....Ach is beag an tabhacht é anois.....is i bParthas atá siad go léir, agus tuiscint iomlán acu ar a chéile, is meas cinnte, ar Jim Ravey!

Chun a bhreithlae a mharcáil, tugaim amhrán dó faoi aon dena laochanna ar meas mór ag Jim air, Charles Edward Stuart, Bonnie Prince Charlie!........Cupla lá tar éis a bhás ghlacamar pacaiste ina bhfuil bhí cnúasach ceirniní, Teach Yourself Irish  orthu. Is léir gur ordaigh sé iad go direach roimh a bhás. Ní gá aige le ceirniní faoin Gaeilige inniu - bíonn an líofacht as anois is go deo!!!

Breithlá faoi shonas duitse, a Jim - 's tú mo laoch!                                      




 ....is duitse, a léachtóir, a chara, slán go fóillín!


; D xxxx........................................................x...............................................xxxx................X

Saturday, 22 November 2014

scéalta cois teallaigh.....

Nollaig?......Aaaaaaargh!....beidh aíonna ag lóistín linn faoi Nollaig. Dá bhrí sin, tá orm seomra leabaidh a mhaisiúchán.....is mar sin ní scríobfaidh mé ach gearr-bhláganna as Gaeilge sna seachtainí seo chugainn.....

Ba doigh liom gur scríobhfainn trácht beag ar cupla scéal faoi Íosa as Nazareth....Nazareth ina baile Palaistineach, suite i cuige 'Galailí ag na págánaigh'..... Inniu faoin 'síol Dé'.....

's doigh liom gurbh mhaith le Íosa an samhlaoid faoin 'síol'....Pictúir tuaithe?....suaimhneach....simplí....

Mmmmmm.....b'fhéidir nach bhfuil.....

'Chuaigh an síoladóir amach ag cur a shíol. 

Agus sa síolchur dó, tyhit cuid de le hais an bhóthair agus gabhad de cosa ann, agus d'ith ealaith an air é.

Agus thit tuilleadh de ar an gcarraig, agus, ar theacht aníos dó, d'fheoigh, de bhrí nach úrmhaire aige.

Thit tuilleadh de i lár an deilgnigh, agus tháinig an deilgneach aníos in éineacht leis agus phluch é.

Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.'

Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: 'An té a bhfuil cluasa aige air chun éisteachta, éisteadh sé'......

Cén fáth a cuirtear an ráiteas deireanach sin leis an pictúir-i-bhfocail?.....

Is dushlánach a bhfuil sé: ina dhushlán do lucht cléiriúil, coimeádach sa Teampall i Iarúsaléim. Caitheann Dia an síol réabhlóideach, an síol frithphaitriarcach go fada is go fairsing, taobh thall den 'Tír Tairngre, trasna an domhain mór, agus dá chur in achan pobal, in achan cultúr atá ann....i measc na 'págánaigh'........mar i nGailil-ag-na-Págánaigh......toisc gur rud bunusach atá ann, sa samhlaoid faoin síol Dé. 'S rud bunusach é chun baill den ghluaiseacht réabhlóideach a mhisniú.

De réir Abraham, de réir, Íosa, de réir Muhammad, 's cinnte é an bua ar جاهلية ǧāhiliyyah/jāhilīyah. Is cinnte é an fomhair......ach 's cinnte freisin go meallfar mórán amach ón coimheascar i gcoinne  جاهلية ǧāhiliyyah/jāhilīyah.......Mar sin féin, 'ag Críost an fomhair.....

Sa leabhar soiscéalach iontach scríofa leis an phobal arbh Máire as Magdala i ceannaire air, léitear comhrá idir Íosa agus bean as Samaria. Tá ionadh ar a chairde go bhfuil sé ag caint le bean agus í in aonar. Ach, de réir dealramh, ba meas ag Íosa as Nazareth ar mna i gcoitinne, is ar mna as Galailí go háirithe - ar Máire as Magdala, mar shampla, is ina bean cróga í as 'Galailí ag na Págánaigh'.....B'an deisceabal í freisin an deisceabal ab ionúin ag Íosa . Is a tuairimí ar Íosa a scríobhtar sa soiscéal de réir 'Eoin'(féach alt as Béarla: ramon_k_jusino.tripod.com/magdalene.html ).

Más fior an taighde ag Ramon K Justino - 's creidim gurb údarásach é - 's léir gurbh an-thabhachtach é an comhrá idir Íosa is bean Samárach ('Eoin' 4:1-42). Ina dhiaidh gur imigh sí abhaile, duirt Íosa dá chairde:

Nach ndeir sibhse 'Ceithre mhí eile agus beidh an fomhar ann'?
Seo mise a rá libh:
Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt;
tá siad geal chun an fhómhair.
Tá a thuarastal á fháil ag na buanaí chean féin
agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí,
i dtreao go bhfuil lúcháir ar an síoladdóir
agus a mbuanaí in éineacht.
Óir is fíor an seanfhocal sa mhéid seo:
'Cuireann duine, baineannduine eile.'
Sheol mise sibhse uaim
chun fómhair a bhaint nár shaothraigh sibh féin.
Shaothraigh daoine eile é,
agus chuaigh sibhse isteach ina saothar.        

B'ionúin é an Gailil leis Íosa as Nazareth. B'ann ar thosaigh sé an réabhlóid Abrahamach i ndiaidh a h-aiséirí; is b'as ann freisin ar tháinig Máire an Magdaléanach......
                                                         
                                                        Radharc ar baile Magdal

Níl ach achar gearr é idir Nazareth is Magdala - 34Km/21 mílite...



                  

Ach, inniu, is san áit ina bhfuil tú ido chónaí.....anois......'S aimsir an fhomhair é.....aimsir chun na réabhlóide Abrahamach a chur chun cinn.....agus í ina réabhloid frith-phaitriarcach ina mbíonn cearta mna sa croílár aici......





......'ag Críost an fomhar'?......



's é seo an síol Dé!

Slán go fóillín!


: D xx.......................xxxxxx..............................................x.............................x......................................XX

Sunday, 9 November 2014

'Ciontach, faoi mar cúisítear tú.....

D'ainneoin mó Ghaeilge briste scríobhaim bláganna faoi diagacht as!.....

Cén fáth?.....

Bhuel ó am go ham, agus mé ag éisteacht leis an Aifreann craolaithe ar Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh, ní cloisim óna sagairt ach an diagacht leadránach impiriúil gan baint ar bith leis an diagacht sna scríbhinní soiscéalacha nó leis an saol an lae inniu ach oiread. 'S doigh liom - agus mé imo shagart fós go mbíonn dualgas orm iarracht a dhéanamh leis an bearna seo a líonadh, agus sin a dhéanamh as Gaeilge......

Agus seo thú ag léamh mo smaoinimh fánacha!.....Tá súil agam gurb usáideacha a bhfuil siad agus tú ag dul leis an réabhlóid Abrahamach a chur chun chinn san áit ina bhfuil tú ido chónaí. Beir bua ann!....

.....Ar aon chuma, leanaimis ar aghaidh!....

Is seift lárnach é sa diagacht impiriúil ár n-aird a dhíriú orainn féin agus ar ár lochtanna pearsanta is amach ón leatrom a mbíonn i croílár an córais paitriarcach. Mar gheall ar bású Íosa as Nazareth, lochtaíonn siad, uaireannta na 'Giúdaigh', uaireanta sinne - inár 'bpeacaigh'. Ach b'an córas impiriúil é féin a raibh ciontach leis. Agus chun teannta a chur leis, fiaraíonn na diagairí impiriúila ciall na scríbhinní faoi.....

Bhain Íosa úsáid as dánta sa leabhar leis Easaias chun mínithe a chur ar an páirt a rinne sé sa réabhlóid Abrahamach; tugtar 'amhrain leis an Searbhónta Fulangach' orthu. 'S féidir leat dá fháil i: Eas.:42:1-4, 49:1-6, 50:4-9, agus 52:13-53:12. Tá imleabhar cuimsitheach - ach acadúil - faoi, as Béarla: The Suffering Servant - Isaiah 53 in Jewish and Christian Sources, le Bern Janowski is Peter Stuhlmacher (Cambridge, Michigan: Erdmans, 2004).

                                                    

Níor scríobhadh na dánta mar teachtaireacht runda le Dia, faoi Íosa! Dá bhrí sin, ní ceart é dá léamh trí lionsa na diagachta impiriúil - diagacht diamhaslach de réir creidmigh Abrahamacha eile, Giudaigh, Críostaí Áirianacha, is Moslamaigh - gur Dia é Íosa de réir nádúir.....


Map showing Arain Kingdoms


Críostaí Áirianach?......

                                                


Ba faoi tionchar diagachta Áiris iad na ríochtaí Gotacha ó 330RC (Ré Críostaí) go 530RC; treimhse fada go leor nach ea? ....Do shealbhaigh na Gotaigh Róimh í féin i 496 RC.

Ach 's doigh nach raibh suim mór i diagacht leis Áris i measc na Gaeil nó i measc na Sasanaigh ach oiread. I ndeireadh an scéil, ba buntaiste polaitiúil fadtréimseach níos mó a fháil daoibh ón nasc diaga leis easpaig Róimhe ná leis na Gotaigh!.....Mar sin féin b'fhusa é an diagacht Áiriseach a thuiscint faoi Íosa as Nazareth ná an diagacht Nua-platónach impiriúil! Nílim Áireanach mise ar chor ar bith; ach an-thabhachtach imo thuairim é an béim a bhí acu ar Íosa ina dhuine mar a mbíonn tusa is mise.

Agus ina lua ar nasc idir é féin is an Searbhónta Fulangach, bhí Íosa ag miniú cén sort 'slánitheoir' a bhí sé. B'an 'céad-fhinné-trid-a-bhás-féin' é sa traidisiún Abrahamach a n-éireofaí ona mairbh! a nduirt sé. Dhearbhaigh sé go chuirfeadh sé i gníomh cad ar scríobh Easaias sna dánta aige. Agus do bhí sé cinnte go ghlacadh Dia leis an iobairt sin. Mar a scríobhtar sa leabhar soiscéalach le Máire as Magdala (Eoin 12:24):

Amen, Amen a deirim libh
an gráinne arbhair a thit sa talamh,
mura bhfaighean sé bás, fanann sé leis féin amháin.
Ach má fhigheann sé bás,
tugann sé mór uaidh....

amhn amhn legw umin 
ean mh o kokkoV tou sitou peswn eiV thn ghn
 apoqanh autoV monoV menei 
ean de apoqanh 
polun karpon ferei

.......agus ón am sin amach, i rith trí chéad bliain, thug mórán Críostaí fianaise i gcoinne  جاهلية  ǧāhiliyhyah/jāhilīyya /aineolas/aineolas ar comhairle ó Dia. Fianaise chun báis a ba an fianaise acu. Do bhí siad ina bhfinnéithe....ina شُهَدَاء šuhadā....ina mairtírigh, macasamhail leis Íosa, leis an Searbhónta Fulangach sna dánta ag Easaias. Agus do bhí dóchas an-láidir acu freisin go n-éireodis óna mairbh - go bheidis i bParthas ar an toirt.....

Ní raibh siad ar mire. Ní raibh Íosa ar mire - d'ainneoin na barúla ag a chairde go raibh.....,  Ní mbíonn na شُهَدَاء šuhadā/finnéithe/mairtírigh Ioslamaigh an lae inniu ar mire ach oiread - mar scríobhtear sna meáin cumarsáide san Iarthar....Nach bhfuil an intinní acu 'nite' le 'bolscaireacht antoisceach', mar nach raibh Íosa faoi tionchar bolscaireachta agus é ag dul suas chuig Iarúsaléim chun  a fhianaise a thabhairt i gcoinne an 'aineolas'/ جاهلية /jāhilīyya os comhair ceannairí na cléire is an gobhanóra impiriúil.......

Bhí Íosa ansin - is a mbíonn sé fós - i ngrá leis a chairde, leis an Dia, leis na boichte......is leis an réabhlóid Abrahamach..... Is ba mhaith leis an tine a lasadh - is ar mhaith leis fós:

Chun tine a chaitheamh ar an talamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin.....(Lucas 12:49)

pur hlqon balein eis thn ghn kai ti qelw ei hdh anhfqh..... 

......tine  an réabhlóid is tine an grá.....an anghrá...

Do bhí réabhlóid prólatáireach i bPáras a raibh Jean Baptiste Clément páirteach ann. 

                                           



Blianta in dhiaidh sin thionlaic sé an amhráin seo do bhanaltra básaithe le linn 'na Seachtaine Fuilteach' 1871 RC. Is mar a gcéanna an meon réabhlóideach é ag Íosa as Nazareth is ag achan réabhlóideach Abrahamach....mar go mbíonn agatsa....'s agamsa freisin!......




Quand nous chanterons le temps des cerises,
Et gai rossignol, et merle moqueur
Seront tous en fête !
Les belles auront la folie en tête
Et les amoureux du soleil au cœur !


Quand nous chanterons le temps des cerises
Sifflera bien mieux le merle moqueur !
Mais il est bien court, le temps des cerises
Où l'on s'en va deux cueillir en rêvant
Des pendants d'oreilles...
Cerises d'amour aux robes pareilles,
Tombant sous la feuille en gouttes de sang...
Mais il est bien court, le temps des cerises,
Pendants de corail qu'on cueille en rêvant !


Quand vous en serez au temps des cerises,
Si vous avez peur des chagrins d'amour,
Evitez les belles !
Moi qui ne crains pas les peines cruelles
Je ne vivrai pas sans souffrir un jour...


Quand vous en serez au temps des cerises
Vous aurez aussi des chagrins d'amour !
J'aimerai toujours le temps des cerises,
C'est de ce temps-là que je garde au cœur
Une plaie ouverte !
Et dame Fortune, en m'étant offerte
Ne saurait jamais calmer ma douleur...

J'aimerai toujours le temps des cerises
Et le souvenir que je garde au cœur !


Nuair a canfaimid sa tséasúr na silíní....

aistriúchán go Béarla ar líne.

Slán go fóillín

; D xxx...............................xx...................................................x................................................XXX